Áitiú i dtuarascáil faoi phá bainistíochta ‘ró-ard’ séanta ag Údarás na Gaeltachta

Deir Údarás na Gaeltachta go dtugann tuarascáil a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta le fios ‘go míchruinn’ nach raibh aon fhoireann nó buiséad le bainistiú ag bainisteoirí áirithe san eagraíocht Ghaeltachta

Áitiú i dtuarascáil faoi phá bainistíochta ‘ró-ard’ séanta ag Údarás na Gaeltachta

Tá séanta ag Údarás na Gaeltachta go raibh cúigear de lucht bainistíochta na heagraíochta ag saothrú níos mó ná €75,000 sa bhliain in ainneoin nach raibh aon bhall foirne eile ag tuairisciú dóibh agus nach raibh aon bhuiséad le bainistiú acu.

Tuairiscíodh ar The Sunday Times inné go dtugtar an méid sin le fios faoi fhoireann bainistíochta an Údaráis sa tuarascáil neamhspleách faoi struchtúr bainistíochta na heagraíochta fiontraíochta a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, bhí an tuarascáil sin, a rinne an comhlacht Public Affairs Ireland, ina cnámh spairne idir lucht bainistíochta agus lucht ceardchumainn na heagraíochta fiontraíochta.

D’aontaigh ardbhainistíocht an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta níos túisce i mbliana go gcuirfí moltaí na tuarascála sin i bhfeidhm “láithreach”, cur chuige, dar le lucht an cheardchumainn, nach raibh “ag luí leis na moltaí sin ná le spiorad na tuairisce”.

Tá na moltaí sin á gcur i bhfeidhm ag ardbhainistíocht an Údaráis de réir a chéile agus táthar ag súil go mbeidh “athchóiriú iomlán” déanta ar struchtúr bainistíochta na heagraíochta roimh dheireadh na bliana seo.

Deir an tÚdarás, áfach, go bhfuil an méid atá sa tuarascáil neamhspleách faoin gcúigear ball foirne míchruinn.

Tuairiscíodh inné go maítear sa tuarascáil neamhfhoilsithe nach raibh scála pá an chúigir, a bhí bunaithe ar an scála pá atá ag príomhoifigigh sa státseirbhís, ‘…appropriate for an organization the size of Údarás’.

Tuairiscíodh chomh maith go moltar sa tuarascáil go bhféachfaí ar chuid de na freagrachtaí bainistíochta san Údarás a aistriú go dtí bainisteoirí réigiúnacha. Ba chóir, a deirtear sa tuarascáil chomh maith, don eagraíocht díriú níos mó ar réimsí fiontraíochta nua a fhorbairt agus maítear nach bhfuil dóthain á déanamh chun tionscail na dtorthaí agus an tsliogéisc a fhorbairt.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le The Sunday Times nach raibh an méid atá sa tuarascáil faoi cheist thuarastal na mbainisteoirí cruinn.

“Is í tuairim láidir Údarás na Gaeltachta gur thug an tuarascáil le fios go míchruinn nach raibh aon fhoireann nó buiséad ag bainisteoirí áirithe.”

Thug an t-urlabhraí le fios go raibh cúraimí buiséid éagsúla ar na bainisteoirí, ag áireamh forbairt €5 milliún Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc agus tograí eile ar luach €4 milliún. Bhí fostaí buan amháin agus 15 fostaí ar chonradh ag tuairisciú do dhuine de na bainisteoirí, a dúradh, agus ní raibh duine eile den chúigear a bhí i gceist ar an scála pá céanna le príomhoifigeach státseirbhíse.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh ról ceannródaíoch le fada ag an eagraíocht i bhforbairt thionscal an tsliogéisc agus go mbaineann 35% de na poist a chruthaíonn an tÚdarás le tionscal an bhia agus acmhainní nádúrtha.

Rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta le linn na bliana 2015.

Ba í Roinn na Gaeltachta a d’fhostaigh an comhlacht Public Affairs Ireland leis an athbhreithniú a dhéanamh.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne go rabhthas sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an Údarás maidir le cur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála.

Deirtear sa tuarascáil neamhfhoilsithe gur cheart straitéis a fhorbairt don Údarás a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne.

Moltar sa tuarascáil struchtúr nua a thabhairt isteach a bheadh ag cur leis na dualgais is mó atá ar an eagraíocht sna réimsí ‘Fiontraíocht agus Fostaíocht’, ‘Pleanáil Teanga agus Forbairt Pobail’, agus ‘Rialachas Corparáideach’.

Luaitear i dtéarmaí tagartha na tuarascála na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag baill foirne le go bhféadfadh an tÚdarás a chuid cuspóirí a bhaint amach. Moltar iontu chomh maith go mbeadh cur síos beacht, cruinn ar phostanna sinsearacha agus iad á bhfógairt i dtreo is gur féidir iarratasóirí a mheas mar is ceart agus na daoine is fearr a fháil amach anseo.

Chosain an tuarascáil  €17,617, agus is é an dara ceann is costasaí de na tuarascálacha a choimisiúnaigh an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sa tréimhse ó 2011-16.

Tá ráite ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur cheart an tuarascáil a fhoilsiú agus gur “fíordhroch-chleachtas” a bhí ann tuarascálacha dá leithéid “a fhágáil caite thart sa Roinn agus gan aon deis ag daoine iad a scrúdú”.

Dúirt urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín i mí Lúnasa gur “díol suntais” é go raibh os cionn €85,000 sa bhliain de thuarastal á thuilleamh ag 12 fostaí de chuid Údarás na Gaeltachta agus go raibh ceathrar acu sin ag tuilleamh tuairim is €100,000 sa bhliain.

De réir figiúirí a fuair an Teachta Dála ón Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta, bhí 31 duine den 79 duine ar fhoireann an Údaráis ag saothrú níos mó ná €65,000 sa bhliain.

“Is mór an méid é seo, go háirithe má chuireann tú na ciorruithe ar fad ar bhuiséad an Údaráis le blianta beaga anuas san áireamh. Níor thug an Rialtas ach aon mhilliún amháin san iomlán i mbliana leis an Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm. Is deacair a chreidiúint go bhfuil breis is €1,135,000 á íoc ar thuarastail 12 duine,” a dúirt Tóibín.

Mar fhreagra ar an méid a bhí le rá ag Tóibín, dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta le Tuairisc.ie ag an am gur chuir an eagraíocht fáilte roimh an scéal go raibh aird á tarraingt ag an Teachta Dála “ar na ciorruithe suntasacha atá déanta ar bhuiséad caipitil an Údaráis le blianta anuas”.

Tá laghdú os cionn 73% tagtha ar bhuiséad caipitil na heagraíochta ó 2008, tráth a raibh 107 duine fostaithe ag an eagraíocht le hais an 79 duine atá ag obair faoi láthair ann.

Dúirt urlabhraí an Údaráis go raibh “fócas ar leith” ag an Údarás ar chruthú fostaíochta agus go raibh “iarrachtaí leanúnacha” ar bun ag an eagraíocht “le tuilleadh infheistíochta a aimsiú agus a mhealladh chun na Gaeltachta”.

Mhaígh an tÚdarás go bhfuil na spriocanna fostaíochta atá leagtha síos don Údarás ag Roinn na Gaeltachta á mbaint amach agus go bhfuil “an fhoireann ag obair go dícheallach agus go coinsiasach chuige seo”.

“Tharla glanmhéadú suntasach de 215 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis anuraidh, an glanmhéadú is airde ó bhí 2005 ann. Tá straitéis agus fís an Údaráis an-soiléir; forbairt eacnamaíochta, chultúrtha agus teanga na Gaeltachta a chur chun cinn ar mhaithe le muintir na Gaeltachta,” a dúirt an t-urlabhraí.