John Joseph Rinty Monaghan an dornálaí ab fhearr a rugadh i mBéal Feirste riamh

Trí scór go leith bliain ó shin a tháinig Craobh an Domhain chun na tíre seo den chéad uair riamh nuair a bhuaigh Rinty ar an Albanach Jackie Robinson

John Joseph Rinty Monaghan an dornálaí ab fhearr a rugadh i mBéal Feirste riamh

Le gairid agus mé ag spaisteoireacht i lár na cathrach i mBéal Feiste ag fáil léargas ar an airgead mór atá caite ansiúd agus ar an bhfeabhas as cuimse atá tagtha ar an gceantar, chonaic mé uaim dealbh mór d’fhear a raibh micreafón ina lámh aige agus é ag gabháil fhoinn.

Bhí a fhios agam as an easpa téagair a bhí ann nárbh ar Van Morrison a bhí mé ag déanamh agus bhí mé gar go maith dó nuair a thug mé faoi deara na bindealáin casta timpeall na láimhe a bhí i ngreim sa mic agus ar an lámh eile a bhí crochta san aer.

Ar ndóigh cé a bhí romham ach John Joseph “Rinty Monaghan”, an dornálaí ab fhearr a rugadh i mBéal Feirste riamh, seans. Ní beag an rud sin a rá i dtaobh an áit inar saolaíodh Karl Frampton, atá áirithe faoi láthair ar an 10ú dornálaí is fearr ar domhan ‘punt ar phunt’, Wayne McCullough, Dave ‘Boy’ McCauley, John Caldwell, Freddie Gilroy, Eamon Magee, Paddy Barnes agus Michael Conlon – craobhacha an domhain nó boinn Oilimpeacha acu ar fad.

Daoibhse nach bhfuil san aois a d’fhágfadh go mbeadh tuiscint agaibh ar an tábhacht a bhaineann leis an micreafón a bheith i lámh Monaghan, is ceart a chur ar bhur súile daoibh go raibh oiread de mhianach ‘fir seó’ ann agus a bhí de mhianach an dornálaí.

Go rialta ba le leagan den amhrán ‘When Irish Eyes are Smiling’ a chuireadh Rinty deireadh leis na hoícheanta móra troda a rinne sé sa King’s Hall, cúpla míle ó dheas ón áit a bhfuil an dealbh anois, i Buoy Park, faoi scáth ardeaglais na cathrach.

Ní raibh Monaghan, a rugadh i bhfoisceacht cúpla céad slat den dealbh i dtuaisceart Bhéal Feirste i 1918, ach 5’ 3” (1.57m) ar airde. I mbarr a mhaitheasa mar dhornálaí cuilmheáchain, ní raibh sé riamh mórán le 50 cileagram nó 8 gclocha meáchain.

Ach bhí sé lúfar agus neart as cuimse ina chuid lámh. Bhí ardmheas ag daoine ar a chumas troda, ach thit siad i ngrá lena bhealach lách, laethúil, suáilceach.

Agus na troideanna buaite aige, sheasadh Rinty i lár an fháinne, sheasadh siadsan freisin ina gcuid hataí, léinte bána, carbhait agus cábaí leathana agus cé nár léir dóibh féin a chéile ach ar éigean ag deatach, sheinnidís le chéile ‘When Irish Eyes are Smiling’.

Ba é an ceol a tharraing Monaghan i dtreo na troda chomh maith. Is amhlaidh a chuaigh sé ag breathnú ar bhabhtaí troda agus gan é ach 16 bliain, ní raibh aon dé ar dhuine de na dornálaithe óga a bhí le bheith ar an gcárta agus d’iarr an fear eagair an ndéanfadh Rinty ionadaíocht dó.

Ar chomhbhuille a chríochnaigh an troid. Bhí fios de chineál éicint ag an bhfear eagair, mar d’fhiafraigh sé de Rinty an raibh aon amhrán aige. Dúirt seisean go raibh agus nuair a chas sé é thosaigh an slua ag caitheamh airgid isteach chuige.

I gcaitheamh a shaoil dornálaíochta throid Monaghan 66 babhta agus níor buaileadh é ach 9 n-uaire, cé go raibh broincíteas ainsealach air i gcaitheamh a shaoil.

Ba dhóbair mar sin fhéin nár chinniúint eile ar fad a bhí i ndán dó, nuair a bhain sé an baile amach agus a phócaí lán le pingineacha agus le réil an chéad oíche sin ar throid sé. Shíl a mháthair gurbh amhlaidh a bhí an t-airgead goidte aige. D’inis sí an scéal d’ fhear an tí, thug a athair cúpla clabhta do Rinty bocht agus tharraing chomh fada le láthair in áir é agus é i ngreim cluaise ann, mar ar dearbhaíodh an fhírinne dó.

Trí scór go leith bliain ó shin, thug Monaghan craobh WBA an Domhain leis nuair a bhuaigh sé ar an té a raibh an chraobh ina sheilbh, Dado Marino as na Stáit Aontaithe. 6 mhí dár gcionn sa King’s Hall, chuir sé craobh an BBBC leis agus bhí sé ina sheaimpín ar an domhan gan aon amhras.

Ba í an oíche sin an ceann ba mhó ariamh i stair dhornálaíochta na hÉireann. Craobh an Domhain tagtha chun na tíre den chéad uair ariamh nuair a bhuaigh Rinty ar an Albanach Jackie Robinson. Beagnach dhá scór bliain ina dhiaidh sin, agus craobh de chuid an domhain ina sheilbh fhéin, ba sa Kings Hall freisin a rinne Barry McGuigan an chéad chosaint ar a choróin. Faraor, bhí Rinty básaithe le cosamar bliana nuair a bhuaigh McGuigan ar Bernard Taylor i 1985.

Bhain Rinty féin oiread sásaimh as a bheith ag casadh a chuid ceoil agus ag amhránaíocht agus a bhain sé as a chuid troda. Sheinneadh sé ag coirmeacha agus rinne sé turais le ceoltóirí agus amhránaithe cáiliúla na linne, daoine mar Vera Lynn, Gracie Fields agus George Formby. I ndeireadh a shaoil bhí banna dá chuid féin aige ina chathair dhúchais.

Le fada an lá anois is ar dhornálaithe as an gCianoirthear, as Meiriceá Theas agus as an Áise is mó atá cáil i rannóg an chuilmheáchain. Léargas ar chumas John Joseph “Rinty” Monaghan is ea nach bhfuil ach dornálaí amháin de chuid na hEorpa ar éirigh leis craobh an domhain sa mheáchan sin a bhaint amach le os cionn caoga bliain – an tIodálach Salvatore Burruni agus caithfidh tú dul siar chomh fada le 1966 go dtiocfaidh tú ar an ócáid ar fáisceadh an bheilt air siúd.

Cé as a dtáinig an leasainm ? Agus é ina phutach, bhí Monaghan an-cheanúil go deo ar mhadraí. A mháthair a bhaist ‘Rinty’ air – gadhar a raibh Rin Tin Tin mar ainm air agus a thug saighdiúir Meiriceánach abhaile ón gCogadh Mór. Bhí sé chomh traenáilte sin aige faoi dheireadh go raibh sé páirteach i 27 scannán de chuid Hollywood. Bhásaigh an chéad Rin Tin Tin i 1932 ach ghlac gadhair eile a áit go dtí an bhliain 1993.

Ní raibh sé ann a dhéanfadh aithris ar Rinty Monaghan.