Ball de chriú an héileacaptair a thuairteáil amach ó chósta Mhaigh Eo ar maidin tar éis bháis

Chuaigh héileacaptar de chuid an Gharda Cósta ar iarraidh amach ó chósta Mhaigh Eo go gairid i ndiaidh 1am ar maidin agus tá triúr den cheathrar a bhí ar bord fós ar iarraidh

Ball de chriú an héileacaptair a thuairteáil amach ó chósta Mhaigh Eo ar maidin tar éis bháis

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá ball de chriú an héileacaptair a thuairteáil amach ó chósta Mhaigh Eo ar maidin tar éis bháis.

Dheimhnigh an Garda Cósta gur bhásaigh an Captaen Dara Fitzpatrick, ar thángthas ar maidin uirthi agus í idir dhá cheann na meá.  Tugadh go dtí Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo ina dhiaidh sin í.

Bhí an Captaen Fitzpatrick ar dhuine de na píolótaí is sinsearaí sa Gharda Cósta. Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Chósta gur “buille uafásach” a bhí ann do na seirbhísí tarrthála.

Ní ‘ródhóchasach’ atá Garda Cósta na hÉireann go dtiocfar ar an dtriúr ball eile den chriú héileacaptair atá ar iarraidh amach ó chósta Mhaigh Eo..

“Níl mórán dóchais againn don duine sin. Tá ag maolú chomh maith ar ár ndóchas mar gheall ar an gcuid eile den chriú,” a dúirt Stiúrthóir an Gharda Cósta, Eugene Clonan.

Chuaigh an héileacaptar de chuid an Gharda Chósta, an Rescue 116, a tháinig ó Bhaile Átha Cliath, ar iarraidh amach ó chósta Mhaigh Eo go gairid i ndiaidh 1am ar maidin agus thángthas ar an smionagar san áit atá á cuardach ó shin amach ó Theach Solais an Fhóid Duibh i dtuaisceart Mhaigh Eo.

Bhí an héileacaptar cuardaigh agus tarrthála ag cuidiú le héileacaptar eile de chuid an Gharda Cósta. Tháinig an héileacaptar sin as Sligeach chun freagairt d’éigeandáil nuair a tháinig comhartha éigeandála ó bhád Sasanach a bhí 250 ciliméadar amach ó chósta Mhaigh Eo.

Tháinig an teachtaireacht dheireanach ó Rescue 116 ag 12.45am agus dúradh ag an tráth sin go raibh an criú ag déanamh ar an bhFód Dubh chun breosla a fháil. D’imigh an héileacaptar gan tásc gan tuairisc ina dhiaidh sin.

Tá an cuardach fós ar bun timpeall 10 ciliméadar amach ón bhFód Dubh ag héileacaptair, eitleán de chuid an Aer Chóir, báid tarrthála agus báid ón gceantar.

Tá an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí ar an láthair chomh maith.

Dúirt an tAire Iompair Shane Ross gur “am corrach” a bhí ann do gach duine a raibh baint acu leis an timpiste.

Dúirt Stiúrthóir an Gharda Cósta, Eugene Clonan, gur “lá dorcha” a bhí ann don Gharda Cósta agus do na seirbhísí tarrthála.

 

 

Fág freagra ar 'Ball de chriú an héileacaptair a thuairteáil amach ó chósta Mhaigh Eo ar maidin tar éis bháis'