Ginmhilleadh faoi chaibidil thuaidh agus theas agus thar am an ghoimh a bhaint as

Beidh caolchúis, géarchúis agus misneach de dhíth ar pholaiteoirí i gcás cheist an ghinmhillte. Ach tá sé in am acu a bheith fuaraigeanta leis…

Ginmhilleadh faoi chaibidil thuaidh agus theas agus thar am an ghoimh a bhaint as

An breitheamh Mary Laffoy. Sam Boal/Rollingnews.ie

Níorbh údar iontais é nuair a chuir an bhunaíocht ar dhá thaobh na teorann an cheist ab achrannaí a bhí le réiteach acu ar an mhéar fhada roimh thoghcháin. Ní gá a rá go gcuireann plé faoi ghinmhilleadh scéin ar pholaiteoirí. Tá na créachta ón gcoimhlint faoin gceist follasach i measc an phobail trí chéile chomh maith leis an aicme pholaitiúil. Ach ní féidir cinneadh a sheachaint.

Ó dheas tá ceann curtha ag An Tionól Saoránach, faoi chathaoirleacht an Bhreithimh, Mary Laffoy lena scrúdú ar an leasú Bunreachta a chuir bac ar ghinmhilleadh sa Phoblacht. Ó thuaidh, chuir an grúpa a scrúdaigh an cheist tuarascáil faoi bhráid Airí Stormont dhá mhí ó shin. Níor foilsíodh an tuarascáil ach thug foinsí i Stormont leide gur mhol an mheitheal oibre go leasófaí an dlí chun ginmhilleadh a cheadú i gcás féatais nach mbeadh inmharthanach lasmuigh den bhroinn. Ní cheadaítear ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann ach amháin nuair a bhíonn beatha na máthar i mbaol agus dá bhrí sin ní bhíonn tacaíocht ón tseirbhís sláinte le fáil ag bean a roghnaíonn gan a dhul ar aghaidh leis an toircheas nuair a bhíonn sí ag súil le páiste neamh-mharthanach.

Tá atmaisféar tomhaiste, stuama á chothú ag an mBreitheamh Laffoy ag An Tionól Saoránach. Ní haon ribín réidh é an cúrsa sin a choinneáil i bhfianaise chomh teasaí is a bhíonn an plé go hiondúil. Bhí paisean á léiriú i Stormont cheana féin le cúpla seachtain. Thug lucht feachtais achainí, a bhí sínithe ag lucht tacaíochta, go Stormont. Bhí caint dhrámatúil san Tionól cé nach bhfuil cloiste ach ráflaí faoi chonclúidí na meithle a raibh an príomhoifigeach leighis, an Dr Michael McBride ina chathaoirleach uirthi.

Tá tuairimíocht i Stormont go bhfuil an Chéad-Aire agus ceannaire an DUP, Arlene Foster ag iarraidh tathant ar a páirtí maolú ar a naimhdeas do ghinmhilleadh faoi chúinsí ar bith. Deirtear go bhfuil sí ag iarraidh orthu glacadh le hathrú teoranta a cheadódh idirbheart i gcás bean a bheadh ag iompar linbh a ndearbhaíonn dochtúirí nach mairfeadh sé. Sprioc dhúshlánach, más fíor gurb é sin a haidhm. Dhearbhaigh An Chéad-Aire seachtain ó shin go raibh an tuarascáil feicthe aici agus go raibh tús curtha le plé san DUP. Bíonn cásanna áirithe a bhí fíorthruamhéalach agus caithfear déileáil leo sin, a dúirt sí. Ach, ar sí, chomh maith ‘ní bheadh ciall ar bith le dlí lochtach a rith ar mhaithe le corrchás’. Chaithfí scrúdú stuama a dhéanamh sula ndéanfaí athrú, dar léi.

Dúirt an LeasChéad-Aire , Martin McGuinness gur cheart dlí a rith gan mhoill chun an fhadhb a fhuascailt. Tá Sinn Féin i bhfabhar ginmhilleadh a cheadú i gcás féatais neamh-mharthanach más é sin rogha na dtuismitheoirí. Dúirt McGuinness gur chóir tacú leo sin ar mian leo leanúint leis an toircheas agus leo siúd nach bhfuil in ann chuige sin. Faoi láthair cuirtear cóir leighis ar fáil d’éinne a roghnaíonn leanúint leis an toircheas ach bíonn ar éinne a éilíonn foirceannadh toirchis a dhul chun na Breataine ar a gcostas féin. Tá tréanfheachtas ar siúl le trí bliana chun é sin a athrú ó d’inis lánúin óg a scéal brónach féin faoina dturas thar lear gan cabhair ná tacaíocht.

Bhí Alliance chomh maith le Sinn Féin i bhfabhar leasuithe ar an dlí agus bhí an DUP agus an SDLP dubh dóite ina choinne –cé go maítear go mbeadh baill ar leith báúil dá mbeadh saorvóta acu, rud atá ag an UUP. Tá na huimhreacha ag an DUP agus Sinn Féin chun leasú a cheadú más é toil bhaill an DUP é.

Caolseans go mbeadh leithéidí Jim Wells sásta le hathrú. Thug an Teachta de chuid an DUP achainí go dtí an Tionól Dé Luain seo caite, a bhí sínithe ag 300,000 duine, a dúirt sé. Ag éileamh nach ndéanfaí athrú ar bith ar an dlí atá an achainí sin. Ba iad Precious Life, an eagraíocht fhrithghinmhillte is glóraí ar fad abhus, a d’eagraigh an feachtas síniúchán. Mhaígh Bernadette Smyth, urlabhraí Precious Life gur léirigh líon a lucht tacaíochta (300,000 i gcomparáid le 45,000 duine a shínigh achainí a bhí ag Amnesty ar an taobh eile) gurb iadsan a labhair thar ceann an mhóraimh agus nach raibh ceart ar bith ag meitheal ná grúpa eile a mhalairt a mholadh. Bhí an port céanna ag Jim Wells sa Tionól. Ar an taobh eile, mheabhraigh Amnesty do theachtaí gur léirigh pobalbhreitheanna go raibh 72% den phobal i bhfabhar leasuithe ar an dlí.

Beidh caolchúis, géarchúis agus misneach de dhíth ar na Teachtaí agus na páirtithe. Ach tá sé in am acu a bheith fuaraigeanta. Níltear ag iarraidh orthu ginmhilleadh ‘ar éileamh’ a cheadú – ach tá sé do-chosanta ginmhilleadh/foirceannadh toirchis a cheilt i gcás nach mairfeadh an féatas.

Bídís misniúil.

Fág freagra ar 'Ginmhilleadh faoi chaibidil thuaidh agus theas agus thar am an ghoimh a bhaint as'

  • Seathrún Céitinn

    Táthar dhá rá nach bhfuiltear ag iarraidh ginmhilleadh ar eileamh. Ar dtús, níltear dhá iarraidh sin, tosic nach nglacfadh Pobal na Tíre le hiarraidh comh neamhbhalbh sin. Ach má leantar ar aghaidh le scéal i ndiaidh scéil sa méain, ar mó a bhaineas siad le mothúchain ná lena ndéantar dhon leanbh sa mbroinn le linn an ghinnmhillte, le scéalta truamhéalacha nach ndiúltódh aoinne a bhfuil croí aige dhoibh, má chéiltear an fhírinne lom atá thaobh thiar dhíobh, ní cúis iontais dá laghad é go nglacfar le ginmhealladh teorannta le tosnú, direach mar a rinneadh thall sa mBreatain i 1967, chun plé le cásanna cruaí, ach diaidh ar dhiaidh, rachfar dhá leathnú nó go mbeidh an córas céanna sa tír seo is atá thall, foirceannadh gach cosc dá laghad doibh siúd a bhíos dá iarraidh. Nach féidir le lucht an ghinmhillte bheith mácánta agus ionraic faoi, go bhfuilid ag iarraidh foirceannadh i gcásanna teorannta ar dtús, mar shampla i gcás linbh nach mairfeadh go ceann i bhfad i ndiaidh a bhréithe, ach nach leor sin doibh, is nach sasódh aoinní iad go dtí nach mbéadh baint ar bith ag an dlí le ginmhilleadh, is beathaí na saoránach nar saolaíodh fós a chur ar neamhní. Sinne atá ar son na beatha in Éirinn, ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar seo, gur leanbh an foetus, gur duine é, go bhfuil cearta ag an duine úd cosúil le aoinne eile, go hairid an ceart sin chun na beatha, chun bheith beo. Bíodh a fhios seo agaibh, níl misneach in easnamh orainn ach an oiread!