‘In the morning they were both found dead…Of the toxins of a whole history’ – an tAthair Peadar, Eavan Boland agus bás beirte i Múscraí

Isteach i bpoll i dteannta leanaí caillte eile a cuireadh clann Phádraig agus Cháit Uí Bhuachalla. Ach cérbh iad féin agus cén scéal a bhain leo?

‘In the morning they were both found dead…Of the toxins of a whole history’  – an tAthair Peadar, Eavan Boland agus bás beirte i Múscraí

Pictiúr: Tomás Ó hAodha (Twitter)

Cuntas an Athar Peadar ar mhuintir Uí Bhuachalla a spreag an file iomráiteach Eavan Boland chun an dán ‘Quarantine’ a chumadh. Bhainfeadh sé deoir as cloch, mar a bhainfeadh an cuntas féin, atá le fáil sa saothar Mo Scéal Féin. B’as Doire Liath i bParóiste Chluain Droichead Pádraig Ó Buachalla agus a bhean, Cáit.

Go Tigh na mBocht i Maigh Chromtha a thugadar a n-aghaidh nuair a tháinig an Gorta. Bhí a mbeirt leanaí, Síle agus Diarmaidín, in éineacht leo. Níor thúisce a bhaineadar amach Tigh na mBocht ná b’éigean iad a scarúint óna chéile. Mar seo a dhéanann an tAthair Peadar cur síos ar an scéal:

‘Do cuireadh Síle i measc na gcailíní mbeag. Agus do cuireadh Diarmaidín i measc na leanbh óg. Bhí an tigh go léir, agus a raibh de dhaoine bochta ann, múchta le gach aon tsaghas drochbhreoiteachtaí. …Do tagtí ar ball agus do tógtí an chuid acu ná bíodh aon chor acu á chur díobh, agus do curtí isteach i dtrucailibh iad agus do beirtí suas iad go háit in aice Charraig an Staighre, mar a raibh poll mor leathan doimhin ar oscailt dóibh, agus do curtí síos sa pholl san i dteannta ’chéile iad.’

Níorbh fhada go raibh Síle agus Diarmuidín i measc na ndaoine a cailleadh agus ba sa pholl céanna a cuireadh iad. Nuair a chuala a dtuismitheoirí, Pádraig agus Cáit, faoina mbás, tháinig a oiread uaignis orthu is gur shocraíodar éalú as an áit chomh tapaidh is a bhí in Éirinn agus aghaidh a thabhairt ar bhothán siar ó thuaidh uathu.

Ar scéal na beirte seo a dhíríonn Eavan Boland ina dán eipiciúil ‘Quarantine’. Tuairimíonn sí gur sa bhliain 1847 – ‘black 47’ – an bhliain ba mheasa den Ghorta, a dheineadar a n-aistear, cé nach bhfuiltear ar aon fhocal faoi sin:

In the worst hour of the worst season

Of the worst year of a whole people
A man set out from the workhouse with his wife.
He was walking — they were both walking — north.

Tháinig laigeacht ar Cháit sa tsiúl dóibh agus b’éigean do Phádraig í a iompar ar a dhrom. Dá thuirsí é, ní scarfadh sé le ‘ualach’ a mhná go deo ach sos beag gairid a ghlacadh ó am go ham agus ‘an t-ualach a ligean uaidh siar ar chlaí an bhóthair ar feadh tamaill’. Sa deireadh thiar, bhaineadar an bothán amach, é ‘fuar folamh…gan tine, gan teas’. Tháinig comharsa éigin orthu an mhaidin dár gcionn:

‘Chonaic sé an bheirt istigh agus iad araon marbh, agus dhá chois a mhná istigh ina bhrollach ag Pádraig, fé mar a bheadh sé a d’iarraidh iad a théamh. Dhealródh an scéal gur mhothaigh sé lagachar an bháis ag teacht ar Cháit agus a cosa fuar, agus gur chuir sé na cosa isteach ina bhrollach féin chun an fuacht a bhaint astu.’

Mar seo a leanas atá an chuid seo den scéal ag Boland:

In the morning they were both found dead.
Of cold. Of hunger. Of the toxins of a whole history.
But her feet were held against his breastbone.
The last heat of his flesh was his last gift to her.

Sular thugadar a n-aghaidh ar an mbothán úd de shiúl cos, chuaigh Pádraig agus Cáit go dtí an poll ina raibh a bpáistí curtha ‘i measc na gcéadta corp eile. Do stadadar in aice an phuíll agus ghoileadar a ndóthain’.  Téann bás na beirte seo, agus bás a mbeirt leanaí, go smior i scéal an náisiúin seo agus an rian a d’fhág sé ar na daoine.

Bhainfí leas as cuimhne an Ghorta agus an fhaillí a deineadh i muintir na hÉireann le daoine a spreagadh chun feirge is chun troda d’fhonn neamhspleáchas polaitíochta a bhaint amach. Ba é aisling na náisiúnaithe go gcaithfí níos fearr le muintir na tíre – go háirithe iad siúd a bhí bocht – agus a gcine féin i bhfeighil orthu. A mhalairt glan a tharla, mar is eol dúinn anois.

Ba é Uachtarán na hÉireann a mheabhraigh dúinn le gairid go bhfuil an aisling úd fós gan chomhlíonadh agus gur gá dúinn mar phobal ár muinín a chur in institiúidí an Stáit an athuair. Is baolach go dtógfaidh sé sin cuid mhaith blianta ach meabhraítear cumhacht an ghrá dúinn i scéal mhuintir Uí Bhuachalla agus an diongbháilteacht dhochloíte a bhaineann lena leithéid de chumhacht. 

Faoi mar a dúirt Eavan Boland i ndeireadh a dáin, ‘…what there is between a man and woman/And in which darkness it can best be proved’.

Is de nádúr na beatha gur mó fós an grá atá ag beirt lánfhásta dá leanaí, dá mhéad grá atá acu dá chéile.

Amor omnia vincit, a deirtear sa Laidin. Suaimhneas síoraí dóibh siúd go léir a cailleadh ar fhód na hÉireann de dheasca faillí agus drochmheasa, idir óg agus aosta.

Nár tharlaí a leithéid go brách arís.

– Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Cormac Ó Gráda agus leis an Dr Katie Ní Loingsigh as an gcabhair agus an treoir a thug siad dom i dtaobh cheist an Ghorta agus foinsí staire

Fág freagra ar '‘In the morning they were both found dead…Of the toxins of a whole history’ – an tAthair Peadar, Eavan Boland agus bás beirte i Múscraí'