Go saora achrann inmheánach na bhfaisisteach sinn ón olc!

Ní túisce bua mór bainte amach ag Alternative für Deutschland i dtoghchán na Gearmáine nó d’fhógair a gceannaire, Frauke Petry, go raibh sí ag fágáil an pháirtí. Ach níor cheart go mbeadh ionadh ar éinne faoi sin, a scríobhann ár gcolúnaí

Go saora achrann inmheánach na bhfaisisteach sinn ón olc!

Frauke Petry

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, is léir go raibh tionchar tubaisteach ag an bhfáilte chroíúil agus mhisniúil a chuir Angela Merkel roimh theifigh sa bhliain 2015, nuair ba mheasa a bhí géarchéim na dteifeach i réigiún na Meánmhara.

In olltoghchán an Domhnaigh seo caite sa Ghearmáin, sciob an páirtí frith-inimirce, frith-Eorpach, frith-Ioslamach (agus go bunúsach faisisteach) Alternative für Deutschland (AfD) milliún vóta ó pháirtí Angela Merkel, CDU/CSU.

Sin vóta in aghaidh gach teifeach a tháinig isteach sa Ghearmáin timpeall na bliana 2015, nuair a d’fhógair Merkel go raibh ‘doirse na tíre ar oscailt’.

Anois, den chéad uair ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, tá páirtí de chuid na heite fíordheise sa Bundestag.

Bíodh sin mar atá, ní túisce an buille sin tugtha ag na faisistigh nua do sheanpholaitíocht na Gearmáine nó thug ceannaire Alternative für Deutschland, Frauke Petry, buille dá páirtí féin nuair a d’fhógair sí, Dé Luain, go raibh an páirtí á fhágáil aici agus go suífeadh sí sa Bundestag mar neamhspleách. 

Duine measartha, réadúil í Petry i gcomparáid le mórbhuíon radacach sa pháirtí. Bhí an ghráin ag an dream sin uirthi cheana, agus is cinnte gur mó i bhfad an ghráin a bheidh acu uirthi anois. Rinne Petry a fógra le linn preasócáide, agus tháinig sí go hiomlán aniar aduaidh ar a páirtí féin.

Níor cheart, áfach, go dtiocfadh a ndearna sí aniar aduaidh ar éinne.

Óir sin é an chaoi a mbíonn sé i measc na bhfaisisteach: buille fill i ndiaidh buille fill, scoilt i ndiaidh scoilte. 

Ní gá ach breathnú ar Donald Trump. Cá mhéad duine a sheas gualainn ar ghualainn leis siúd a bhfuil bata agus bóthar tugtha aige dóibh ó tháinig sé i gcumhacht?

Tá Geert Wilders, ceannaire an pháirtí fhrith-Ioslamaigh PVV san Ísiltír, ar an gcaoi chéanna. Creid é nó ná creid, ach níl dáiríre ach ball amháin ag an PVV: Geert Wilders féin. Fiú ionadaithe tofa an PVV sa pharlaimint, níl tionchar na ngrást acu ar pholasaithe an pháirtí. Is ionann polasaithe an pháirtí agus tuairimí Wilders, lánstad. Ionadaithe tofa nach n-aontaíonn leo, ruaigtear as an bpáirtí iad mura bhfágann siad as a stuaim féin. Uaireanta, leanann siad ar aghaidh mar neamhspleáigh. Níor atoghadh oiread agus duine acu riamh. Fonótaí iad sa stair.

Cá bhfios nach é sin an chinniúint a roghnaigh Frauke Petry di féin anois: fonóta sna leabhair staire. Sin é go deimhin an rath a ghuím uirthi. Ach táim buíoch di as a gluaiseacht dhéistineach féin a scoilteadh ar dtús.

Contúirt phráinneach é an faisisteachas nua ní hamháin sa Ghearmáin, ach sa Fhrainc, san Ísiltír, sa Bheilg agus i mórán tíortha eile san Eoraip. Gan dabht, ní féidir neamhaird a dhéanamh de na bunchúiseanna atá leis an tóir atá ag cuid den phobal ar pholaiteoirí de chuid na heite fíordheise. Ach chomh fada agus nach n-éireoidh le héinne acu sin mórpháirtí polaitiúil a choinneáil le chéile, seans go mbeimid slán ó thubaiste den chineál a tharla sna Stáit Aontaithe nuair a toghadh Trump. 

Go saora achrann inmheánach na bhfaisisteach sinn ón olc.