Leagan amach agus dearadh úr ar Tuairisc.ie tráth a bhfuil os cionn milliún cuairt tugtha air

Tá an t-athdhearadh curtha i bhfeidhm ar an suíomh tráth a bhfuil os cionn milliún cuairt tugtha ag 360,000 duine air

Leagan amach agus dearadh úr ar Tuairisc.ie tráth a bhfuil os cionn milliún cuairt tugtha air

Tá athrú déanta  ar dhearadh agus ar leagan amach Tuairisc.ie.

Tá an t-athdhearadh curtha i bhfeidhm ar an suíomh tráth a bhfuil os cionn milliún cuairt tugtha ag daoine air.

Ó tháinig ann do Tuairisc.ie ar an 9 Deireadh Fómhair 2014, thug 360,000 duine 1.2 milliún cuairt ar an suíomh, agus d’amharc na daoine sin ar 2.6 milliún leathanach.

Dúirt Bainisteoir an tSuímh Ciarán Ó Súilleabháin go raibh athdhearadh an tsuímh bunaithe cuid mhaith ar aiseolas ó léitheoirí Tuairisc.ie.

“An aidhm atá leis an leagan amach nua ná go mbeadh eispéireas níos taitneamhaí fós ag ár léitheoirí agus iad ag póirseáil ar Tuairisc.ie, is cuma cén gléas atá in úsáid acu.

“Baineann formhór na n-athruithe le cur i láthair scéalta agus scríbhneoirí an tsuímh, agus feicfidh sibh, mar shampla, go n-úsáidtear anois córas dathanna chun idirdhealú a dhéanamh idir rannóga éagsúla Tuairisc.ie. Is furasta anois chomh maith teacht ar an scríbhneoir is ansa leat ó tharla leathanach Scríbhneoirí anois againn,” a dúirt Ó Súilleabháin.

Dúirt Ó Súilleabháin, a chuir an t-athdheardh i bhfeidhm i gcomhar leis an gcomhlacht EducatedMachine sa Ghaillimh, gur leagan amach “níos glaine, agus níos snoite” é agus gur furasta teacht ar ábhar an tsuímh dá bharr.

Dúirt sé go raibh feabhas curtha ar ghnéithe eile den suíomh, ag áireamh áis chuardaigh níos fearr.

“Beimid ag cur le gnéithe áirithe den leagan amach nua sna seachtainí amach romhainn. Cé go bhfuil cuma nua ar an suíomh, ní dóigh liom go gcuirfidh sé isteach ar ár léitheoirí dílse a bhíonn ag teacht chugainn go rialta le breis agus bliain anuas,” a dúirt Ciarán Ó Súilleabháin.

Fág freagra ar 'Leagan amach agus dearadh úr ar Tuairisc.ie tráth a bhfuil os cionn milliún cuairt tugtha air'

  • Liam Mac Lochlainn

    Comhghairdeas libh. Tá an suíomh ag dul ó neart go neart. Rath Dé ar an obair!

  • Breathnóir

    Is maith liom an leagan amach nua, comhghairdeas.
    Ach má thosaigh sibh i Mí Dheireadh Fómhair 2014, caithfidh go bhfuil sibh ar an fhód le 21 mhí, sílim?

  • Gréagóir

    Comhghairdeachas libh!

  • Seán Ó Floinn

    Níl córas na dtráchtanna athraithe agaibh cé nach n-oibríonn sé go sásúil! Ba cheart ligean do thráchtairí a dtrácht a fhoilsiú láithreach bonn chun díospóireacht a spreagadh. Nuair is gá fanacht d’fhaomhadh an údair cuireann sin moill ar phlé idir tráchtairí mar tá seans níos lú ann go bhfeicfidh daoine tráchtanna a chéile – go háirithe toisc go mbíonn údair áirithe an-mhall ag faomhadh tráchtanna. Ar an Irish Times agus suíomhanna eile tá córas i bhfad níos fearr ann – ligtear duit trácht a fhoilsiú láithreach bonn ach tá cead ag léitheoirí eile bratach a chur le trácht mí-oiriúnach chun deis a thabhairt don eagarthóir é a scriosadh. Mura n-athraíonn sibh é seo, ar mhiste libh fiú alt a fhoilsiú ag míniú bhur gcinneadh do léitheoirí!

  • Seán Ó Floinn

    Anuas air sin, ní théann údair áirithe i ngleic le léitheoirí ar chor ar bith, rud atá aisteach mar is minic go mbíonn tráchtanna maithe ann ag bréagnú nó ag ceistiú an údair ach ní thugann sé/ sí freagra ar bith chun a t(h)uairim a shoiléiriú. Nach fóram maith é an córas tráchtanna don údar chun aiseolas a fháil nó pointí conspóideacha a phlé? Mura dtéann údair i ngleic le tráchtanna, tugann sé le fios dá léitheoirí go bhfuil éirí-in-airde ann nó nach bhfáiltíonn sé le tuairimí contráilte.

  • Donal Logue

    Gach rud go deas ach amháin an tslí ina mbristear na focail sna captions. Mar shampla: ‘dub’ ar líne amháin agus ‘h’ ar an líne a leanann; ‘churiarrac agus ‘ht’, srl. Deacair dos na foghlaimeoirí go háirithe déarfainn. Seo ag tarlú le IE11. OK le Edge agus iOS agus Safari.

  • Pádraig

    Cómhghairdeas don fhoireann ar fad!

  • Sean o Bruadair

    Comhghairdeas – Ais iontach as seomra ranga

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cad chuighe a’ mbeifeá ag léamh an Irish Times???

  • Pól Réamonn

    Maith síbh. Tá an leagan nua an-deas.