Iarracht ar bun cur leis an mborradh faoin turasóireacht ‘Gaeilge’ in Albain

Tuairiscítear go bhfuil borradh tagtha faoin spéis atá á cur ag daoine i gcultúr Gaelach na hAlban agus i dteanga na nGael le blianta beaga anuas mar gheall ar an gclár 'Outlander'

Iarracht ar bun cur leis an mborradh faoin turasóireacht ‘Gaeilge’ in Albain

Tá scrúdú le déanamh ar an nasc idir Gaeilge na hAlban agus foirgnimh stairiúla na hAlban i bhfianaise an borradh a thuairiscítear atá tagtha faoin turasóireacht teanga sa tír sin.

Tá Àrainneachd Eachdraidheil Alba (HES), eagraíocht a chosnaíonn láithreacha oidhreachta na hAlban, le tuarascáil a dhéanamh faoi stair Ghaelach na bhfoirgneamh atá faoina cúram toisc go bhfuil níos mó turasóirí ag cur spéis sa teanga.

Tuairiscítear go bhfuil borradh tagtha faoin spéis atá á cur ag daoine i gcultúr Gaelach na hAlban agus i dteanga na nGael le blianta beaga anuas mar gheall ar an gclár Outlander ina mbíonn an Ghàidhlig le cloisteáil agus láithreacha tábhachtacha i stair na nGael le feiceáil.

Tá léirithe ag taighde atá déanta ag lucht turasóireachta in Albain go raibh tionchar ag an tsraith teilifíse ar líon na ndaoine a thagann ar cuairt ag na láithreacha seo agus go meallann úsáid na teanga sa chlár daoine freisin.

Sheol HES a ndréachtphlean don Ghàidhlig do na blianta 2018-2033 an tseachtain seo agus i measc na moltaí ann tá straitéis “uaillmhianach” a dhíreodh ar na naisc idir na foirgnimh stairiúla agus cultúr Gaeilge na hAlban.

“Tá plean uaillmhianach againn a léireoidh áit na Gàidhlig i gcultúr na hAlban, agus a chuirfidh leis na hacmhainní atá ann do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gàidhlig araon,” a dúirt Príomhfheidhmeannach HES Alex Paterson.

Tá sraith físeán déanta ag HES ar an suíomh YouTube d’fhoghlaimeoirí Gàidhlig dar teideal Gaelic for Outlanders agus tá ag éirí go measartha maith leis an tsraith sin, agus idir 2,000 agus 5,000 radharc ag na 24 eagrán. Tá baint ag seacht gcinn de na deich bhfíseán is mó amharc ar leathanach YouTube an HES leis an nGàidhlig.

Tá fáilte curtha roimh phlean an HES ag Aire Oideachais na hAlban Shirley-Anne Somerville a dúirt go bhfuil an rialtas agus a Roinn tiomanta todhchaí na Gàidhlig a chinntiú.

“Caithfear iarracht mhór a dhéanamh, sa Rialtas agus i gcomhlachtaí an rialtais, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, i ngrúpaí pobail agus i dtithe na ndaoine, an teanga a labhairt agus a chur chun cinn an oiread bealaí agus is féidir,” a dúirt sí.

Is ag Caisteal na Sròine ar bhruacha Loch Nis a chuirfear na moltaí chun an Ghàidhlig a chur chun cinn i bhfeidhm ar dtús. Tabharfar tacaíocht freisin, do thionscadail áitiúla turasóireachta agus do theangacha ar nós na hAlbainise, teanga na nDórach, agus mionteangacha eile na hAlban.

Táthar ag beartú “earraí Gàidhlig” a d’fhéadfaí a dhíol le turasóirí a fhorbairt freisin.

Fág freagra ar 'Iarracht ar bun cur leis an mborradh faoin turasóireacht ‘Gaeilge’ in Albain'