In Éirinn is mó a bhíonn toradh ar an uair an chloig oibre thar thíortha eile san Eoraip – suirbhé nua

Ar an meán, de réir suirbhé ón bPortaingéil, chaith na daoine in Éirinn 1820 uair an chloig ag obair sa mbliain 2016. De réir an tsuirbhé is in Éirinn is mó a bhíonn toradh ar an uair an chloig oibre thar thíortha eile san Eoraip

In Éirinn is mó a bhíonn toradh ar an uair an chloig oibre thar thíortha eile san Eoraip – suirbhé nua

De réir suirbhé atá foilsithe ag O Jornal Economico, nuachtán sa bPortaingéil, is í Éire an tír is mó a mbíonn toradh ar an uair an chloig oibre ann san Eoraip.

Baineann an t-eolas seo leis an gcomaoin a chuireann uair an chloig oibre ar an olltáirgeacht intíre (GDP). De réir na bhfigiúirí atá i gcló in O Jornal Economico, is fiú 134 pointe an uair an chloig oibre in Éirinn chomh fada is atá an olltáirgeacht intíre i gceist. (Níl míniú san alt ar an modh oibre a bhí i bhfeidhm in áireamh na bhfigiúirí seo.)

I measc na dtíortha eile a dtugtar eolas faoi na cúrsaí seo iontu san alt, tá An Phortaingéil, An Spáinn, An Bhreatain, An Ghearmáin, An Iodáil, An Ghréig agus an Liotuáin. Seo iad na pointí is fiú uair an chloig oibre don olltáirgeacht intíre sna tíortha sin, de réir an tsuirbhé: An Phortaingéil (103), An Spáinn (106), An Bhreatain (101), An Ghearmáin (105), An Iodáil (101), An Ghréig (95) agus An Liotuáin (114).

Is díol suntais atá ann bearna chomh mór a bheith idir pointí na hÉireann agus pointí na dtíortha eile ar an meán. Níl tagairt dó sin san alt. Meastar go mbaineann sé leis an airgead is fiú na hollchomhlachtaí iasachta don eacnamaíocht in Éirinn, cé nach luaitear leithéidí Yahoo ná Google go sonrach i gcomhthéacs an tsuirbhé.

Ar an dara rud atá i suirbhé nua an O Jornal Economico, tá mioneolas faoi líon na n-uaireanta a chaith na daoine ag obair i rogha shamplach tíortha ar fud an domhain sa mbliain 2016. Roinntear na tíortha ina dtrí réigiún – an Eoraip, an Áise, agus Meiriceá, idir thuaidh, theas agus láir.

Is é Meicsiceo an tír is mó ar chaith na daoine a gcuid ama ag obair inti in 2016. Líon na n-uaireanta oibre i Meicsiceo ná 2246. Is beag tír eile a bhfuil os cionn 2000 uair an chloig oibre i gceist leo. Orthu sin tá Cósta Ríce agus an Ghréig.

Díol suntais arís gurb í An Ghearmáin an tír is lú a raibh uaireanta oibre le déanamh ag na daoine ann in 2016. Is beag súil a bheadh leis sin, ó tharla borradh chomh mór faoin tionsclaíocht ann. Líon na n-uaireanta sa nGearmáin ná 1371. Is cinnte go mbaineann feabhas na gcóras agus cúinsí maithe oibre leis an staitistic seo. Is beag tír eile faoi 1500 uair an chloig oibre sa mbliain. Orthu sin tá an Ísiltír, An Iorua, An Danmhairg agus an Fhrainc.

Tá difríocht le sonrú idir líon na n-uaireanta oibre in iarthar na hEorpa agus in áiteacha eile san Eoraip. In oirthear na hEorpa, cuir i gcás, is idir 1600 agus 1800 uair an chloig a bhíonn i gceist. Is amhlaidh, cuir i gcás, san Ungáir agus i bPoblacht na Seice. I ndeisceart na hEorpa, sa Spáinn san Iodáil agus sa bPortaingéil, cuir i gcás, is idir 1600 agus 1800 uair an chloig oibre a bhíonn i gceist chomh maith.

Seo iad na tíortha a bhfuil idir 1800 agus 2000 uair an chloig oibre luaite leo i gcomhair na bliana 2016: An Rúis, An Pholainn, An Phortaingéil, An Liotuáin. Tá Éire le lua i measc na dtíortha seo freisin (1820 uair an chloig oibre). Maidir leis an mBreatain, chaith na daoine 1674 uair an chloig ar an meán ag obair sa tír sin in 2016.

Is i bhfómhar na bliana 2016 a bunaíodh O Jornal Economico.

Fág freagra ar 'In Éirinn is mó a bhíonn toradh ar an uair an chloig oibre thar thíortha eile san Eoraip – suirbhé nua'