‘Gníomh seachas gealltanas de dhíth’ a deir an Coimisinéir agus an córas earcaíochta don Ghaeilge ag teip

Ag tagairt dó d’fhigiúirí nua a foilsíodh ar Tuairisc.ie, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach raibh an córas earcaíochta don Ghaeilge á chur i bhfeidhm ‘ar aon bhealach cuimsitheach ná córasach’

Coimis15-0030

Gníomh seachas gealltanas atá de dhíth,” má tá aon ní cóir i ndán don Ghaeilge sa státchóras, a deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt Ó Domhnaill nach raibh an córas earcaíochta don Ghaeilge á chur i bhfeidhm “ar aon bhealach cuimsitheach ná córasach”.

Bhí an Coimisinéir ag trácht ar dhá scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie faoi staid na teanga i ranna stáit agus oifigí rialtais.

De réir tuairisce a foilsíodh ar an suíomh seo ar maidin, ní raibh Gaeilge ach ag 0.8% de na daoine ar tairgeadh post dóibh nó ar tugadh ardú céime ina bpost dóibh i ranna stáit agus oifigí Rialtais in 2015.

Léirigh scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie  Dé hAoine seo caite nach raibh ach 10 gcinn den 8,367 post atá i ndeich roinn stáit faoi láthair aitheanta mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo agus nach bhfuil oiread is post amháin aitheanta mar phost ‘Gaeilge’ ag cuid mhaith de na ranna stáit.

Dúirt an Coimisinéir Teanga nach mbeadh “aon éifeacht leis an gcuid sin de pholasaí earcaíochta an Stáit a éilíonn go mbeadh Gaeilge ag 6% d’earcaigh nua “má tharlaíonn sé gur beag post atá á n-aithint ag Ranna Rialtais ina dteastaíonn daoine le Gaeilge”.

“Luíonn sé le réasún nach féidir réimse leathan seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal ach amháin má tá dóthain foirne ar fáil leis an gcumas chun an méid sin a dhéanamh,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt an Coimisinéir gur “deacair an drogall atá ar ranna rialtais poist le riachtanas Gaeilge a shainaithint a thuiscint” agus lucht na ranna céanna ag maíomh le blianta “gur bhain dúshláin go leor le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge ceall dóthain foirne le hinniúlacht sa teanga sin”.

Dúirt Ó Domhnaill gur “ábhar mór imní”  na figiúirí nua a foilsíodh ar Tuairisc.ie le roinnt laethanta anuas. Dúirt sé, áfach, nárbh “ábhar iontais” a bhí sa scéal toisc nach bhfuil an córas earcaíochta don Ghaeilge á chur i bhfeidhm “ar aon bhealach cuimsitheach ná córasach”.

Ba chúis imní don Choimisinéir go gcaillfí “an deis atá ann anois athchothromú a dhéanamh ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus tús curtha in athuair le hearcaíocht san earnáil phoiblí”.

“Is ábhar é seo áfach a bhaineann le beartais an Stáit i leith na Gaeilge seachas le cur i bhfeidhm reachtaíochta.  Is gníomh seachas gealltanas atá de dhíth,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.