Leabhar nua faoi chonspóid dhúnadh Scoil Dhún Chaoin foilsithe

Labhair údar Dún Chaoin – Oscail An Scoil! leis na scórtha a bhí páirteach sa chonspóid thiar sa bhliain 1970

Leabhar nua faoi chonspóid dhúnadh Scoil Dhún Chaoin foilsithe

Máire agus Breandán Feiritéar ag múineadh go ‘mídhleathach’ sa scoil

Dún Chaoin – Oscail An Scoil! an teideal ar leabhar nua atá foilsithe ag Coiscéim faoin gconspóid agus an agóid a tharla nuair a bheartaigh rialtas de chuid Fhianna Fáil ar Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, a dhúnadh gan buíochas ar an bpobal áitiúil, siar sa bhliain 1970.

Is é an ceoltóir agus an ball den ngrúpa KÍLA, Colm Ó Snodaigh, údar an leabhair seo a bheidh ina ábhar inspéise, ní hamháin in Iarthar Dhuibhneach ach ar fud na tíre.

Thug an Snodach na blianta i mbun taighde don leabhar agus labhair sé leis na scórtha a bhí bainteach leis an aighneas i slí amháin nó i slí eile.

Agus, go deimhin, bhí níos mó ná taobh amháin ar an scéal.

Thug Colm Ó Snodaigh féin tamall ina dhalta ar Scoil Naomh Gobnait le linn don chonspóid a bheith ar siúl agus tugann sé léargas thar a bheith cuimsitheach ar an scéal ar fad.

Níor ghlac formhór an phobail i nDún Chaoin leis go raibh an ceart ag an Rialtas ag an am an scoilín bheag seo a dhúnadh, cé ná raibh ag freastal uirthi an bhliain a dúnadh í ach seisear leanbh.

Dúirt mórán gurbh é buille maraithe na muice é do phobal an pharóiste a scoil a dhúnadh orthu agus go ndéanfadh a leithéid de bheart díobháil throm don nGaelainn shaibhir a bhí á labhairt go rábach ag an am.

Bhí ordú tagtha ón Roinn Oideachais go n-aistreofaí daltaí Dhún Chaoin go scoil náisiúnta an Bhuailtín.

Tionóladh cruinnithe sa scoil chun cur i gcoinne bheart an Rialtais agus thug scoláirí agus scríbhneoirí mór le rá, Breandán Ó Buachalla, Máirtín Ó Cadhain agus Máire Mhac A’ tSaoi ina measc, tacaíocht an-láidir, ar bhonn náisiúnta, don fheachtas a bunaíodh chun an scoil a choimeád oscailte. Tháinig tacaíocht leis ó Ollscoil Chorcaí, go háirithe ó leithéidí an Ollaimh Seán Ó Tuama agus Michael Davitt agus Liam Ó Muirthile, beirt fhilí óga a bhí ina mic léinn sa choláiste sin ag an am.

Bhí tacaíocht an-láidir ann go logánta chomh maith, ó Bhreandán Feiritéar agus a chéile, Máire, Breandán Mac Gearailt, Cáit ‘An Bhab’ Feiritéar, John ‘Learaí’ Ó Cíobháin agus a lán eile.

Bhí muintir Shnodaigh féin an-ghníomhach sa bhfeachtas.

Coimeádadh an scoil ar oscailt in ainneoin chinneadh an Rialtais agus tháinig Mícheál Ó Dubhshláine, múinteoir óg ó Chill Dara, chun dul ag múineadh sa scoil, beag beann ar an Roinn Oideachais agus ar aon phá cóir a fháil.

Eagraíodh máirseáil go Baile Átha Cliath agus bhí óráidí lasmuigh d’Ardoifig an Phoist. Fuarthas tacaíocht an-láidir ó Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Tháinig mana chun cinn ar bhéalaibh lucht na hagóide – ‘Ní dhúnfar Scoil Dhún Chaoin!’. Breandán Ó Buachalla a chum an chéad lá é sin mar mhana.

Agus níor dúnadh an Scoil. Mar, nuair a tháinig an comhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht sa bhliain 1973, ceann de na chéad bhirt a rinne an tAire Oideachais nua, Risteard de Búrca, ba ea fógra go n-athosclófaí an scoil. Ní fada ina dhiaidh sin gur tháinig sé féin go Dún Chaoin chun a bheith páirteach i searmanas chun an scoil a athoscailt.

Sa bhliain 1914 a osclaíodh an scoil ar dtús agus bhí ceiliúradh mór ar bun in 2014 chun bunú na scoile a cheiliúradh. Chraol TG4 clár faisnéise i ndeireadh na bliana sin faoin teideal Ní Dhúnfar Scoil Dhún Chaoin.

Bíodh an leabhar seo ina gcnuasach ag gach aon duine a bhfuil spéis acu i gcearta sibhialta, nó i gcúrsaí oideachais nó i gcur chun cinn na Gaeilge nó ins an mhana – ‘ní neart go cur le chéile!’.