IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Seo linn_Cúige Laighean
‘D’aon Ghuth Amháin’ á seoladh ag Seo Linn, Dé Sathairn 14 Nollag, 8in, upstairs@Whelan’s

Cúige Chonnacht


Geamaireacht_Cúige Chonnacht

GEAMAIREACHT NA NOLLAG: ‘Áille agus Allta’, 17-21 Nollaig, Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh. Geamaireacht don teaghlach ar fad, le neart ceoil, damhsa agus siamsaíochta a insíonn scéal Áille, bean óg shéimh chineálta – agus brúid mhór ghránna….ar Prionsa é i ndáiríre, atá fial flaithiúil. Tá idir aisteoirí móra le rá agus páistí ó chathair agus ó chontae na Gaillimhe ag glacadh páirte ann. I measc na n-aisteoirí, tá Diarmuid de Faoite (Corp & Anam, ‘Defender of the Faith’), a bhfuil páirt Dilín Ó Deamhas-O’Dea aige, baintreach shaibhir de bhunadh Chonamara. Tá páirt na Banríona ag Tara Breathnach (Ros na Rún, A Nightingale Falling, Na Cloigne, Corp agus Anam). Is ag Úna Ní Fhlatharta (Corp agus Anam) atá páirt ‘Áille’ agus is é Eoin Ó Dubhghaill (Aifric, Ros na Rún) a bheas mar an Mac Allta sa léiriú freisin. Cead isteach: Duine Fásta – €14.50/€11.50, Páiste faoi 16 – €9.50 Tuilleadh eolais: https://antaibhdhearc.com/ nó cuir scairt ar 091- 562 024

 

OÍCHE CHLUB: ‘The HIVE’, Dé hAoine 14 Samhain, ag a 11.30i.n, sa Róisín Dubh, Gaillimh. Fágaigí bhur ngeansaithe Nollag sa bhaile! Beidh sé róthe ar an urlár damhsa. Tá oíche mhór damhsa geallta ag an D.J agus láithreoir ‘ATT’ Cian Ó Cíobháin agus Cyril Brisceo, beirt atá taobh thiar den oíche cheoil leictreonach a siúl ar bhonn míosúil i gcathair na Gaillimhe. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘The Hive’ ar Facebook.

 

DRÁMA: ‘Boicíní Bhóthar Kilburn’, a léiriú ag Aisteoirí an Spidéil, Dé Sathairn 14 Nollag, 8.00in, i dTír an Fhia, Conamara, Gaillimh. Leagan Gaeilge le Mícheál Ó Conghaile den dráma ‘The Kings of Kilburn High Road’. Díríonn an dráma ar sheisear as Conamara a chuaigh ar imirce go Londain i lár na seachtóidí. Castar cúigear acu lena chéile arís cúig bliana fichead ina dhiaidh sin ag sochraid an séú duine agus is léir go bhfuil cosán éagsúil saoil tugtha air féin ag chuile dhuine acu idir an dá linn. Trí ghreann agus tragóid, tugann an dráma cumhachtach seo léargas ar scéal na deoraíochta agus ar an athrú a tháinig ar shaol daoine a thug aghaidh ar an mbád bán. Tuilleadh eolais: Pauline Nic Con Aonaigh: 0879583354 nó Máire Ní Neachtain: 086 2732279 (Léirmheas ar fáil: https://tuairisc.ie/boicini-bhothar-kilburn/)

 

MARGADH NA NOLLAG: ‘Aonach na Nollag’, Dé hAoine agus Dé Sathairn 12 Nollaig, 9.30rn-3.30in Ollmhargadh Londis, Bóthar Thuama, Baile Átha an Rí, Gaillimh. Beidh leabhair, cluichí agus go leor táirgí Gaeilge eile á ndíol in Áth an Rí go dtí Dé Sathairn. Tabharfaidh Ré Ó Laighléis, mórscríbhneoir na Gaeilge ,cuairt ann Dé hAoine 12 Nollaig.


Cúige Uladh


CUAIRT Ó SHANTAÍ: ‘Santaí sa Ghaeláras’, Dé Sathairn 13 Nollaig, 11rn-1in, Gaeláras Mhic Árdghail, Iúr Chinn Trá, Co. an Dúin. Beidh Daidí na Nollag ag tabhairt cuairte ar pháistí in Iúr Cinn Trá Dé Sathairn. Ócáid lán-Ghaeilge a bheas ann le bronntanais, ceol, bia, ceardaíocht agus craic. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAinín Ní Eachaidh ó Ghlór na nGael chun áit a chur in áirithe ar 077 4912 6949 nó ainin@glornangael.ie

 

Claire Nic Ruairí_Cúige Uladh
Claire Nic Ruairí

 

CEARDLANN AMHRÁNAÍOCHTA: ‘Ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós’, faoi stiúir Claire Nic Ruairí, Dé Sathairn 13 Nollaig, 11.30rn-1.30in sa tSeanbheiric, An Fhál Charrach, Co. Dún na nGall. Sraith de cheardlanna amhránaíochta do dhaoine fásta fóirsteanach do gach leibhéal. Bíonn amhránaithe aitheanta éagsúla ó Dhún na nGall/Cúige Uladh ag teagasc na ranganna. Tuilleadh eolais agus clárú: https://www.falcarraghvisitorcentre.com/ nó 074 9180655 Táille: €6 an rang nó €30 don chúrsa iomlán.

CEARDLANN SEÁN NÓS: ‘Ceardlann amhránaíochta’ le Dominic Mac Giolla Bhríde, Dé hAoine 12 Nollaig, 6-7in, Páirc na Mara in Áth na Long, Co. an Dúin.  Beidh an ceoltóir clúiteach as Gaoth Dobhair, Doiminic Mac Giolla Bhríde ag cur ranganna ar fáil go seachtainiúil i gCo. an Dúin.  Beidh seisiún cóir i nDún Éigse, Caisleán Uidhilín ar siúl idir 7.30-9.00in as seo amach gach Aoine. Níl fágtha ach rang agus seisiún cóir amháin roimh sos na Nollag ar an Aoine beag seo, 12 Nollag.  Tá tuilleadh eolais ar fail ó Sara Ní Chuireáin ar boircheiochtar@gmail.com nó ar 075 0042 8600.

 

SCRÍOBH LITIR CHUIG DAIDÍ NA NOLLAG: Tá fáilte roimh pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna i nDoire litir a scríobh chuig Daidí na Nollag. Seoltar cárta speisialta Gaeilge a fháil ar ais in am don Nollaig. Má chuirtear an litir bosca poist suite faoin chrann Nollag ar chearnóg Halla na Cathrach faoin  Déardaoin 18 Nollaig 2014 nó cuir í díreach chuig: Litir chuig Santaí, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN.

 

OÍCHE SHIAMSA NA NOLLAG: ‘Oíche na Nollag’, á hóstáil ag Cultúrlann Uí Chanáin, in eaglais Saint Eugene ar Great James’ Street, Doire. Tá an ceolchoirm seo ar cheann de phríomhimeachtaí féilire Nollag Dhoire. Déanfar ceiliúradh ar shéasúr na Nollag le hamhráin Nollag ón chór áitiúil, ceol ó cheoltóirí áitiúla agus aíonna speisialta. Cuirfidh áilleacht na heaglaise go mór leis an atmaisféar, chomh maith le pióga mionra féiltiúla agus scailtín fíona don uile duine. Cead isteach: £8 Tuilleadh Eolais:https://www.culturlann-doire.ie/

 

TAISPEÁNTAS: ‘Ealaíontóirí Oileán Thoraí’, Na Ballaí Bána, a thaispeáint go dtí an 7 Eanáir, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. Ó bhí na 1950ídí ann, tá cónaí ar phobal beag rafar ealaíontóirí in Oileán Thoraí.  Tá a ghailearaí féin ag an oileán an lá atá inniu ann agus tá clú mór ar an stíl sho-aitheanta ealaíne as Toraigh. Seo bailiúchán dá saothair, a áiríonn an Rí Patsy Dan Mac Ruairí. Ar taispeáint i nDánlann na mBallaí Bána go dtí Eanáir 2015. www.culturlann.ie


Cúige Mumhan


CEOLCHOIRM NA NOLLAG: ‘Sean Keane agus Cairde’, Dé Sathairn 13 Nollaig, 8in, Ionad Cultúrtha Baile Bhúirne, Co.Chorcaí. Tá an t-amhránaí iomráiteach, ó Chathair Loistreáin na Gaillimhe, ar ais i mBaile Bhúirne agus é ag tabhairt faoina chamchuairt ‘Christmas by the Hearth’, a bhfuil an-tóir air. Beidh Pat Coyne (giotár) agus Stephen Doherty (pianó, feadóg mhór agus bosca ceoil) in éineacht le Sean. Tuilleadh eolais: https://www.ionadculturtha.ie/ nó glaoigh ar 026 45733

 

Margadh ChorcaíMARGADH: ‘Margadh Ceardaíochta na Nollag’, 12  -14 Nollaig,  4th Floor Studios, Sullivan’s Quay, Corcaigh. Baileoidh ceardaithe Chorcaí le chéile tráthnóna Dé hAoine agus thar an deireadh seachtaine chun margadh álainn na Nollag a chur ar siúl. Bí ag fánaíocht thart fán mhargadh, ag breathnú ar earraí áille agus ag ól scailtín fíona. Tá an margadh suite san fhoirgneamh a raibh oifigí FÁS, díreach trasna ón margadh bia. Amanna oscailte: Dé hAoine 6-10in, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 10rn-10in.

 

Taispeántas: ‘Feast’ saothair reatha le Niki Purcell, a thaispeáint faoi láthair sa Lab, Ionad Ealaíona Gaeilge sa Daingean. Is é atá in Feast ná sraith pictiúr de chuid an ealaíontóra Éireannaigh Niki Purcell a cheiliúrann grá an ealaíontóra don aoibhneas inite, cibé acu canta méith císte nó lán doirne de phónairí nuaphioctha atá i gceist. Baineann na pictiúir le sásamh na gcéadfaí; a n-aidhm ná breith ar mheandar dúile agus aoibhnis.

 

CEOL TRAIDISIÚNTA: ‘Craic agus Ceol’, Déardaoin 12 Nollaig, 7in ar aghaidh,  The Oliver Plunkett, 116 Sráid Oliver Plunkett, Cathair Corcaí. Idir gig agus seisiún, oíche cheoil thraidisiúnta le ceoltóirí áitiúla agus atmaisféar breá. Saor cead isteach.


Cúige Laighean


CEOLCHOIRM AGUS SEOLADH ALBAIM: ‘D’aon Ghuth Amháin’ á seoladh ag Seo Linn, Dé Sathairn 14 Nollag, 8in, upstairs@Whelan’s, 25 Sráid Loch Garman, Baile Átha Cliath. An chéad uair don ghrúpa lán-Ghaeilge ‘Seo Linn’ a bheith ag casadh san ionad mór ceoil Whelans agus táthar ag súil le slua breá a bheith in éineacht leo don cheiliúradh. Fáilte roimh gheansaithe na Nollag. Cead isteach: €10. Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ó https://www.whelanslive.com/index.php/seo-linn/

 

CÓISIR NA NOLLAG: ‘Gig le DJ Raidió na Life’, Déardaoin 11 Nollag, 8in ar aghaidh, Sweeney Mongrel, 32 Sráid Dáma, Baile Átha Cliath. Oíche siamsaíochta na Nollag le ceol agus spraoi. Cloisfear seiteanna ó Firehouse Skank, Jaume Vidanes i Camó & Niamh Ní Shuilleabháin, James Wyse, Steph Nic Aonghusa agus Sam Keenan. Beidh airgead á chruinniú don charthanacht caringforpadraig.org. Fáilte roimh cách! Tuilleadh Eolais: Cuardaigh ‘Cóisir na Nollag’ ar Facebook.

 

CEOLCHOIRM: ‘Oíche Cheoil na Nollag’ le Edel Fox agus Neill Byrne, Dé hAoine 12 Nollaig, 8in, Ionad Paróiste Léim an Bhradáin, Cill Dara. Ceol le Edel Fox (Consairtín) agus Neill Byrne (Fidil) a bhfuil an iliomad gradaim bainte amach acu dá ndlúthdhiosca ‘The Sunny Banks’. Cloisfear rogha ón albam mar aon le roinnt port eile. Beidh pióga mionra féiltiúla agus scailtín fíona ar fáil agus beidh crannchur Nollag ann. Cead isteach €10/€5.

 

CEOLCHOIRM AGUS SEOLADH ALBAIN: ‘Ré’, Dé Luain 15 Nollaig, 8in, Séipéal Úinitéireach Bhaile Átha Cliath, 112 Faiche Stiabhna Thiar, Baile Átha Cliath. Ceolchoirm le ‘Ré’ ina seolfar a gcéad albam faoin teideal céanna. Liam Ó Maonlaí a tharraing an scata ceoltóirí ildánacha seo le chéile, ina measc, Peter O’Toole, Cormac Ó Beaglaoich, Eithne Ní Chatháin agus Maitiú Ó Casaide. Sároíche cheoil is chuideachta in áit ghalánta. Cad eile a bheadh uait oíche Luain? Cead isteach: €20. Ticéid ar fáil ó https://www.eventbrite.ie/ Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Ré’ ar Facebook.

 

LÉACHTAÍ: ‘Léachtaí agus Fáiltiú i gCuimhne ar Bo Almqvist’, Dé Sathairn 13 Nollaig, 2-6.in, Lárionad Nova, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Sraith leachtaí a dhéanfaidh ceiliúradh ar ‘Bo Almqvist’, ón tSualainn, laochra i saol an bhéaloidis a d’éag anuraidh. Tuilleadh Eolais: 01-716-8438

 

CUAIRT Ó SHANTAÍ: ‘Daidí na Nollag ar cuairt’, Dé Sathairn 13 Nollaig, óna 11rn, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Beidh Daidí na Nollag ag súil le bualadh le páistí ó theaghlaigh Ghaeilge ar bith ar mhaith leo cuairt ar thabhairt air. Beidh grúpa spraoi ar siúl sa teach céanna i gcaitheamh an lae do na páistí atá ag fanacht. Beidh féiríní beaga ag Daidí na Nollag le tabhairt amach. Tuilleadh eolais ag Marie Uí Chearbhaill ar 0861023276 nó mariney@europe.com

 

OCÁID CHEILIÚRTHA: ‘Lingua + Musica: Ceiliúradh ar an Ilghnéitheacht Teanga agus Chultúrtha’, Dé Máirt, 16 Nollaig, 7in, san ionad Upstairs@Whelan’s, Shráid Loch Garman, Baile Átha Cliath.  Déanfar Lá Eorpach na dTeangacha 2014 a cheiliúradh agus tábhacht an ilteangachais a chur ar a súile don phobal ag ócáid atá á eagrú ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin agus ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, i gcomhar leis an gcomhlacht Gaelchultúr. Múinfear comhrá simplí i gceithre theanga éagsúla agus leanfar le ceol agus amhráin ó réimse tíortha agus teangacha le Moxie, Kíla, Enda Reilly agus Pauline Dupont agus eile. Ní bheidh aon táille iontrála i gceist ach is gá ticéid a chur in áirithe roimh ré ag linguamusica.eventbrite.ie chun cead isteach chuig an imeacht a chinntiú. Tuilleadh eolais: (01) 484 5220 nó ríomhphost a chur chuig eolas@gaelchultur.com. Ar Facebook, cuardaigh ‘Lingua + Musica’, le do thoil.


Ar fud na tíre


GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ dar teideal ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, má tá tú ag foghlaim nó más cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar cnag.ie.

 

Oíche Nollag_Ar fud na tíreDRÁMA: Oíche Roimh an Nollag, á léiriú ag Branar Téatar do Pháistí. Tá an baile ag réiteach i gcomhair na Nollag. Tá na tithe á maisiú, cártaí á scríobh, bronntanais á gclúdach agus stocaí á gcrochadh. Tugann Branar cuireadh duit bheith i láthair don oíche is draíochtúla sa bhliain. Bunaithe ar an dán clasaiceach, is léiriú dátheangach é seo le ceol beo, puipéadóireacht agus seanchas le haghaidh páistí atá 5 bliana d’aois agus níos sine. Cead isteach €7.00 Tuilleamh eolais: www.branar.ie
12-13 Nollaig, Riverbank, Cill Dara. www.riverbank.ie/theatre
14-15 Nollaig, Axis, Baile Átha Cliath https://www.axis-ballymun.ie/
16-17 Nollaig, Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh. https://tht.ie/