Gearrscannán le stiúrthóir Gaeltachta le taispeáint i Los Angeles agus Nua-Eabhrac

Beidh an gearrscannán Native, a chóirigh agus a stiúir Linda Bhreathnach as Ros Muc á thaispeáint den chéad uair i Meiriceá san Aero Theatre i Los Angeles anocht

Gearrscannán le stiúrthóir Gaeltachta le taispeáint i Los Angeles agus Nua-Eabhrac

Beidh an gearrscannán Native, a chóirigh agus a stiúir Linda Bhreathnach as Ros Muc, le feiceáil go luath ag féilte scannán i Los Angeles agus i Nua-Eabhrac.

Beidh Breathnach féin ar an bpainéal a bheidh i mbun cainte i ndiaidh an taispeántais i Los Angeles san oíche amárach.

Beidh Native á thaispeáint den chéad uair i Meiriceá san Aero Theatre sa chathair sin ag 7.30pm agus beidh sé á thaispeáint i Nua-Eabhrac ar an Domhnach, 1 Deireadh Fómhair sa Cantor Film Center in NYU mar chuid den ‘Irish Shorts Program’.

Native ainmnithe, freisin, don chomórtas ‘Scannánóir Éireannach Aer Lingus’, a bheidh á reáchtáil ag Bord Scannán na hÉireann ar an 12 Deireadh Fómhair.

Bunaithe ar ghearrscéal a deirféar, Bridget Bhreathnach, H91 Arís,  atá an scannán, gearrscéal a foilsíodh den chéad uair san iris Comhar an samhradh seo caite. Tá an scéál curtha in oiriúint don scáileán ag Linda Bhreathnach agus ba í a stiúir an leagan scannáin de.

“Is scéal faoin imirce agus an teacht abhaile atá ann. Baineann sé leis an gcumas atá ionainn mar dhaoine an ceann is fearr a fháil ar an uaigneas agus a theacht ar áilleacht an tsaoil. Fágann an príomhcharachtar Éire agus é ina imirceach eacnamaíochta. Nuair a thagann sé abhaile na blianta fada ina dhiaidh sin níl roimhe ach an baile tréigthe.

“Bhí géarchéim dhomhanda na dteifeach agus na n-imirceach ar m’intinn agus an scannán seo á dhéanamh agam. Chaith mé seachtain ar obair dheonach i gcampaí na dteifeach i dtuaisceart na Fraince agus chonaic mé go leor cosúlachtaí idir an méid atá ag tarlú do na teifigh sa lá atá inniu ann agus an méid a tharla i stair mhuintir na hÉireann,” a dúirt Breathnach.

Níl aon chaint le cloisteáil sa scannán. Dúirt Breathnach gur theastaigh uaithi an scéal a insint ar bhealach a bheadh “chuile dhuine in ann a thuiscint is cuma cén cúlra nó teanga atá acu”.

Is é Patrick Bergin atá sa phríomhról sa scannán, agus tá ceol nuachumtha a chum Moisés Mas Garcia as an gCatalóin ag dul leis.

Taispeánadh Native den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana, an dara scannán ón stiúrthóir Gaeltachta.

Taispeánadh a céad scannán Adulting den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anuraidh. Bhí sé le feiceáil ina dhiaidh sin ag féilte i Londain, Nua-Eabhrac, San Francisco, Los Angeles, Toronto, Málta agus ag féilte eile.

Bhronn Irish Screen America an Gradam Rising Star ar Linda mar chuid d’Fhéile Scannán Éireannach Los Angeles agus bhronn Irish Film London an Gradam don Ghearrscannán is Fearr ar Adulting ag an bhFéile Scannán Éireannach i Londain in 2016.

Tá súil ag Breathnach agus Marina Yourell Donahue as California, a comhléiritheoir, tosú ag taifeadadh togra nua le chéile an bhliain seo chugainn.