Gearán á dhéanamh ag iriseoirí Nuacht TG4 faoi ‘ísliú céime’ don Ghaeilge ar aip RTÉ

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ gur ‘ar bhonn minicíocht úsáide’ a shocraítear ord na rannán san aip agus gur féidir le duine na rannáin ‘a chur in aon ord gur mian leis nó léi’

Screen Shot 2016-06-27 at 19.37.34

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil gearán oifigiúil á dhéanamh ag iriseoirí ó Nuacht RTÉ/TG4 le hardbhainistíocht RTÉ faoin ísliú céime, dar leo, atá tugtha do Nuacht RTÉ ar shuíomh idirlín agus aip RTÉ News Now.

Nuair a seoladh plean Gaeilge RTÉ i Meán Fómhair seo caite bhíothas sásta go raibh leathanach nuachta Gaeilge RTÉ in “áit fheiceálach” ar RTÉ News Now agus é díreach i ndiaidh leathanach nuachta Béarla an stáisiúin. Ó shin i leith, tá leathanach nuachta Gaeilge curtha “in áit na leathphingine” dar le fostaí amháin a labhair linn, agus nuacht na Gaeilge anois taobh thiar de na leathanaigh spóirt, siamsaíochta agus gnó.

Thóg iriseoirí i Nuacht RTÉ cinneadh le déanaí go gcuirfí litir ghearáin fhoirmiúil faoi bhráid ardbhainistíocht an stáisiúin chun a míshuaimhneas faoin scéal a chur in iúl. Dúirt foinse amháin le Tuairisc.ie gur údar mór díomá don fhoireann an “ísliú céime” don tseirbhís Ghaeilge.

“Ba chóir go mbeadh an tseirbhís Ghaeilge in áit fheiceálach mar a bhí agus ba chóir freisin go gcuirfí acmhainní cearta ar fáil chun go mbeadh éileamh mar ba chóir ar an tseirbhís ar líne,” a dúradh.

Thug Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, le fios do Tuairisc.ie gur “ar bhonn minicíocht úsáide” a shocraítear ord na rannán san aip agus gur féidir leis an úsáideoir na rannáin “a chur in aon ord gur mian leis nó léi”.

“Is féidir, mar shampla, an rannán ‘Nuacht’ a chur sa chéad áit ag úsáid an rogha ‘Edit Menu’ san aip féin. Níl aon athrú tagtha ar láthair Nuacht ar aip News Now, seachas ón am gur seoladh é i Meán Fómhair 2014 nuair a cuireadh an rannán sa dara háit chun aird a tharraingt air. Déantar é seo ar feadh tréimhsí gairide le rannáin nua ar an aip, mar a déanadh le rannán ‘Election 2016’ níos luaithe i mbliana,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Dúirt sé freisin go bhfuil an trácht chuig an rannán ‘Nuacht’ ar an aip “ag láidriú ar bhonn leanúnach” agus go dtugtar 300,000 cuairt ar an rannán sin in aghaidh na míosa.

 

 

Fág freagra ar 'Gearán á dhéanamh ag iriseoirí Nuacht TG4 faoi ‘ísliú céime’ don Ghaeilge ar aip RTÉ'