Gach seans gur Ciarraí agus Dún na nGall a bheidh sa chluiche ceannais

Imreofar na cluichí leathcheannais sa Chraobh Peile Faoi 21 tráthnóna agus cé go bhfuil ceithre fhoireann thar a bheith láidir páirteach iontu, gach seans go rachaidh Ciarraí agus Dún na nGall ar aghaidh chuig an cluiche ceannais

Gach seans gur Ciarraí agus Dún na nGall a bheidh sa chluiche ceannais

Tosach Dhún na nGall, Lorcan Connors. INPHO/Presseye/Philip Magowan

Dún na nGall v Baile Átha Cliath, Páirc Breffni, 2.30pm

Tá trí bliana caite ag na himreoirí seo ó Bhaile Átha Cliath ag fanacht ar dheis díoltas a bhaint amach ar Dhún na nGall. Chas na foirne céanna ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann sa Chraobh Mhionúr in 2014 agus cé go raibh Baile Átha Cliath dhá phointe chun cinn ag druidim le deireadh na coimhlinte, bhain buachaillí Thír Chonaill tuisle astu chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann na bliana sin.

Beidh roinnt mhaith imreoirí ón dá fhoireann sin ag imirt arís tráthnóna agus is cinnte go mbeidh cuimhní acu ar an gcluiche áirithe úd.

Bhí Con O’Callaghan ar dhuine de phríomhscórálaíthe Bhaile Átha Cliath an lá sin i bPáirc an Chrócaigh. Is é príomhnaoscaire na foirne i gcónaí é ach tá neart cúnaimh aige ó leithéidí Aaron Byrne, Tom Fox agus Colm Basquel.

Tá 30 bliain ann ó bhuaigh Dún na nGall craobh uile-Éireann faoi aois ach meastar go bhfuil an fhoireann seo chomh maith le haon cheann eile atá curtha chun páirce ag an gcontae san achar sin.

Thug Tír Eoghain a ndúshlán ina gcéad chluiche. Chríochnaigh an ceann sin ar comhscór, ach bhuaigh Dún na nGall san athimirt sula agus ina dhiaidh sin rinne siad scrios ar an gCabhán agus ar Dhoire agus thug leo craobh Uladh Dé Luain seo caite.

Is é an t-achar gairid sin idir na cluichí an t-údarimní is mó a bheidh ag mintir Dhún na nGall. Is é cluiche an lae inniu an tríú ceann ag an bhfoireann in imeacht 11 lá agus beidh Declan Bonner ag súil nach gcuirfidh an méid sin isteach rómhór ar a gcuid imreoirí.

Tá roinnt mhaith imreoirí ar fhoireann Dhún na nGall a bhfuil taithí cheana féin acu ar a bheith ag imirt le sinsir an chontae, leithéidí Micheál Carroll, Michael Langan agus Jason McGee. Ba cheart go gcinnteoidís sin agus agus na himreoirí cumasacha eile ar fhoireann na gConallach, go mbeidh an lá leo.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Imreoirí Chiarraí, Seán O’Shea agus Conor Geaney. INPHO/Tommy Dickson

Gaillimh v Ciarraí, Páirc Uí Chíosóg, 4.30pm

Léiriú maith é ar an rath dochreidte a bhí ar fhoirne faoi aois Chiarraí le trí bliana anuas gurb é an lántosach Matthew O’Sullivan an t-aon imreoir ar fhoireann na Ríochta tráthnóna nár bhuaigh bonn uile-Éirinn le mionúir an chontae idir 2014 agus 2016.

Níor éirigh le Ciarraí fiú Craobh na Mumhan a bhuachan sa chomórtas seo le naoi mbliana anuas ach, anois, agus an chraobh sin tugtha leo i mbliana acu, , is iad foireann Jack O’Connor rogha láidir na coitiantachta do Chraobh na hÉireann.

Ba iad Corcaigh a sháraigh Ciarraí arís agus arís eile i gcraobh an chúige ach ní raibh aon fhreagra i mbliana acu ar sárthaispeántas na Ríochta sa chluiche ceannais ag deireadh mí an Mhárta. Sé phointe déag a bhí mar fharasbarr ag Ciarraí agus rinne Seán O’Shea, Killian Spillane agus Matthew O’Sullivan scrios.

Beidh sé mar dhúshlán anois ag Gaillimh na fir sin a stopadh agus beidh Gerry Fahy ag iarraidh a chinntiú nach géillfidh siad an iomarca deiseanna ar chúil do Chiarraí. Tá cúig chúl ligthe isteach ag Gaillimh go dtí seo sa chraobh, péire in aghaidh Shligigh agus Liatroma faoi seach agus ceann i gcoinne Mhaigh Eo, agus má fhaigheann Ciarraí ceann nó dhó eile tráthnóna, shamhlófá go mbeadh sé deacair ag Gaillimh teacht slán.

Beidh go leor ag brath ar thaispeántas Michael Daly do Ghaillimh. Tá ag éirí go hiontach ag an dtosach óg seo i ngeansaí na sinsear i mbliana agus fuair sé dhá phointe nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí in aghaidh Chill Dara Dé Domhnaigh seo caite. Nuair atá sé i mbarr a mhaitheasa bíonn tionchar mór i gcónaí ag Daly ar an imirt.

Tá ag éirí go maith ag Dessie Conneely agus Robert Finnerty i líne lántosach na Gaillimhe chomh maith, agus íocfaidh Ciarraí go daor as má ghéilleann Ciarraí an iomarca spáis don bheirt seo atá tagtha díreach isteach ó fhoireann mhionúir 2016.

Roimh chluiche leathcheannais 2011, dúradh gurb iad Corcaigh ceann de na foirne is láidre riamh i stair na craoibhe Faoi 21, ach fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu i gcluiche a imríodh in Inis. Beidh siad ag súil le teacht aniar aduaidh ar fhoireann iontach eile tráthnóna ach, cé go bhfuil foireann mhaith ag Gaillimh, gaisce gan choinne amach is amach a bheadh ann dá n-éireodh leo tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Gach seans gur Ciarraí agus Dún na nGall a bheidh sa chluiche ceannais'