LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Na Euros ón gcúits

Ba dhóbair go ndeineamar an bheart ach thráigh an taoide orainn sa deireadh

Brady Giles Dunphy

‘Is minic a bádh long láimh le cuan.’ Seanfhocal go mbeadh na scoláirí Ardteiste buíoch de na laethanta seo agus cur síos beacht, léanmhar ar chluiche na hÉireann aréir. Ba dhóbair go ndeineamar an bheart. File caoch á dhéanamh den tSualainn ar feadh tuairim is uair an chloig ach thráigh an taoide orainn sa deireadh. 

Bhíothas ag fanacht ar an lá agus cluiche seo ó deineadh an tarrac sé mhí ó shin. Is maith an rud é go bhfuil uair na cinniúna tagtha ar deireadh. Tuaisceart Éireann i gCraobhchomórtas na hEorpa don chéad uair riamh, an Phoblacht ann don tríú babhta. A lucht tacaíochta lán dóchais agus cuileachta, murab ionann agus na Sasanaigh (agus na Rúisigh) atá ag tabhairt náire dóibh féin arís.  Caitheadh cur isteach ar phlé leath ama an BBC ar chluiche na hÉireann le teachtaireachtaí frith-aimhseoireachta ó Roy Hodgson agus Wayne Rooney a chraoladh.

Na hÉireannaigh ag baint súp as a dturas chun na Fraince; an radharc úd de na hÉireannaigh agus muintir na Sualainne ag canadh amhrán Abba imithe timpeall an idirlín ar luas lasrach. Amhrán na bhFiann roimh an gcluiche ag cur na gruaige ina colgsheasamh ar do cheann.

Dearadh éadach an réiteora ag cur cuma an tsagairt air agus a chuntas giolcaireachta féin tuillte ag an aoibh a bhí ar aghaidh Hendrick nuair a bhuail a iarracht siúd an trasnán.

An tír ar fad ag imeacht le craobhacha nuair a scóráil Holohan an báide iontach agus an-sheans gur fhliuch Eamon Dunphy é féin. An seat den leanbh cúpla mí d’aois ag ceiliúradh, mar dhea, ag baint gáire asainn. Níl aon teora leis an seanchat, áfach agus ba é Ibrahimović a thug an pas do chúl an chomhscóir.

Bhí comhrac an bhradáin i gcluiche Thuaisceart Éireann chomh maith. Fuair an Pholainn an fear maith sa deireadh orthu agus beidh sé an-deacair orthu anois an t-aicsean a dhéanamh. Is ait an feic agus an fhuaim é ‘God Save the Queen’ a chloisint roimh an gcluiche agus chuir Vincent Kompany, i measc go leor eile, a mhaide sa bhfeamainn faoin gceist ar na meáin shóisialta.

Deirtear linn go mbeidh tuairim is 100,000 duine as Éirinn sa Fhrainc do  na Euros ach bead féin im thrulabhait ar an gcúits ar feadh míosa le lán mo chuid súl a bhaint as an oiread den 51 cluiche agus is féidir. Éalófar ó chúraimí an tsaoil go hiomlán.

Raidhse roghanna féachana againn. RTÉ agus TV3 ag guailleáil a chéile anseo fad is atá ITV agus BBC á fhéachaint le chéile béal dorais. RTÉ rite le brothall ar fad le tráchtaireacht Ghaeilge, cabaireacht, ‘Après Match’ agus clár achoimre le Jacqui Hurley/Aidan Power. TV3 ag saothrú ar a dícheall ach ar chúis éigin ní bhfaighim aon bhlas ar a gcuid iarrachtaí. Na meáin Ghaeilge iad féin luite amach orthu féin. Thosaigh craoladh RnaG inné ag 4.10. Mícheál Mac Donnchadha ag láithriú ó Chasla, Hughie Rua Ó Gallchóir sna Doirí Beaga, Gearóidín Nic an Iomaire i mbun tráchtaireachta agus Áine Hennessy ag cur cainte ar an lucht tacaíochta. Tá Maolra Mac Donncha tar éis a sheolta a ardú do Nuacht TG4 agus bhí dhá thuairisc uaidh aréir. Deinim amach, ó Bharrscéalta ar RnaG agus tuairisc Mhaolra, nach bhfuil éinne fágtha i nGaeltacht Dhún na Gall seachas na deartháireacha McGee agus Odhrán Mac Niallais ag bhí ag imirt do Dhún na nGall ar an Domhnach.

Ba dhiail an deireadh seachtaine spóirt é. N’fhaca a leithéid lem chuimhne. Mar aon leis an sacar bhí gaiscí rugbaí san Afraic Theas, bua na mban i gCorn Curtis agus cluichí caide is iománaíochta. Caitheadh tús áite a thabhairt do bhua stairiúil Thiobraid Árann ar ‘The Sunday Game’ arú aréir. Ba é a gcéad bhua ar Chorcaigh ó 1944. Ba dheas mar a fuarthas Liam Kearns le dul ar an bhfón le dreas cainte a dhéanamh fén mbua agus a chéad gharpháiste.

Is ina thosach atáimid. Páipéar 2 inniu. Cluiche 2 ar Satharn.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Na Euros ón gcúits'

  • Breathnóir

    Bhí sé an-deas ar fad bheith ábalta éisteacht leis an tráchtaireacht Ghaeilge don chluiche inné. Ach sílim nár luaigh an láithreoir fiú gurbh fhéidir tráchtaireacht Ghaeilge a roghnú, agus níor luaigh sé ainm an tráchtaire ach an oiread. Bheadh sé múinte a ainm siúd a lua chomh maith le hainm na dtráchtairí Béarla, shílfeá.