Iarrtha ar chustaiméirí Bhanc na hÉireann teagmháil a dhéanamh le bainisteoirí áitiúla faoi rogha Ghaeilge ar ATManna

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar a chuid ball brú a chur ar chraobhacha áitiúla de Bhanc na hÉireann an rogha Ghaeilge ar ATManna an bhainc a choinneáil

Iarrtha ar chustaiméirí Bhanc na hÉireann teagmháil a dhéanamh le bainisteoirí áitiúla faoi rogha Ghaeilge ar ATManna

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar bhaill na heagraíochta a míshásamh a chur in iúl le bainisteoirí áitiúla Bhanc na hÉireann ar fud na tíre faoi chinneadh an bhainc deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna.

Tá an eagraíocht teanga ag iarraidh go dtarraingeodh na bainisteoirí an cheist aníos le lucht ceannais Bhanc na hÉireann “mar ábhar práinne”.

Tá cruinniú á lorg ag an gConradh leis an mBanc leis an scéal seo agus “tuilleadh deiseanna leis an teanga a chur chun cinn tríd an mbanc” a phlé.

“Tá spás ar leith cruthaithe ag Banc na hÉireann dóibh féin san earnáil agus is iad an t-aon bhanc a chuireann rogha na Gaeilge ar fáil ar líon leathan uathmheaisíní ó cheann ceann na tíre, sna Gaeltachtaí ina measc. Creideann Conradh na Gaeilge go láidir gur olc an chéim ghearr-radharcach ar gcúl a bheadh ann mura leanfaí le rogha na Gaeilge a chur ar fáil ar uathmheaisíní lóisteála nua an bhainc,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha.

Thagair sé don suirbhé a rinne an comhlacht Millward Brown thar ceann Chonradh na Gaeilge dhá bhliain ó shin inar léiríodh go raibh 42% den phobal den tuairim gur “gné uathúil dhíolacháin” do ghnólachtaí í an Ghaeilge.

Dúirt Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Cumarsáide an Chonartha, go luaitear Banc na hÉireann mar eiseamláir de na gnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn mar chuid den ‘Seó Bóthair’ a dhéanann an Conradh gach bliain.

“Eagraíonn Conradh na Gaeilge Seó Bóthair a fhreastalaíonn ar 10,000 duine óg i scoileanna dara leibhéal, i gcoláistí samhraidh, agus in institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre, mar shampla, agus luaitear Banc na hÉireann mar eiseamláir den dea-chleachtas ó thaobh gnó a dhéanamh as Gaeilge ar ATMs sna ceardlanna seo.

“Is iomaí custaiméir de chuid an bhainc a d’oscail cuntas le Banc na hÉireann de bharr rogha na Gaeilge a bheith á chur ar fáil acu ar na huathmheaisíní bainc, Conradh na Gaeilge agus mé féin san áireamh,” a dúirt sí.

Mhaígh sí freisin gur léiriú a bhí sa rogha Ghaeilge ar ATManna an bhainc gur “bhain luach” le custaiméirí le Gaeilge go raibh “meas” ag an mbanc ar thábhacht na teanga.

Idir an dá linn, tá agóidí á n-eagrú ag an ngrúpa MISNEACH amárach agus sna seachtainí amach romhainn le cur i gcoinne chinneadh an bhainc.

Dúirt Kerron Ó Luain, ó MISNEACH, gur “masla” atá sa chinneadh, go mór mór i ndiaidh do mhuintir na hÉireann Banc na hÉireann a tharrtháil le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Mhaígh sé gur “de bharr meoin nua-choilínigh shuaraigh” an bhainc atá “leisce” orthu an rogha Ghaeilge a chur ar fáil dá gcustaiméirí ar ATManna nua. Beidh agóidí MISNEACH ar siúl i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Cora Droma Rúisc, agus Corcaigh ag 1.30 amárach.

Dúirt urlabhraí de chuid Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie an tseachtain seo nach bhfuil rogha Ghaeilge ar an hinnill nua mar gheall ar an “éileamh beag” atá ar an rogha Ghaeilge ar na ATManna a bhíodh ann roimhe seo.