Iarrtha ag Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe ar mhuintir Brain an tír a fhágáil ‘dá ndeoin féin’

Tá troid á cur suas ag Kathryn agus Gregg Brain, ón Astráil, le míonna anuas agus cead á lorg acu fanacht i nGàidhealtachd na hAlban lena mac óg, atá ina chainteoir Gáidhlig

Brain Family

Tá ráite ag Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe go bhfuil sí ag súil go bhfágfaidh muintir Brain, an teaghlach Astrálach atá ag cur fúthu in Inbhir Pheofharain, i nGàidhealtachd na hAlban le cúig bliana, an tír sin dá ndeoin féin.

Fuair Gregg agus Kathryn Brain ríomhphost trí leathanach ón Oifig Dé Máirt ina ndúradh nach mbeadh cead ag an lánúin agus a mac óg, Lachlan (7), fanacht sa tír níos mó.

Bhí Lachlan ag freastal ar bhunscoil lán-Gháidhlig ó tháinig sé go hAlbain agus é páirteach i gcomórtais ‘Mód’ in Inbhear Nis, macasamhail Oireachtas na Samhna in Éirinn.

Dúirt urlabhraí de chuid na hOifige Gnóthaí Baile leis an nuachtán The National nach raibh “aon iarratas úr faighte ó mhuintir Brain ná thar a gceann a thabharfadh cead dóibh fanacht sa Ríocht Aontaithe”.

“Tá síneadh curtha againn le víosa an teaghlaigh trí huaire le tamall de mhíonna le deis a thabhairt dóibh post a fháil a ligfeadh dóibh fanacht sa tír de réir na rialacha inimirce ach ní féidir leis seo leanúint ar aghaidh ar bhonn neamhiata.

“De réir an bheartais seanbhunaithe atá ann agus a dearadh le cothrom na Féinne a thabhairt do gach duine, bítear ag súil go bhfágfaidh duine ar bith nach féidir leo a bhfanacht a thabhairt chun rialtachta dá ndeoin féin,” a dúradh sa ráiteas.

Tháinig muintir Brain go hAlbain den chéad uair sa bhliain 2001 ar saoire. D’fhill siad ar feadh cúpla seachtain ceithre bliana ina dhiaidh sin agus chaith siad na blianta idir 2005 agus 2011 ag socrú víosaí agus ag déanamh iarracht iad féin a lonnú ann.

Ar deireadh thiar, ba ar víosa mic léinn a tháinig siad – rinne Kathryn staidéar ar stair na hAlban agus ar an tseandálaíocht – mar chuid den chlár ‘The Highland Homecoming Programme’.

Dúirt Gregg gur tugadh le fios ón gcéad lá gurbh í mian a mhná fanacht sa tír lena teaghlach agus obair a dhéanamh le ‘Alba Aosmhor’ nó a leithéid d’eagraíocht a bhíonn ag plé le cultúr agus oidhreacht na tíre.

Bhí súil ag Kathryn a víosa mic léinn a aistriú go víosa oibre i ndiaidh a céime. Chaith rialtas na Ríochta Aontaithe an scéim i dtraipisí, áfach, i ndiaidh do mhuintir Brain teacht go hAlbain.

Tháinig deireadh leis an tríú síneadh ama a tugadh don teaghlach ag meán oíche Dé Luain. Tuigtear go bhfuil an teaghlach i mbun comhairle lena gcuid dlíodóirí i láthair na huaire leis an gcéad chéim eile dá dtroid a phleanáil.

Níos túisce i mbliana chuir múinteoir Lachlan, Rachel-Ann Urquhart, litir chuig an Oifig Gnóthaí Baile inar mhaígh sí gur “ar leas Lachlan” a bheadh sé dá bhfanfadh sé sa Ghàidhealtachd.

“Is í mo thuairim gur ar leas Lachlan a bheadh sé dá bhfanfadh sé ag Bunscoil Inbhir Pheofharain, áit a bhfuil ag éirí go maith leis agus dul chun cinn á dhéanamh san fhoghlaim i nGáidhlig aige. Tá go leor cairde ag Lachlan sa scoil agus chuirfeadh sé isteach air go sóisialta agus go hacadúil dá bhfágfadh sé,” a scríobh an múinteoir.

Dúirt Lachlan féin go ngoillfeadh sé go mór air dá mbeadh ar an teaghlach Albain a fhágáil.

“Bheadh an-bhrón orm dá mbeadh orm dul go dtí an Astráil agus tá súil agam go mbeidh cead againn fanacht in Albain. Is anseo atá mo chuid cairde agus d’aireodh muid uainn a chéile go mór.

“Is maith liom an scoil, na múinteoirí agus mo chuid cairde anseo, ní cuimhin liom duine ar bith ón Astráil, seachas Gramps agus Pop. Níl mé ag iarraidh mo chuid aintíní, uncailí agus col ceathracha in Inbhir Pheofharain agus Srath Pheofhair a fhágáil,” a dúirt sé.