Iománaíocht i Fenway Park – poiblíocht iontach don chluiche i SAM

Táthar den bharúil go bhféadfadh idir 10,000 agus 15,000 lucht féachana a bheith ag an gcluiche i Fenway Park

Fenway_Park_2009

Tabharfaidh an cluiche idir foirne as Gaillimh agus Baile Átha Cliath i Fenway Park i mBoston ar an 22 Samhain poiblíocht luachmhar don iománaíocht sna Stáit Aontaithe, a deir Jim Grealish as cumann na Gaillimhe i mBoston. 

Ag labhairt dó as Boston, dúirt Jim Grealish, a bhí ag cur na hiománaíochta chun chin sna státaí thoir thuaidh i Meiriceá ar feadh roinnt blianta, go bhfuiltear den bharúil go bhféadfadh idir 10,000 agus 15,000 lucht féachana a bheith ag an gcluiche i Fenway Park; níor facthas slua mar sin ag cluiche iomána i mBoston ariamh cheana.  “Go deimhin, is ar éigean, a bhí a leithéide de shlua ariamh ag cluiche de chuid Chumann Luthchleas Gael i Meiriceá”, a deir Grealish, iariománaí contae de chuid na Gaillimhe sna 1970óidí.

Is é Méara Bhoston, Marty Walsh, a thug an fógra oifigiúil faoin gcluiche i Fenway Park an tseachtain seo caite. Bhí captaen fhoireann iománaíochta na Gaillimhe, David Collins, ansin agus Dónal Óg Cusack ón GPA – Cumann Imreoirí na gCluichí Gaelacha. Bhí feidhmeannaigh sinsireacha ó na Boston Red Sox agus ón gcomhlacht airgeadais, A.I.G. ann freisin. Tá AIG ag tacú leis an ócáid.

Is é Fenway Park a hosclaíodh 103 bliain ó shin ceanncheathrú na foirne Baseball, na Boston Red Sox. Tá sé ar cheann de na hionaid spóirt is aitheanta sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain. Aon chluiche iomána a himríodh ann ariamh cheana nuair a chas Corcaigh le foireann de chuid na Státaí ó thuaidh i Meiriceá ansin i 1954.

Tá Fenway Park istigh i lár na cathrach i mBoston agus é cúng go maith. Dá bharr sin, caithfear athrú a chur ar an gcluiche iomána idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath; ní cheadófar pointí. Bheadh contúirt ann do dhaoine a bheadh ag dul thar bráid taobh amuigh – gan trácht ar fhuinneoga – dá mbeadh an sliotar ag seoladh go hard thar an trasnán agus amach ar shráideanna Bhoston.

Marty Walsh
Méara Bhoston, Marty Walsh

Aon nduine dhéag an taobh a bheidh ar na foirne as Gaillimh agus as Baile Átha Cliath a bheas ag dul anonn. Beidh ag bordáil ar scór ar chaon phainéal.

Is é a chloch nirt é go bhfaighfeá cúpla míle lucht féachana ag cluiche i gCanton – ceanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael i mBoston agus i Massachusetts – a deir Jim Grealish. Má thagann an slua atá á thuar go Fenway Park ar an Domhnach an 22 Samhain, is éacht a bheas ann. Ach beidh Féile de chuid na nÉireannach ar bun i mBoston an deireadh seachtaine sin agus tá cluiche peile Meiricéanach idir Notre Dame agus Boston College á imirt in ómós na hócáide sin i Fenway freisin. Ar an Satharn an 21 Samhain a bheidh an cluiche sin ann agus súil le lán an tí – sin 37,000 – ansin. 

De bharr slua mar sin a bheith ag teacht ann, agus an Fhéile a bheith ar bun freisin – agus tacaíocht Mhéara Bhoston ag an ócáid – d’fhéadfadh sé go mbeadh curiarracht nua ann ó thaobh slua ag cluiche iomána sna Státaí.

Tá Cumann Iomána na Gaillimhe i mBoston ag plé na hócáide agus an réiteach atá le déanamh lena haghaidh anocht (Dé Máirt) i mBoston.

Creideann Jim Grealish, arbh as an gCarn Mór ó dhúchas dó, gur cheart do Chumann Lúthchleas Gael a míle dícheall a dhéanamh le tuilleadh airde a tharraingt ar an iománaíocht i Meiriceá.  “Sílim”, a deir sé, “go bhféadfaí suim na mílte…nó na milliún…sa tír seo a tharraingt ar an iománaíocht ach léargas a thabhairt dóibh ar an gcluiche”.

Fág freagra ar 'Iománaíocht i Fenway Park – poiblíocht iontach don chluiche i SAM'