Labhairt na Gàidhlig sa bhaile ‘an chéad chéim’ i slánú na teanga — taighde nua

Dúirt 75% de rannpháirtithe suirbhé nua go raibh sé chomh tábhachtach céanna an Ghàidhlig a fhoghlaim is atá sé an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis a fhoghlaim

Labhairt na Gàidhlig sa bhaile ‘an chéad chéim’ i slánú na teanga — taighde nua

Tá labhairt na Gàidhlig sa bhaile ar cheann de na rudaí is tábhachtaí in athbheochan na teanga in Albain, de réir staidéar nua a rinneadh sa tír sin.

Fuarthas amach i dtaighde a rinne Ollscoil Srath Chluaidh, inar cuireadh suirbhé ar 236 tuismitheoir agus páiste i Leòdhais na hAlban agus Sairdín na hIodáile, gurb í labhairt na mionteanga sa bhaile an “chéad chéim” leis an teanga a chur chun cinn i measc an phobail.

Ghlac daoine a raibh mionteanga na háite acu agus daoine nach raibh páirt sa staidéar sa dá oileán.

Thug 75% de na tuismitheoirí agus na páistí a ghlac páirt ann le fios go raibh sé chomh tábhachtach céanna do dhuine a mhionteanga féin a labhairt is a bhí sé mórtheanga na tíre a labhairt — an Béarla i gcás na nAlbanach agus an Iodáilis i gcás mhuintir na Sairdíne.

Dúirt an Dr  Fraser Lauchlan, duine d’údair an taighde, go raibh náire ar dhaoine scór blianta ó shin faoina dteanga féin a labhairt agus gur dúradh leo gan é a dhéanamh ar feadh na mblianta fada.

“Le blianta beaga anuas tá tuiscint nua ag daoine ar thábhacht na dteangacha seo — gach seans mar gheall ar an tuiscint atá acu ar bhuntáistí an dátheangachais, agus mar gheall ar reachtaíocht teanga a tugadh isteach sna háiteanna seo,” a dúirt sé.

Dúirt sé go gcabhródh sé go mór le cur chun cinn na dteangacha dá roghnódh tuismitheoirí, fiú daoine nach raibh an teanga acu, cláracha teilifíse agus leabhair dá leanaí sa mhionteanga, agus go gcabhródh an méid sin leo féin an teanga a fhoghlaim freisin.

Mar sin féin, fuarthas sa staidéar nárbh ionann dea-thoil agus gníomh agus gur beag deis a chruthaigh an dea-thoil chéanna do chainteoirí óga a dteanga a labhairt taobh amuigh de na scoileanna.

“In áiteanna eile, chonacthas gur beag deis a bhíonn ag gasúir teanga a labhairt agus gurb í teanga an stáit, nó an mhórtheanga, a labhraítear taobh amuigh den scoil. Ainneoin an méid sin, is ag na tuismitheoirí atá an chumhacht maidir le cén chaoi a gcuirtear an mhionteanga chun cinn.

“Má bhíonn meon dearfach ag na tuismitheoirí, is í sin an chéad chéim i dtreo shlánú na teanga sa bhaile, agus bíonn tionchar aige sin arís ar shlánú na teanga sa tsochaí trí chéile,” a dúirt Lauchlan.

Ba mhaith le lucht an taighde go ndéanfaí tuilleadh staidéir ar na háiteanna a n-úsáidtear na mionteangacha atá faoi chaibidil acu— an baile, an scoil agus suíomhanna sóisialta. Dúirt siad gur cheart iniúchadh a dhéanamh, freisin, ar cé chomh minic is a labhraítear na teangacha.

Chreid beagnach 90% de na tuismitheoirí agus páistí a ghlac páirt sa suirbhé gur cheart an Ghàidhlig a mhúineadh sna scoileanna.

Chreid beagán le cois 75% go raibh sé chomh tábhachtach céanna an Ghàidhlig a fhoghlaim is atá sé an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis a fhoghlaim.

Fág freagra ar 'Labhairt na Gàidhlig sa bhaile ‘an chéad chéim’ i slánú na teanga — taighde nua'

  • Mánus

    Scéal eile ón Bhreatain faoi mhionteanga ag Tuairisc. Céard é an scéal sa tSairdín? An tSairdínis agus an Chatalóinis faoi bhrú sg an Iodalálais srl.