JOHN ALLEN: Géillfidh mé dá mbraithim i mo chroí istigh an turas seo!

Dá fheabhas iad tá ceisteanna le freagairt fós ag Tiobraid Árann agus bí cinnte go gcuirfidh Port Láirge dianscrúdú orthu

Beidh sé an-deacair ar Shéamus Callinan aon liathróid a bhuachan glan amárach. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Beidh sé an-deacair ar Shéamus Callinan aon liathróid a bhuachan glan amárach. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Casfaidh na foirne céanna a d’imir i gCluiche Ceannais na Mumhan anuraidh ar a chéile arís amárach. An lá sin in 2015 bhí Tiobraid Árann níos fearr agus is iadsan rogha na n-údar arís amárach. Ach, dar ndóigh, tá ceisteanna le freagairt acu, cé gur tháinig feabhas orthu sa chluiche leathcheannais i gcoinne Luimnigh agus iad d’uireasa Bubbles Dwyer do thrí cheathrú den cluiche.

Caithfidh mé a admháil go ndeachaigh taispeántas an lae sin i bhfeidhm orm. Bhíodar faoi bhrú an-luath sa chluiche agus gan O’Dwyer acu, ach fós ní bhraithfeá riamh nach iad a bhuafadh an cluiche.

Mar aonad, bhí na cúlaithe an-láidir agus rud nach annamh leis, sheas Pádraig Maher amach. Ach bhí imreoirí eile acu freisin a thaispeáin a mianach.

Bhí Michael Breen thar barr i lár an ghoirt agus é ag bogadh chun tosaigh go minic fad is  a sheas a leathbhádóir Brendan Maher an fód sa lár. Tá Noel McGrath ag teacht chuige féin freisin.

Den chéad uair ó bhí sé tinn chonaiceamar é agus ról lárnach á imirt aige . Agus cad eile is féidir a rá faoi Pádraig Bonner Maher? Is laoch é a oibríonn ar son na cúise beagnach gach lá dá dtéann sé chun páirce. Ba dheas é a fheiceáil ag tosú arís agus é i lár an aonaigh go minic sa choimhlint .

Tríd is tríd caithfidh go bhfuil Michael Ryan sásta go bhfuil a fhoireann ag feabhsú agus cuma na maitheasa orthu roimh chluiche ceannais an lae amárach.

Ach ní hin le rá go mbeidh sé éasca acu i gcoinne Phort Láirge. Tá buntáiste ag na Déise toisc go bhfuil trí chluiche dhiana imeartha acu le déanaí. D’fhoghlaim an bhainistíocht ceacht éigin i ngach ceann de na cluichí sin. 

Tá mórán scríofa faoi theaicticí na nDéise, cuid de diúltach agus cuid de dearfach, ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil siad sa chluiche ceannais arís agus na teaicticí céanna go fóill acu. Sin bun agus barr an scéil ag an leibhéal seo. Na torthaí an rud is tábhachtaí.

I mo thuairimse, tá siad ar comhchéim le Tiobraid Árann. Anuraidh níor cheapas  go mbuafaidís ach i mbliana tá an fhoireann i gcoitinne níos fearr. 

Tá an díocas chun oibre orthu fós agus Tadhg De Búrca ina mháistir i ról an chosantóra le cois. Beidh sé an-deacair ar Shéamus Callinan aon liathróid a bhuachan glan amárach. Agus d’uireasa Bubbles Dwyer, is laige na Tiobradaigh .

Ach caithfidh na Déise níos mó seansanna ar chúil a cruthú. Bhí an ceann a scóráil Maurice Shanahan i gcoinne an Chláir ábhairín bog agus taobh amuigh de sin ní mórán eile deiseanna a chruthaíodar. Tá a fhios agam go bhfuil fadhb seo na gcúl atá acu pléite go minic ach amárach beidh cosantóirí rompu atá eagraithe agus nach ngéillfidh orlach. Mar sin, ní mór dóibh iarracht a dhéanamh níos minice níos mó tosaithe a fhágáil chun tosaigh.

Is deacair tuar a dhéanamh faoin gcluiche. Cinnte ní bheidh mórán eatarthu. Roimh an gcluiche leathcheannais, cheapas go raibh an buntáiste ag Port Láirge. Nílim chomh cinnte sin anois.

Tá a fhios agam nár bhuaigh curaidh na Mumhan craobh na hÉireann ó 2005 agus nach bhfuil sé chomh tábhachtach sin an cluiche seo a bhuachan ach ní bheidh ceachtar den dá fhoireann ag smaoineamh air sin.

Braithim i mo chroí istigh go mbuafaidh Port Láirge agus géillfidh mé don chroí an uair seo . 

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Géillfidh mé dá mbraithim i mo chroí istigh an turas seo!'

  • padraig

    ‘pumpa’ is ea croi an duine agus nior cheart geilleadh do sin! ta na Tiobradaigh ‘amuigh chuige’ i mbliana, ta geire, teanntas agus fiochmhaire nios mo ina gcuid imeartha seachas mar a bhi agus ma ta aon fhoireann ar iathclar na hEireann a d’fheadfadh dushlan na gCainneach a thabhairt is iad sin iad. ach…….ach…. ni Cait iad na Cainnigh a thuilleadh ach ‘faolchoin ar mire’…. (Anthony Daly, Irish Examiner)