Gaeilge.ie agus Eolaire Gnó Chonradh na Gaeilge seolta i mBaile Átha Cliath

Deir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur ‘cúis bhróid’ don eagraíocht seoladh Gaeilge.ie, suíomh tairsí nua don teanga

IMG_1219
Ag an seoladh i gColáiste na Tríonóide bhí, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Máire Treasa Ní Cheallaigh, Nuacht RTÉ/TG4, Anna Davitt, Bainisteoir Cumarsáide Fhoras na Gaeilge agus Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Seoladh anocht in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide an suíomh nua tairsí Gaeilge.ie.

Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur “cúis bhróid” don Fhoras Gaeilge.ie a sheoladh.

“Is cúis bhróid dúinn é ár suíomh nua tairsí, a thugann léargas ar an réimse leathan seirbhísí, eagraíochtaí agus tionscadal a dtacaíonn Foras na Gaeilge leo a chur i láthair den chéad uair anocht. Tá suíomh nua corparáideach Fhoras na Gaeilge á nochtadh againn inniu chomh maith, a chuireann mór-réimsí, mórthionscadail agus scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge i láthair an phobail.

“Beidh sé mar aidhm againn daoine a bhfuil spéis acu in aon ghné den teanga, idir chainteoirí líofa agus daoine ar bheagán Gaeilge, in Éirinn nó áit ar bith ar domhan, a mhealladh leis na suíomhanna atá á seoladh inniu a úsáid mar lárphointe eolais don Ghaeilge,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Seoladh ag an ócáid chéanna ‘Eolaire Gnó’ Chonradh na Gaeilge. Rinne Conradh na Gaeilge teagmháil le hos cionn 100 eagraíocht agus gnólacht in Éirinn le tamall de mhíonna anuas agus tá an tEolaire anois ina uirlis mhargaíochta ag na gnólachtaí sin a chuireann seirbhísí i nGaeilge ar fáil don phobal.

Léirigh suirbhé a rinne Millward-Brown do Chonradh na Gaeilge ag tús na bliana seo caite gur chreid 62% de mhuintir na hÉireann gur cheart go mbeadh teacht ag lucht labhartha na Gaeilge ar sheirbhísí i nGaeilge. Bhí an céatadán sin níos airde i measc daoine óga, ar chreid 69% acu amhlaidh. Sa suirbhé céanna thug 50% den phobal le fios gur chreid siad gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge a d’fhéadfadh leas na heacnamaíochta a dhéanamh.

Tá an Conradh ag súil anois go spreagfar gnólachtaí “le dul i mbun gnímh chun seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint” agus go gcuirfear le líon na ndaoine a lorgaíonn agus a úsáideann seirbhísí i nGaeilge.

Tá an tEolaire mar chuid den suíomh PEIG.ie, suíomh atá os cionn bliana ar an bhfód, ach a seoladh go hoifigiúil anocht ag an ócáid san Áiléar Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide.

Seasann PEIG do ‘Pobal, Eolas, Ilmheáin agus Gaeilge’ agus tá sé mar aidhm ag an gConradh an nasc a dhéantar idir an Ghaeilge agus Peig Sayers a bhriseadh le suíomh dearfach a chur ar bharr na dtorthaí Google.

Foilsítear scéalta nuachta, sonraí na bhfolúntas reatha a éilíonn Gaeilge agus ábhar eile ar bhonn laethúil, mar a dhéantaí ar an suíomh Gaelport.com a dúnadh cúpla bliain ó shin.

“Is í an áis is suntasaí atá ag PEIG.ie ná léarscáil idirghníomhach a chuireann an t-úsáideoir ar an eolas faoi imeachtaí Gaeilge, ranganna Gaeilge agus grúpaí Gaeilge atá ina gceantar féin. Is áis iontach í seo le húsáid laethúil na Gaeilge a éascú – bíodh tú líofa nó taobh leis an gcúpla focal. Dar ndóigh, tá fáilte roimh ghrúpa ar bith imeacht a chlárú linn ar PEIG.ie,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Gaeilge.ie agus Eolaire Gnó Chonradh na Gaeilge seolta i mBaile Átha Cliath'

  • AnRógaire

    Cén uair a bheas gnólachtaí móra ar nós Banc na hÉireann, AIB, Vodafone, VHI agus araile luaite ar an Eolaire Gnó?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is tús atá ann, ach tá súil agam go mbeidh an suíomh i bhfad níos éifeachtaí amach anseo. Tá Ionad Naomh Pádraig, i nDobhar i dTír Chonaill, san áit chiotach ar an léarscáil mar shampla.

    Agus cad chuige a bhfuil Google maps a úsáid? Níl logainmneacha Gaeilge AR BITH ar na léarscáileanna atá ag an dream seo! Agus níl siad ag tabhairt faic aitheantais do logainmneacha Gaeltachta!