Kearney cinnte faoi chumas a chomrádaithe

Tá ardmheas ag Rob Kearney ar Handré Pollard, ach tá sé ag súil le gaiscí chomh maith ó Rob Henshaw agus Jared Payne na hÉireann. Labhair lánchúlaí na hÉireann le Tuairisc.ie

Rob Kearney. ©INPHO/James Crombie
Rob Kearney. ©INPHO/James Crombie

Beidh an Afraic Theas ag súil le tógáil ar an mbua a bhí acu ar na All Blacks agus iad ag tabhairt aghaidh ar Éirinn ar an Satharn, dar le lánchúlaí na hÉireann, Rob Kearney.

Níl athrú ar bith ar fhoireann na Springboks ón uair a bhuaigh siad 27-25 ar an Nua-Shéalainn, agus tuige go mbeadh?

“Tabharfaidh an toradh sin muinín dóibh. Ní bhfuair muid an bua orthu (an Nua-Shéalainn). Bhí dhá phointe eadrainn ar deireadh agus thug an méid sin féin muinín dúinn.

“Is deacair dom a shamhlú an spreagadh a thabharfadh bua mar sin dóibh. Is iad an fhoireann is mó a bhfuil rath orthu ar domhan faoi láthair. Caithfimid tús maith a chur leis an gcluiche. Beidh sé sin fíorthábhachtach,” a deir Rob Kearney.

Tá na fadhbanna droma a bhí ag Kearney curtha de aige agus cé go raibh sé aclaí a dhóthain chun imirt do chúige Laighean sa Chorn Eorpach, thóg sé sos breise agus é ag díriú ar na boic mhóra a bhí le teacht an mhí seo – an Afraic Theas agus an Astráil.

Is é Handré Pollard, imreoir atá 20 bliain d’aois agus a d’imir sa chraobh domhanda faoi 20 le trí bliana anuas, atá anois ag stiúradh na himeartha don Afraic Theas.

Tá ardmheas ag Kearney air.

“Tá Pollard tar éis an cur chuige a bhíonn acu a athrú. Tá sé an-mhaith i mbun ionsaí ar ‘an líne’. An rud is ansa leis i gcónaí ná bheith ag rith agus an liathróid ina sheilbh aige. Ní raibh an scéal amhlaidh le Morné Steyn, leath-chúlaí a bhí dírithe ar chiceáil. Pollard is cúis le cuid mhaith, mar sin, den athrú stíle atá ag an bhfoireann.

“Is fúinne atá sé tús maith a fháil. Tá buntáiste acu toisc go bhfuil siad ag teacht díreach ó fheachtas láidir sa Chraobhchomórtas Rugbaí agus tá siad i bhfochair a chéile le roinnt míonna. Ní leithscéal é sin, áfach. Caithfimid tús maith a fháil agus tá sé sin riachtanach.”

Tá beirt nua roghnaithe lár páirce ag Joe Schmidt – Jared Payne agus Robbie Henshaw – agus tá muinín ag Kearney astu. Tá taithí acu beirt ar an Pro12 agus ar an gCorn Eorpach le hUlaidh agus Connachta, agus tá Kearney ag tnúth leo a fheiceáil ar pháirc na himeartha ar an Satharn.

“Is mór an spreagadh é. Is maith an pháirtnéireacht atá acu. Is imreoirí móra iad, an bheirt lár páirce is mó a bhí againn le tamall fada. Tá Robbie óg agus meon úr aige, agus cé gurb é seo an chéad chluiche ag Jared linn, tá taithí mhaith chomh maith aige.

“Agus sinn ag tabhairt faoin gcluiche seo is féidir linn brath ar an mbeirt seo a bheith fisiciúil agus tiomanta. Cé nár imir siad le chéile cheana, beidh siad ag iarraidh dul ar an ionsaí, beidh siad fisiciúil agus diongbháilte, agus is cuma faoi aon rud eile.”

Fág freagra ar 'Kearney cinnte faoi chumas a chomrádaithe'