Gné thábhachtach den scríobh ná gan a bheith ag scríobh…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún nua faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: an tábhacht a bhaineann le talamh na samhlaíochta a fhágáil bán ó am go chéile.

Gné thábhachtach den scríobh ná gan a bheith ag scríobh…

‘Bím ag scríobh gach lá!’

Is minic a chloistear scríbhneoirí á mhaíomh sin, agus is minic a bhíonn comhairle á cur acu ar éinne a bhfuil suim aige sa scríobh peann a chur le pár chuile lá beo.

Ach gné thábhachtach den scríbhneoireacht chruthaitheach ná gan a bheith ag scríobh an t-am ar fad.

Gné thábhachtach den scríbhneoireacht balla a phéinteáil ó am go chéile. Gné thábhachtach den scríbhneoireacht rothar a ghlanadh anois is arís, nó cuirtíní nua a chrochadh. Gné thábhachtach den scríbhneoireacht saothar scríbhneoirí eile a léamh.

Níl dabht ar bith faoi ach gur gné lárnach í an rialtacht i saol an scríbhneora; gan sceideal docht, bheadh an scríbhneoir bocht de shíor ag fanacht ar Bhé nach féidir brath uirthi. Ach ní hionann sin agus a rá gur cheart do scríbhneoir a bheith ag sclábhaíocht ar leabhar lá i ndiaidh lae.

Ní ag insint bréige a bhím nuair a bhíonn sé á mhaíomh agam féin go gcuirim peann le páipéar chuile lá beo. An chéad rud ar maidin, suím síos ag an mbord nó ar an tolg, cupán caife le mo thaobh agus cóipleabhar os mo chomhair, agus scríobhaim síos pé smaoineamh fánach a rithfeadh liom. Líonaim leathanach ar an gcaoi sin sula dtugaim aghaidh ar chúrsaí an lae; inseoidh mé tuilleadh faoin nós sin lá éigin amach anseo.

Ach tá ceacht tábhachtach foghlamtha agam in imeacht na mblianta: gan a bheith ag léimt ó leabhar go leabhar agus ó scéal go scéal. Caithfidh scríbhneoir sos a thabhairt don aigne mar a chaithfidh feirmeoir sos a thabhairt don chré idir fómhar agus athfhás. Ní amháin toisc go dtraochfaí a aigne dá mbeadh an scríbhneoir ag treabhadh leis gan stad, ach toisc go dtráfadh tobar a shamhlaíochta ceal íomhánna, smaointe agus braistintí úra.

Caitheann an scríbhneoir tréimhsí fada ama ag an deasc, ina dhomhan samhlaíoch féin. Tá gá leis sin nuair a bhíonn togra scríbhneoireachta idir lámha aige. Ach bíonn an baol ann go gcaillfidh sé an teagmháil leis an bhfíorshaol sna tréimhsí sin – an fíorshaol céanna a mbeidh sé ag brath air nuair a bheidh sé ag obair ar an gcéad scéal nó ar an gcéad leabhar eile. Ní leor na sciuirdeanna laethúla ar an siopa nó fiú saoire deireadh seachtaine chun an tobar a líonadh arís.

Chríochnaigh mé cnuasach gearrscéalta nua le gairid. Tá smaoineamh agam d’úrscéal a theastaíonn uaim a scríobh amach anseo, ach ní luífidh mé isteach ar an obair sin go ceann tamaill eile. Cúpla seachtain, cúpla mí – níl a fhios agam. Ghlan mé mo rothar inné. Inniu, tá mé chun balla a phéinteáil. Seans go gcrochfaidh mé cuirtíní nua amárach. B’fhéidir go rachaidh mé chuig an trá an lá ina dhiaidh sin. 

Ach beidh mé ag léamh liom. Mar a scríobh mé ar na leathanaigh seo anuraidh, is féidir leis an léitheoireacht teacht salach ar an scríbhneoireacht nuair a bhíonn an scríbhneoir i mbun pinn, ach níl amhras ar bith faoi ach gur gá do dhuine saothair daoine eile a léamh má theastaíonn uaidh leabhar a scríobh é féin. An t-am idir dhá thogra scríbhneoireachta, sin an t-am lena dhéanamh.

– Cúrsaí litríochta i gcoitinne agus an scríbhneoireacht chruthaitheach go sonrach a bheidh faoi chaibidil sa cholún nua seo, Léamh agus Scríobh. Tá súil agam go mbainfidh léitheoirí Tuairisc.ie sult as. Ba mhaith liom a shoiléiriú gur mná agus fir a bhíonn i gceist agam nuair a bhainim úsáid as na focail ‘an scríbhneoir’, agus gur ar mhaithe leis an tsoléiteacht amháin a thagraím don neach sin mar ‘sé’, mar is gnách a dhéanamh sa Ghaeilge.