Leabhair a léigh mé feadh na slí…le Ré Ó Laighléis

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an údar Ré Ó Laighléis atá an rogha...

Ré_Ó_Laighléis


Leabhar a dhearbhaigh dom go bhfuil dlisteanacht san Aduaine:

6a00d83451bcff69e201157121f5f0970c-800wiTarry Flynn le Patrick Kavanagh:

Bhí mé sna déaga deireanacha, agus mé ag útamáil le mo chuid iarrachtaí filíochta féin sa dá theanga, nuair a léigh mé an míorúiltín beag seo. Duine aduain é Tarry Flynn, an teidealcharachtar, díreach mar b’fhíor faoin gCaomhánach a scríobh. Bhéic an manglam de dhánacht rúnda inmheánach Tarry agus íolbhristeachas chumadóireacht an Chaomhánaigh liom. Thaitin macántacht thíorthúil, easpa urraime agus aduaine Tarry agus a chuid smaointeoireachta raibiléisí liom. Ní mé, ar bhealach, nár chuir an leabhar seo go suntasach leis an smaoineamh go mb’fhéidir, lá éigin, go bhféadfainn féin a bheith i mbun pinn go lánaimseartha, díreach mar a shanntaigh Tarry sin: ‘Oh, you’re a rascal, Tarry Flynn, writing poetry instead of digging drills’.


Leabhar a dhearbhaigh dom go bhfuil dlisteanacht sa Sóisialachas:

X73Rape of the Fair Country le Alexander Cordell:

Bhí cuimhní ar thubaiste ghualmhiain Aberfan i Merthyr Tydfill (1966) fós ag macallú i m’intinn nuair a d’aimsigh mé an tseoid seo sna luath 1970óidí. Toisc mo bhunús féin i gceantar bocht, d’airigh mé dlúthcheangal le clann Mortymer i mBlaenavon na Breataine Bige. Bhí draíocht dhamhsach mhealltach sna hainmneacha – Hywel, an t-athair, Morfydd, a iníon-sa, agus, ach go háirithe, an buachaill óg ocht mbliana d’aois, Iestyn, arb é insitheoir an scéil é. Faoi chruatan saoil na clainne (agus clanna eile mar iad) atá an scéal seo, atá lonnaithe sa 19ú aois. Feicimid tíorántacht úinéirí an tionscail iarainn agus an feall a imríonn siad ar na bochtáin atá ag obair fúthu. Is cuimhin liom, agus mé á léamh ag an am, mar a chuaigh sárcheardaíocht an údair i bhfeidhm orm agus é ag cothú atmaisféar na hoidhreachta – ‘I thought of my river, the Afon-Lwydd, that my father had fished in youth, with rod and line for the leaping salmon under the drooping alders …’. D’aon gheábh amháin a léigh mé é.


Leabhar a dhearbhaigh dom go bhfuil dlisteanacht san Agóid

strumpet-city-165pxStrumpet City le James Plunkett:

Tá an uile ghné den saol sa saothar seo, idir bhochtaineacht agus ghalántacht, idir shimplíocht saoil agus éirí in airde, agus ba í gné sin na codarsnachta, chomh maith le fíor-Bhleá Cliathachas an tsaothair, a shú isteach mé, a d’imir gírle guairle ar na mothúcháin orm agus a chaith amach arís mé nuair a bhí deireadh inste ag an bPluincéadach. Arís eile, satailt na ‘n-uasal’ orthu siúd a bhí ar an mbeagán a mheall mé, agus luí agam, leathanach i ndiaidh leathanaigh, leosan a bhí thíos. Alcólachas an tsagairt pharóiste, poimpéis an tséiplínigh O’Connor, cúlbrat na stailce móire i 1913 agus uaisleacht aimléiseach bheatha Rashers Tierney agus a ghadhairín dílis, Rusty. ‘Come on, Rusty, there’s nothin’ for us here’, arsa Rashers. Ach is mór go deo é an méid atá ann don léitheoir ar chás leis la condition humaine.


Leabhar a dhearbhaigh dom go bhfuil dlisteanacht san Áibhéil

2003.35saolanmhadaidhbhainSaol an Mhadaidh Bháin (Coiscéim) leis An Draoi Rua:

Má tá feall sa saothar eisceachtúil seo, is é nár nochtaigh an t-údar a ainm ceart don léitheoir. An Feirsteach Pádraig Ó Baoill a scríobh, agus is é a thug ar chamchuairt iontach samhlaíoch ar fud oileán na hÉireann mé le linn aistear na leathanach istigh. Carachtair agus eachtraí áiféiseacha san uile chearn den tír a rug greim ar mo shamhlaíocht, a chuir ag gáire mé arís agus arís eile agus a dhallaigh mé ar chasadh na leathanach nó go raibh críoch tagtha leis an scéal. Agus, cé gur scéal na muice buí (shaggy dog story) é ar leibhéal amháin, tá stór ollmhór saibhris cultúir agus oidhreachta mar chúlbhrat aige, agus sin á shníomh isteach trín raibiléis ag an údar trí shúile mhadaidh bháin an teidil. Saothar fuinniúil ar leith ar bhoichte i bhfad mé murach í a léamh. Éacht!


Leabhar a dhearbhaigh dom go bhfuil dlisteanacht sa Ghreann

77244Lake Wobegon Days le Garrison Keillor:

Toisc memoir a bheith á scríobh agam féin faoi láthair, thugas athchuairt ar an leabhar iontach seo le deireanas. Thart ar 1986 a léigh mé ar dtús é, agus nárbh é a chuir ag gáire ag an am sin mé! Chaitheas féin bliain de mo shaol i Midwest Mheiriceá Thuaidh i 1978-’79 agus, mar sin, d’airigh mé ceangal le hábhar an tsaothair. Tá an scéal lonnaithe sa bhaile beag ficsiniúil Lake Wobegon, Minnesota, mar a chuirimid aithne ar charachtair na háite. Ní léir aon phlota cinnte a bheith ann, ach is cuma liom sin, mar go bhfuil stíl réidh mhairbhiteach Keillor go hiomlán ar an sprioc don ábhar atá faoi chaibidil ann. Rinne mé gáire faoin ábhar, ansin rinne mé gáire faoin ábhar gháire!!! Agus chuir an leabhar seo in iúl dom nach fiú tada é ár dtréimhse ar an bhfód saolta seo mura ndéantar gáire (ar a laghad uair amháin) gach aon lá.