Leanfaidh ‘athbheochan’ na Gaeilge ar aghaidh – Micheál Martin

Ag mór-ócáid Ard-Fheis Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath, luaigh ceannaire Fhianna Fáil, Michéal Martin, gur ‘iontach an scéal’ ceapachán Thomas Byrne ina aire stáit Gaeltachta

Leanfaidh ‘athbheochan’ na Gaeilge ar aghaidh – Micheál Martin

Deir an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Michéal Martin go bhfuil “athbheochan” na Gaeilge faoi lán seoil agus gur “iontach an scéal” é ceapachán gan choinne Thomas Byrne ina aire stáit don Ghaeltacht.

Ag labhairt dó i nGaeilge ina óráid ag Ard-Fheis Fhianna Fáil ag an deireadh seachtaine, luaigh Martin go sonrach ceapachán gan choinne Byrne ina aire stáit Gaeltachta.

Cor eile a bhí sa tagairt do Byrne ag an Ard-Fheis i scéal aisteach a cheapacháin, ceapachán a bhain siar as mórán nuair a d’fhógair Simon Harris Dé Céadaoin seo caite go raibh aireacht stáit na Gaeltachta bronnta aige ar an bpolaiteoir ó Fhianna Fáil.

Ba mhór idir caint Martin faoi athbheochan na Gaeilge agus admháil lom an aire stáit nua Thomas Byrne an tseachtain seo caite go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

“Níl aon amhras ach go leanfaidh athbheochan na Gaeilge, ár dteanga iontach náisiúnta, ar aghaidh le díograis sna blianta amach romhainn,” a dúirt Martin ag Ard-Fheis Fhianna Fáil.

“Agus is iontach an scéal é go bhfuil Thomas Byrne mar aire na Gaeltachta anois.”

Mhaígh Martin gur “tuairim lárnach” de chuid Fhianna Fáil é  “go gcaithfimid ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht náisiúnta a chosaint agus a fhorbairt”.

Dúirt sé gur cuid riachtanach agus thábhachtach “dár nÉireannachas” é go mbeadh “dlúthbhaint” againn “le cultúir na hEorpa agus le cultúir an domhain uilig”.

Mhaígh sé chomh maith go raibh an tacaíocht a chuirtear ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge á mhéadú de shíor ag Fianna Fáil le cúig bliana anuas.

Shéan an Taoiseach Simon Harris gur údar náire d’Fhine Gael gur ar Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil a bhronn sé aireacht stáit na Gaeltachta ina atheagar rialtais seachas ar dhuine óna pháirtí féin.

“Tá mé an-bhródúil as an gcinneadh a rinne mé i dteannta an Tánaiste agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais,” arsa an Taoiseach.

“D’fhéadfadh an tAire Hildegarde Naughton a bheith ceaptha ina haire don Ghaeltacht, ach d’iarr mé uirthi cúraimí breise suntasacha i réimse an oideachais a ghlacadh chuici féin speisialta.

“Ní haon rún é, mar deirim i gcónaí é go bhfuil sé mar aidhm agam é sin [an t-oideachas speisialta] a chur chun cinn le linn mo thréimhse mar Thaoiseach agus bhí mé ag iarraidh é a ardú go dtí leibhéal na comh-aireachta.

“Sa chomhthéacs sin agus mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge, bhí an chiall leis go dtabharfadh an t-aire stáit sa mháthair-roinn [An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán], a ghlacfadh chuige féin cúram na Gaeltachta.

“Mar sin, baineann sé seo leis an rud ceart a dhéanamh don tír agus don Rialtas. Beidh an t-aire Byrne ina aire iontach.”

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gurb é an plean a bhí ag Harris ar dtús ná aireacht na Gaeltachta a leagan ar Hildgearde Naughton, an príomhaoire rialtais agus aire stáit ach gur socraíodh ag an nóiméad deireanach go raibh dóthain ar a cúram aici cheana féin.

De réir tuairiscí éagsúla, theip ar Fhine Gael aon duine a fháil a raibh an Ghaeilge ná an tsuim acu teacht i gcomharbacht ar Patrick O’Donovan, an t-iar-aire stáit Gaeltachta a fuair ardú céime an tseachtain seo caite.

Deir Sinn Féin gur drochtheist ceapachán Thomas Byrne ar dhearcadh an Taoisigh i leith na Gaeilge agus gur léiriú é ar easpa “measa” Fhine Gael ar an teanga go raibh siad sásta aireacht stáit na Gaeltachta a thabhairt uathu.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc aimsir an toghcháin dheireanaigh, seachtar Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a thug le fios go raibh Gaeilge acu. Duine acu sin Patrick O’Donovan agus duine eile réamhtheachtaí Harris in oifig an Taoisigh, Leo Varadkar.

Tá sé fógartha ag ceathrar den chúigear eile Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a bhfuil Gaeilge acu – Fergus O’Dowd, Brendan Griffin, Michael Creed agus an t-iar-aire Gaeltachta, Joe McHugh – nach mbeidh siad ag seasamh sa chéad toghchán eile.

Hildegarde Naughton an t-aon Teachta Dála eile de chuid Fhine Gael a deir go bhfuil dóthain Gaeilge aici chun agallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta.

Fág freagra ar 'Leanfaidh ‘athbheochan’ na Gaeilge ar aghaidh – Micheál Martin'

  • An tEisreachtach

    ‘“Níl aon amhras ach go leanfaidh athbheochan na Gaeilge, ár dteanga iontach náisiúnta, ar aghaidh le díograis sna blianta amach romhainn,” a dúirt Martin ag Ard-Fheis Fhianna Fáil.’

    Cén athbheochan, a óinseach amadáin?

  • Proinsias Breathnach

    ‘Leanfaidh ‘athbheochan’ na Gaeilge ar aghaidh” bladar, béal bán agus ráiméis FF.

    I daonáireamh 2011 bhí 23,175 cainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht (lasmuigh den chóras oideachais) agus i 2022 i bhí an figiúr titithe go dtí 20,261 in 2022

    Léirigh Daonáireamh 2022 go raibh laghdú 6.8% ón bhlain 2011 ar líon na gcainteoirí laethúla (lasmuigh den chóras oideachais) sna 26 condae.

  • Gabriel Rosenstock

    “Dlúthbhaint a bheith againn le cultúir na hEorpa?” Ní fheicimse ná ní chloisimse mórán fianaise ina leith sin. Seachas cúpla nideog thall agus abhus, is ceol ón Impireacht Angla-Mheiriceánach is mó a scaiptear ar na haerthonnta, in ollmhargaí, i siopaí bearbóra etc etc.
    Is beag de litríocht na hEorpa a fheictear i bhfuinneoga na siopaí leabhar. Tá aistritheoirí Gaeilge ann, Isobel Ní Riain, mar shampla, a chuireann cuid de shaibhreas na hEorpa ar fáil dúinn ach ní fheicimse mórán léirmheasanna ar na leabhair sin:
    http://www.coisceim.ie/celan.html
    http://www.coisceim.ie/roinnt.html
    Agus maidir le físealaíona na hEorpa, ní dóigh liomsa go bhfuil na meáin Ghaeilge ná na meáin Bhéarla sa tír seo ag freastal orthu mar is cóir.

  • Billy an Ghoirt

    “… an tacaíocht a chuirtear ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge á mhéadú de shíor ag Fianna Fáil le cúig bliana anuas.”

    Céard!?!

    An páirtí a bhfuil an tAire Oifeachais Norma “Céard is gealcholáiste ann?” Foley ina ball sinsearach ann?

    Bhuel is dócha go bhfuil sí chun cúpla gaelcholáiste a thógáil roimh an chéad toghchán eile mar sin! Más gá, lena lámha loma féin! Maith sibh!

    Brostaigí! Tá an toghacháin ag teacht! Seo liosta daoibh:
    Gaelcholáiste BÁC 2468
    Gaelcholáiste Mhaigh Eo
    Gaelcholaiste in Inis, Co. an Chláir

    Agus gach feachtas eile a thug sibh neamhaird AIR “le cúig bliana anuas”.

  • WTF

    Mícheál Martin nó Mehole Martin? Ráite gur ón mball sin a labhrann sé!

  • Mic an Léinn

    “Mhaígh sé chomh maith go raibh an tacaíocht a chuirtear ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge á mhéadú de shíor ag Fianna Fáil le cúig bliana anuas.” Ní feicimse féin é! Níl méadú tagtha ar líon na gaelscoileanna cé go bhuil an t-uafáis éileamh. Cén fáth nach cuirtear rang amháin Ghaeltachta ar fáil i ngach bunscoil? Tá B2 de dhíth ag na múinteoirí ar aon nós. Is éan fadhb ná gur cuma leis an rialtais, stop ag ligean oraibh go bhuil feachtais feabhais ar bun agaibh!!

  • An tEisreachtach

    Tá tuairim tugtha agam thuas, agus rinne mé í a thabhairt gan smaoineamh:
    Maidir le ráiteas seo Mhícheál Martin: ‘“Níl aon amhras ach go leanfaidh athbheochan na Gaeilge, ár dteanga iontach náisiúnta, ar aghaidh le díograis sna blianta amach romhainn,”’ scríobh mise an freagra: ‘Cén athbheochan, a óinseach amadáin?’

    Ní amadán óinseach é Martin sa gcás áirithe seo, cé gurb ea go bunúsach. An pointe a bhí á dhéanamh aige, thuig sé go cruinn é. Agus mar thoradh air, gheobhaidh FF vótaí ó Ghaeilgeoirí saonta sna toghcháin atá amach romhainn.

    Leanfaidh na caoirigh shaonta orthu ag mé-é-é-é-ileach go dtí nach mbeidh aon Ghaeilge ann!