B’fhearr don Ord Oráisteach díriú ar a bhfadhbanna féin seachas ar an nGaeilge

Ba chóir cur i gcoinne aon leatrom sa státseirbhís ach b’fhearr don Ord Oráisteach díriú ar fhadhbanna bunúsacha faoina gcuid paráidí agus a lucht leanúna seachas a bheith ag déanamh imní faoin nGaeilge a bheith ag sárú cearta chun na dínite san ionad oibre

Ard-Rúnaí an Oird Oráistigh, Drew Nelson. Sam Boal/RollingNews.ie
Ard-Rúnaí an Oird Oráistigh, Drew Nelson. Sam Boal/RollingNews.ie

Protastúnaigh ab ea móramh ollmhór na státseirbhíseach i dTuaisceart Éireann go dtí gur thit Stormont sna seachtóidí. Tá an coibhneas á athrú go seasta ó ritheadh reachtaíocht chun cosc a chur ar idirdhealú ar bhonn creidimh. Bhí géarghá le beartais chun a dhul i ngleic leis an éagothroime i gcomhdhéanamh na státseirbhíse; le himeacht aimsire méadaíodh líon na gCaitliceach de réir mar a laghdaíodh líon na bProtastúnach.

Anois deir an tOrd Oráisteach go bhfuil leatrom á dhéanamh ar státseirbhísigh Phrotastúnacha agus a líon laghdaithe as cuimse. As 25,000 státseirbhíseach bhí líon na bProtastúnach 300 níos ísle ná mar ba cheart i gcoibhneas leis an daonra in 2013. Is baolach, dar leis an Ord, go bhfuil sé 1,000 ró-íseal faoin am seo cé nach dtugann sé staidreamh ar bith mar chruthúnas air sin.

Chomh maith leis an bhfadhb faoi uimhreacha, deir Drew Nelson, Ard-Rúnaí an Oird Oráistigh gur ‘teach fuar’ do Phrotastúnaigh é an timpeallacht i gcuid de na ranna. Údar imní é, dar leis, go ndáiltear iris Ghaeilge nach mian le baill an oird a fháil – sárú ar pholasaí na státseirbhíse i dtaca le dínit san ionad oibre. I measc na ngearán eile tá – comhráite gach Luan faoi chluichí Chumann Lúthchleas Gael, cárta Aifrinn a bheith ar taispeáint ar a dheasc ag comhghleacaí agus daoine ag teacht isteach le luaithreach ar a gclár éadain Céadaoin an Luaithrigh.

Tá na gearáin seo i dtuarascáil 27 leathanach Fairness and Fear: An Investigation of the treatment of Protestants in the Northern Ireland Civil Service. Bhailigh an tOrd an t-eolas tríd an reachtaíocht un shaoráil faisnéise agus ó fhreagraí a chuir cúigear is fiche státseirbhíseach ar fáil dóibh. Cuireadh na téarmaí faoi fhaitíos agus easpa cothroime san teideal, a dúirt Nelson, mar go ndúirt na freagróirí go raibh faitíos orthu casaoid a dhéanamh agus gur bhraith siad nach gcaithfí leo go féaráilte.

Baineann cuid mhór den tuarascáil leis an Roinn Forbartha Sóisialta agus leis an Áisíneacht Leasa Shóisialta. Maíonn duine amháin go bhfaca sé bulaíocht, íde béil seicteach agus dúdhiúltú á ndéanamh ar oibrí Protastúnach. Rinneadh magadh faoi ‘prods’, caitheadh éadaí uaine, bán is buí agus baineadh úsáid as na dathanna sin ar chomhaid. Maíodh freisin nár thug bainisteoirí áirithe aird ar bith ar an mí-iompar sin.

Tá iompar den sórt sin do-ghlactha amach is amach. Níor cheart go mbeadh ar dhuine ar bith cur suas leis. Ba cheart bainisteoir ar bith a rinne neamhshuim de a smachtú. Níl aon cheist faoi sin. Tá rialacha agus dlíthe ann chun seicteachas agus bulaíocht a ghlanadh ón ionad oibre agus is náire shaolta é go dtarlódh a leithéid sa státseirbhís. Má tá fianaise ann faoi oiread agus cás amháin is gnó é do gach duine sa státseirbhís; níor cheart go mbeadh ar eagraíocht taobh amuigh raic a thógáil faoi ach mura bhfuil gníomh déanta sa státseirbhís tá gach ceart ag an Ord Oráisteach a dhul i ngleic leis.

Níl an chuid eile den tuarascáil oráisteach seo chomh bailí. Éiteas caitliceach/náisiúnach atá ag déanamh buartha don dornán daoine a rinne a ngearáin leis an Ord. Cuireadh an cárta Aifrinn i gcomparáid le cárta Oráisteach, dúradh gurb ionann ag taobh amháin Cumann Lúthchleas Gael agus an tOrd Oráisteach ag an taobh eile. An nglacfadh na daoine a bhíonn ag caint gach Luan faoi chluichí Gaelacha le comhráite os ard faoi mháirseálacha? An mbeidís sásta dá gcuirfeadh duine cárta comhbhróin Oráisteach (díolann siad iad ina siopa) ar a dheasc? Ceisteanna den sórt sin atá acu. Ní chuirtear cluichí Gaelacha i gcomhthéacs sacair nó rugbaí. Ghoill sé ar dhuine eile Caitlicigh a bheith ag caint faoi pháistí ag déanamh céad comaoineach nó cóineartú.

Ní foláir nó go raibh sé deacair ábhar gearáin nithiúil a aimsiú. Tá éisteacht tuillte ag éinne a ndéantar leatrom air/uirthi bíodh caint sheicteach, bulaíocht nó drochíde de chineál ar bith eile i gceist.

Don chuid eile, tá sé thar am ag daoine éirí as a bheith sa tóir ar nithe a ghoillfeadh orthu agus a miondeacrachtaí a réiteach eatarthu féin nó ina gceardchumann. Maidir leis an Ord Oráisteach b’fhearr dóibh díriú ar na fadhbanna bunúsacha faoina gcuid paráidí agus a lucht leanúna ó tá séasúr máirseála nua buailte linn.