Leanfaidh Kevin Myers air ag cur oilc ar ‘brainless Gaeilgeoir skinheads’

Deir an colúnaí conspóideach le Tuairisc.ie gan léamh ‘rólitriúl’ a dhéanamh ar a fhógra go bhfuil sé ‘in am aige a chlab a dhúnadh’ faoi cheist na Gaeilge

Screen Shot 2015-09-08 at 21.40.28
Kevin Myers: Pictiúr: Photocall Ireland

Níl sé i gceist ag an gcolúnaí conspóideach Kevin Myers fanacht ina thost feasta faoi chúrsaí Gaeilge, in ainneoin gur scríobh sé an tseachtain seo go raibh sé in am aige ‘a chlab a dhúnadh’ fad is a bhain sé le ceist na teanga.

Ag deireadh a ailt ar an Sunday Times an tseachtain seo, dúirt Myers go raibh blianta fada caite aige i mbun tráchtaireachta ar pholasaí teanga an Stáit agus gan aon sásamh aige dá bharra, agus thiar in eireaball a cholúin ar fad, d’fhógair sé, ‘It’s time I shut up’.

‘I’ve been writing about the futility of the state’s language-restoration programme almost my entire professional life, and the outcome has been threefold. One, vilification by brainless Gaeilgeoir skinheads, yawn. Two, the language is deader than ever. And three, the state money spent promoting this doomed language remorselessly rises. It’s time I shut up,’ a scríobh Myers.

Tá olc curtha go minic ar phobal na Gaeilge ag colúin a scríobh Myers, agus mheas roinnt daoine gur fógra a bhí i gcolún na seachtaine seo go raibh sé chun a hata a chaitheamh leis an gcúram.

Ní hamhlaidh atá, áfach.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie den iriseoir agus den údar an léamh ‘rólitriúil’ ar bhrí a cholúin a bheadh san áiteamh go raibh sé chun staonadh de thráchtaireacht a dhéanamh ar cheist na Gaeilge feasta.

“Yes, you’re right; yours is too literal an interpretation of an ironic end-line. I’ll certainly be talking about futility in all its many forms in the future. Sorry to disappoint you”, arsa an Meidhreach le Tuairisc.ie.

Sa cholún is déanaí leis faoi cheist na Gaeilge, dhírigh Myers ar an gconspóid faoi aersheirbhís Árann agus ar pholasaí teanga nua RTÉ, agus d’fhill in athuair ar sheantéama dá chuid; gur cur amú ama, airgid agus fuinnimh é a bheith ag iarraidh teanga ‘mharbh’ a thabhairt ‘ón mbás’.

Chuireadh Myers an ghoimh go minic ar phobal na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta, go háirithe lena chuid ionsaithe ar Theilifís na Gaeilge aimsir a bunaithe. ‘Teilifís DeLorean’ a thug sé ar an stáisiún nua agus é ag tagairt don déanamh carr cáiliúil nach raibh aon rath air.

Fág freagra ar 'Leanfaidh Kevin Myers air ag cur oilc ar ‘brainless Gaeilgeoir skinheads’'

  • Concubhar

    Seo litir a scrígh mé chuig nuachtán a fhoilsiíonn colúin de chuid Kevin Myers. Más amhlaidh go bhfuil sé ag éirí as a fheachtas ‘ar son’ na Gaeilge, is mór an trua é.
    (‘Let’s debunk the myth of Irish as a living language’, Irish Independent, February 23) must really stop encouraging us speakers of Irish.
    SHARE
    He has been the most successful promoter of Irish since the foundation of the State. Every time he writes an article on this subject he promotes the use of ‘Gaeilge’ in the farthest corners of the country and, thanks to the internet, on a global scale.
    The leaders of the main parties are speaking about the issues of the day on television in a pre-election debate.
    We have Mr Myers and other begrudgers of the Irish language to thank for the vibrancy of the language today. Long may it continue.
    Concubhar Ó Liathain

  • Colmán

    An bhfuil sé fíor go raibh an tUasal M ag foghlaim na Gaeilge sa Chumann Cluain Ard sna seachtóidí le linn dó bheith ina chomhfhreagraí don tuaisceart ar RTÉ? Cad é a tharla dó idir an dá linn?

  • Breathnóir

    Cad é a tharla do leithéidí Myers agus Declan Lynch ag am éigin ina saol go bhfuil an oiread sin gráin acu ar an Ghaeilge?
    Bíonn cuid de na polaiteoirí aontachtacha ó thuaidh ag caitheamh anuas ar an teanga ach ní minic a fheiceann tú an nimh atá ag an Uasal Myers & Co. Tá sé thar a bheith aisteach.

  • Pól Ó Frighil

    Tá gráin agam ar an nós atá ag The Sunday Times gan síneadh fada a chur ar fhocail Ghaeilge ar nós ‘Gardai’, ‘An Garda Siochana’ – cé go mbaintear úsáid fhorleathan fhlaithiúil as an aiceann i bhFraincis srl. Tá an cheist tógtha agam leo agus dúirt siad gur ceist stíle a bhí ann.

    • Treabhar Mac Oireabhaird

      Bhís ag cáineadh na stíle, is mar fhreagra air sin, dúirt siad gur ceist stíle í? Go bhfóire Dia ar a gciall.

  • PólRéamonn

    @It’s time I shut up – Aontaím leat, a Chaoimhín

  • Wes Hamrick

    Mar a deirtear, “Ná beathaigh na troill!”

    (Go háirithe an troll darb ainm Kevin Myers.)

  • Éilis

    An leasainm is fearr dó – Caoimhín MyArse :)