Greim caillte ar an adhastar ag muintir Chonamara

Níl ach seisear as an gceantar taobh thiar den Choirib ina mball de Chomhairle stiúrtha Chumann Chaipilíní Chonamara anois – sin seisear as scór

Connemara Pony

Chaill muintir na gcnoc agus na gcladach a ngreim ar an adhastar i gCumann Lucht Chaipilíní Chonamara an tseachtain seo. Níl ach seisear as an gceantar taobh thiar den Choirib ina mball de Chomhairle stiúrtha an Chumainn anois – sin seisear as scór. Tharla seo de bharr an toghcháin a reáchtáladh ar bhealach nua. Go dtí seo, bhí socrú ann gur lucht caiple as an taobh tíre siar ón gCoirib a bheadh i dtromlach na mball ar an gComhairle agus ba ag an gcruinniú cinn bhliana a dhéantaí an vótáil.

Ach cuireadh cuid mhór athruithe ar Bhunreacht an Chumainn i mbliana agus ina measc tá socrú go mbeadh ionadaíocht as chuile Chúige in Éirinn ar an gComhairle stiúrtha feasta. Lena chois sin, rinneadh athrú an-mhór eile sa méid agus gur vótáil poist a bheidh ann as seo amach; tugann sin deis do chuile dhuine a bhfuil a bhallraíocht íoctha aige as chuile cheard den tír vóta a chaitheamh.

Rinneadh comhaireamh ar na vótaí faoin gcóras nua i mBéal Átha na Slua an tseachtain agus cuireann an toradh riocht as an nua ar an gComhairle stiúrtha agus ar Chumann Lucht Chaipilíní Chonamara. Níl fanta ach triúr as taobh thiar den Teach Dóite ar an gComhairle – sin é seancheantar traidisiúnta chaipilíní Chonamara.

Iarracht le cóir as an nua a chur ar an gCumann atá ar bun, a deir lucht stiúrtha an Chumainn; caithfear, a deirtear, aird agus aitheantas a thabhairt don dream atá ag plé le caipilíní Chonamara ar fud na tíre.

Ní féidir an Cumann a reáchtáil ar na seanbhealaí beagnach 100 bliain ó bunaíodh é agus tá mianach chaipilíní Chonamara ag brath ar úinéirí i bhfad agus i ngearr – sin é an míniú atá ar na hathruithe ar thoghcháin agus ar chórais oibre i gCumann Lucht Chaipilíní Chonamara le tamall, a deir an dream atá ina cheannas. Tá go leor tacaíochta ag an bpolasaí sin agus caithfear a chur san áireamh gur vótáladh ar shon na n-athruithe seo ag cruinniú speisialta cinn bhliana den Chumann níos túisce i mbliana.

Ar an taobh eile den scéal, tá míshuaimhneas faoi na hathruithe i measc cuid de mhuintir Chonamara agus caitheamh ina dhiaidh go bhfuil forlámhas ar an gComhairle imithe as an gceantar. Creideann cuid mhaith daoine go bhfuil iarracht ar bun le beagán blianta le lámh mhuintir Chonamara a lagachan; abraíonn an chuid is amhrasaí acu go bhféadfadh sé go dtriailfí le Seo bliantúil Chumann Lucht Chaipilíní Chonamara a athrú amach as an gClochán uilig. Chuile sheans go bhfuil an tuairim sin ag dul thar fóir.

San am céanna, is léir go bhfuil roinnt athruithe ó bhun ag tarlú. Is díol spéise é gur i mBéal Átha na Slua a rinneadh comhaireamh ar na vótaí an tseachtain seo caite agus gur ansin a bheidh cruinniú cinn bhliana an Chumainn seachtain ón Domhnach. Anuraidh, reáchtáladh an cruinniú chinn bhliana in Áth Luain. Bhíodh na cruinnithe sin i gcathair na Gaillimhe go traidisiúnta. Seachas leas an Chumainn agus leathnú ar bhallraíocht an Chumainn, tá leagan eile ar an scéal ag cuid de na baill.

“B’fhearr liom go ndéarfaí liom é a shiúl go Baile Átha Cliath ná a dhul chuig cruinniú le riar blianta” a deir ball den Chumann an tseachtain seo. “Bhí sé ina shárú agus ina ghleo ag chuile chruinniú acu”. Bhí cuimse conspóide i gCumann Lucht Chaipilíní Chonamara le cuid mhaith blianta.

Tuairiscíodh ar feadh tamaill nach raibh Óstán i nGaillimh sásta go reáchtálfaí cruinnithe ansin de bharr achrainn; d’éirigh cúrsaí chomh corrach sin ag cruinniú de Chomhairle an Chumainn sa gClochán anuraidh agus gur cuireadh fios ar na Gardaí. Tá ábhair áirithe curtha sna meáin shóisialta freisin.

Is deacair a rá cén chaoi ar éirigh an saol chomh teasaí seo sa gCumann a bunaíodh i gConamara i 1923 agus atá ag breathnú amach don aon mhianach dúchas caipilíní in Éirinn.

Bhí dearcadh ann ar feadh i bhfad go raibh an-iomarca cumhachta ag an dream céanna sa gCumann agus bunaíodh eagraíocht “Coiste Faire Chumann Lucht Chaipilíní Chonamara” beagnach scór blianta ó shin. Ba as Conamara go leor de na baill a bhí gníomhach sa gcoiste sin. Tharla roinnt athruithe de réir a chéile ach níor stop sin an chorraíl sa gCumann agus an teannas i measc bhaill an Chomhairle stiúrtha.

An leigheas atá ar intinn, is cosúil, ná rialú Chumann Lucht Chaipilíní Chonamara a leathnú amach – sin agus sraith forleathan rialacha riaracháin a chur i bhfeidhm. Lena chois sin, tá riar polasaithe eisithe maidir le hiompar pearsanta bhaill Chomhairle an Chumainn, rialacha do Bhreithiúna ag na Seónna agus rialacha do bhaill fochoistí.

Fág freagra ar 'Greim caillte ar an adhastar ag muintir Chonamara'