Gura fada uainn an ‘Gayltacht’ Mheiriceánach

Níl ár gcolúnaí aerach ar a shuaimhneas faoi choincheap na gceantar LGBT i mórchathracha Mheiriceá

San Fran Gay

Tá mé i mo shuí i dteach caife in Boystown, i dtuaisceart chathair Chicago, an chéad cheantar uirbeach sna Stáit Aontaithe, más fíor, a fuair aitheantas oifigiúil mar cheantar LGBT. Tá áiteanna mar é i gcathracha eile ar ndóigh: Greenwich Village i Nua-Eabhrac, South End i mBostún, Dupont Circle in Washington DC. “Gayborhood” a thugann na Meiriceánaigh ar a leithéid d’áit: “Gayltacht”, gan amhras, a thabharfaí ar cheantar den chineál seo in Éirinn dá mbeadh a leithéid ann.

Shílfeá go mbeadh mo leithéidse, fear aerach, go breá ar a shuaimhneas in áit a bhfuil bratach an tuar ceatha ar foluain os cionn chuile ghnó ann, ach níl. Ní toisc go mbeadh náire orm faoi mo chlaonadh gnéis féin (breá sásta leis, go raibh maith agat) ach toisc go gceapaim go bhfuil coincheap an cheantair aeraigh mínádúrtha. Cuid den saol mór é an saol aerach agus níor cheart go mbeadh sé i bhfolach i gceantar áirithe amháin, cuma cé chomh spleodrach is atá an ceantar sin agus cuma cá mhéad tithe caife snasta atá ann a bhfuil caife orgánach as na háiteanna is aduaine ar chlár na cruinne ar fáil iontu ar $4 an cupán.

Sin í an fhadhb mhór eile a bhaineann le coincheap an cheantair aeraigh, dar liom: ní hamháin go scoitear an saol aerach amach ón saol mór, ach scoitear daoine aeracha nach bhfuil ualach airgid acu amach ón saol aerach. Gan eisceacht ar bith is ceantair a bhfuil “uaisliú” déanta orthu iad “gayborhoods” Mheiriceá agus tá a lorg sin orthu: ceantair iad inar daoine geala iad formhór mór na n-áitritheoirí.

Siopa leabhar a bhfuil an-cháil air i gcathair Chicago, Unabridged Books, a mheall go Boystown mé. Aisteach go leor is i rannóga aeracha na siopaí leabhar i gceantair aeracha Mheiriceá is lú a mbím ar mo shuaimhneas. Ní toisc gur mó an tsuim a bhíonn ag custaiméirí áirithe i gcustaiméirí eile ná sna leabhair, ach toisc go dtagann faitíos orm gach uile uair a mbím ina leithéid d’áit go gcuirfí síos orm féin mar “scríbhneoir aerach” (rud a tharlódh, seans, murach rannóg na litríochta Gaeilge a bheith chomh beag sin nach ndéantar í a bhriseadh síos, go hiondúil, ina thuilleadh rannóg sna siopaí leabhar). Arís, ní toisc go mbeadh náire orm faoi mo chlaonadh gnéis, ach toisc nach bhfuil i mo chlaonadh gnéis ach gné amháin de mo phearsantacht agus de mo chuid scríbhneoireachta.

Tuigim an fonn a bhíonn ar dhaoine aeracha i Meiriceá cruinniú le chéile agus oileáin bheaga liobrálacha a chruthú dóibh féin i dtír nach bhfuil chomh liobrálach sin ar an mórgóir. Agus is fíor go dtiteann an cur chuige seo isteach leis an dearcadh Meiriceánach gur cheart do chuile phobal cónaí ina cheantar féin: daoine gorma le daoine gorma, cainteoirí Spáinnise le cainteoirí Spáinnise, agus araile. Ach baineann daoine LGBT le chuile phobal – pobal trasphobail iad, más maith leat – agus ní maith liom iad a fheiceáil scoite amach ón mórshaol, fiú i ngeiteo uaislithe a gcosnaíonn cupán caife $4 ann.

Fág freagra ar 'Gura fada uainn an ‘Gayltacht’ Mheiriceánach'

  • Ruth

    Sin an rud go díreach a dhéanann an slua i bpobal ar bith. Daoine a lipéadú ar mhaithe le bheith in ann cur síos cúng a dhéanamh ar an rud nach bhfuileadar féin ar a suaimhneas faoi. Ach níl an saol deas néata ná ní oireann lipéid ná boscaí beaga scoite do dhaoine.

  • padraig

    Cruinnionn daoine aeracha le cheile in Eirinn leis agus tugtar a mbionn ar siul acu ‘an chraic’ agus b’in nos a bhu acu riamh anall, thugtai ‘aeraiochtai’ ar na hocaidi sin, agus ba ghnach gur in ait bhrea aerach amuigh faoin speir a chruinnidis le cheile. Is ag ‘aeraiocht’ a bhidis ansin. Nil na daoine chomh haerach ar na saolta seo anois suas le mar bhiodh, ceaptar, toisc iad a bheith romhor i ngreim ag griothall an tsaoil. Bhi muintir aerach na hEireann i bhfad chun cinn ar na Ponncanaigh o thaobh na haeraiochta de mar sin, an rud is annamh is iontach.