Is fearr focal sa chúirt ná punt sa sparán…

Sa tsraith nua seo, bunaithe ar shaothar nua le Gabriel Rosenstock, caitear súil go heasurramach ar shaol an dlí agus an dlíodóra

Is fearr focal sa chúirt ná punt sa sparán…

Tuairimí

Is fearr focal sa chúirt ná punt sa sparán. SEANFHOCAL GAEILGE

Giúiré: Dáréag a roghnaítear chun cinneadh a dhéanamh cé aige a bhfuil an dlíodóir is fearr. LENORA OLIVER

Daoine is ea dlíodóirí a fhostaímid chun sinn féin a chosaint ar dhlíodóirí. ELBERT HUBBARD

DLÍTHE AGUS REACHTANNA AISTEACHA

– Sárú ar dhlí Florida is ea é má bhriseann bean níos mó na trí mhias in aghaidh an lae.

– Arizona: Ní cheadaítear camaill a sheilg.

– Connecticut: Níl cead agat siúl trasna na sráide ar do lámha.

– Massachusetts: Trí cheapaire an duine, agus gan dul thairis sin, a cheadaítear ag tórramh.

Scéalta grinn

Gadhar Bradach

Chuaigh gadhar an dlíodóra ar mire, léim isteach i siopa búistéara agus rug leis spól breá feola. D’aithin an búistéir an gadhar agus dhein caol díreach go dtí oifig an dlíodóra.

‘Gadhar scaoilte a sciobfadh spóla feola uaim, abair, an mbeadh de cheart agamsa cúiteamh a fháil ó úinéir an ghadhair?’

‘Bheadh, gan amhras,’ arsa an dlíodóir.

‘Tá €20 agat orm mar sin,’ arsa an búistéir. ‘Ba é do ghadharsa a sciob spóla feola inniu uaim.’

Scríobh an dlíodóir seic dó ar an bpointe. D’imigh an búistéir agus é lánsásta leis féin.

Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair an búistéir bille sa phost:

Comhairliúchán dlí: €50.

An Dlíodóir Cosanta

Bhí dlíodóir cosanta nótáilte ann uair amháin agus bhí cás casta ag dul ina choinne. Chun an fhírinne a rá, bhí a fhios ag an dlíodóir féin go raibh a chliant ciontach – níor ghá dhuit ach féachaint air – ach ní chuireann rudaí mar sin isteach ná amach ar dhlíodóirí; is amhlaidh is tréine a chaithfeadh a chuid argóintí a bheith chun síol an amhrais a chur in aigne an ghiúiré. Dúnmharú a bhí curtha i leith an chliaint cé nár thángthas riamh ar chorpán.

    ‘A dhaoine uaisle,’ arsa an dlíodóir, ‘chuala sibh na hargóintí ar an dá thaobh, taobh an ionchúisitheora agus taobh an chosantóra. Cuireadh i leith mo chliant-sa gur mharaigh sé a bhean chéile. Ar mharaigh? Ní gá daoibh géilleadh don ionchúisitheoir ná don chosantóir mar tá dea-scéal agam daoibh: an bhean a maraíodh níor maraíodh in aon chor í! Is beo di, sea, agus tá sí chun siúl isteach sa chúirt seo i gceann 30 soicind!’

    Thit tost ar a raibh i láthair. Bhí an dlíodóir ag féachaint ar a uaireadóir agus é ag súil leis an mbean soicind ar bith. D’fhéach gach éinne i dtreo an dorais, an breitheamh san áireamh. Dá mbeidís ann go Lá Philib an Chleite ní bhfaighidís radharc ar an mbean bhocht úd mar is fuar marbh a bhí sí i dtóin locha. Go ndéana Dia grásta uirthi.

    ‘Is léir,’ arsa an dlíodóir agus é ag féachaint ar an mbreitheamh agus ansin ar an ngiúiré, ‘is léir,’ ar sé, ‘go raibh amhras oraibh faoin gcás seo; bhí sibh ag súil go siúlfadh an bhean isteach. Níor shiúil, ACH má cheap sibhse go bhféadfadh sí siúl isteach anseo nóiméad ar bith, nach léir dá réir sin nach cás dubh is bán é seo. I bhfad uaidh. Scaoiltear saor an cúisí!’

    Shuigh sé síos ansin agus é sásta go maith leis féin. D’imigh an giúiré ach níor thóg sé ach deich nóiméad orthu sula rabhadar ar ais arís agus a n-aigne déanta suas acu.

   ‘Ciontach!’ a d’fhógair an príomhghiúróir.

    Nuair a tháinig deireadh les an triail, arsa an dlíodóir leis an bpríomhghiúróir, ‘Ciontach! Bhí sibh go léir ag breathnú i dtreo an dorais!’

‘Bhí, is fíor, an chuid is mó againn ACH bhíos-sa ag breathnú ar an gcúisí agus ní ag breathnú i dtreo an dorais a bhí seisean!’

Fág freagra ar 'Is fearr focal sa chúirt ná punt sa sparán…'