Ionsaí nua ar pholasaí cánach an stáit. Ach cé a sheasfaidh an fód?

Agus an smacht atá againn ar chúrsaí cánach i mbaol, ní foláir a léiriú nach ngéillfidh muid a thuilleadh don Fhiontar Eorpach

Ionsaí nua ar pholasaí cánach an stáit. Ach cé a sheasfaidh an fód?

De réir mar a ullmhaíonn an tAontas Eorpach a gcuid pleananna don socrú leis an mBreatain tar éis don tír sin imeacht ón Aontas, tá sé ag éirí níos soiléire go bhfuil díograiseoirí an Fhiontair Eorpaigh ag tapú na deise le cúrsaí cánach a chur faoi smacht ag an Aontas.

Tá ceist na cánach ina cnámh spairne le fada an lá, agus bhí an tír seo ar na tíortha a throid in aghaidh iarrachtaí an Choimisiúin smacht a fháil ar rátaí cánach, go háirithe i gcás comhlachtaí, a shocrú.

Bhí an Bhreatain, ar ndóigh, ina comhghuaillí tábhachtach sa troid seo, agus lagófar an cás ina héagmais.

Thar aon rud eile, seo é an t-údar uamhain a chuir an oiread sin imní ar an rialtas nuair a d’fhógair Coimisiún a rialú maidir le cás Apple. Cleasaíocht a bhí i gceist sa bhfógra sin mar ní bheadh ach fíorbheagán den €13 billiún a luadh ag dul dúinn ós i dtíortha eile a rinneadh an brabús a cruinníodh i dtaisce in Éirinn. Ní hamháin sin ach is léir gurb í sin an chéad chéim maidir le cur le ról an Choimisiúin i gcúrsaí cánach na tíre seo.

Roimhe seo, ar ndóigh, bhíodh an Ghearmáin agus an Fhrainc, go háirithe, ag gearán faoin ráta cánach ar chomhlachtaí in Éirinn, an ráta laghdaithe ar bunchloch í de pholasaí na tíre seo maidir le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch a mhealladh.

Tá polasaí tionsclaíoch an stáit bunaithe ar an infheistíocht chéanna ó aimsir Ken Whitaker sna caogaidí.

Creideann an Rialtas gur ceann caol na dinge é rialú an Choimisiúin maidir le Apple, agus treisíodh ar an imní atá orthu nuair a chuala siad go bhfuil scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar 300 riail cánach eile de chuid na tíre seo.

Theip ar an gCoimisiún smacht iomlán a fháil ar rátaí cánach, is tá a n-aird anois dírithe ar ráta cánach corparáideach comhdhlúite a thabhairt isteach a shocródh an chaoi go ngearrfar cáin amach anseo, fiú má fhágtar an ráta (go sealadach) i lámha na mballstát.

Le fógra na seachtaine, seo tá polasaí nua i dtaobh an bonn cánach ar fud an Aontais á chur chun cinn. Má éiríonn leis an gCoimisiún ní bheidh scéimeanna cánach faoi smacht an stáit agus ní bheidh Éire in ann an córas cánach a shocrú ar bhealach a oireann dár gcuid iarrachtaí infheistíocht a mhealladh isteach.

Tá an plean seo cáinte fiú ag Brian Hayes, feisire Eorpach de chuid Fhine Gael, a dúirt gur plean é le comhchuibhiú cánach a thabhairt isteach ‘tríd an gcúldoras’.

In éagmais na Breataine, ámh, beidh sé fíordheacair don tír seo an cás a throid gan tacaíocht ó chomhghuaillithe eile.

Cibé comhghuaillithe a bheadh ar fáil – na tíortha Visegrad, mar shampla, (An tSeic, an tSlóvaic, an Pholainn agus an Ungáir) – is tíortha iad atá, faoi láthair, ag iarraidh cumhacht an Choimisiúin a laghdú agus stop a chur le fás an Fhiontair Eorpaigh.

Ach ta Fianna Fáil, mar shampla, ag impí

ar an gCoimisiún céanna teacht i gcabhair ar an tír seo le fadhbanna na Breatimeachta maidir le tráchtáil na hÉireann agus maidir leis an teorainn a mhaolú.

Bhí Micheál Martin an-láidir ag damnú na Sasanach san óráid a thug sé ag ócáid chomórtha Wolfe Tone, ach níor leag sé aon phlean amach sa gcás nach leor an chabhair a bheadh an tAontas sásta a thabhairt ná níor luaigh sé na coinníollacha maidir le cúrsaí cánach a d’fhéadfadh a bheith ceangailte leo.

Creideann roinnt eacnamaithe, Wolfgang Muenchau ón Financial Times ina measc, gur díothú atá i ndán do pholasaí infheistíochta an stáit a bhíonn ag brath ar cháin íseal is gur chóir dúinn dianmhachnamh a dhéanamh ar imeacht ón Aontas muid féin.

Tá an cineál sin cainte sin cáinte go géar ag Feargal O’Rourke san Irish Times, ach ní théann seisean i ngleic beag nó mór leis an mbaol go rachaidh an tAontas ar an ionsaí inár gcoinne.

Níl a leithéid á rá acu, a deir sé go saonta.

Ach tá bunús ár bpolasaí faoi bhagairt, is tá rogha againn: géilleadh, mar a ghéill muid gach uair ar gach ceist eile, nó an fód a sheasamh agus diúltú le veto.

Ní hí an Bhreatimeacht chrua is mó a chuirfeadh as dúinn ach an deis a thapódh leithéidí Michel Barnier le spriocanna na Fraince i dtaobh cúrsaí cánach a bhaint amach.

Ni leor caint láidir ag Micheál Martin ag damnú na Sasanach; tá gá le seasamh láidir cinnte a thógáil agus le rialtas nach ngéillfidh a thuilleadh don Fhiontar Eorpach.