Gabháil Pat Hickey: Thapaigh meáin na Brasaíle an deis an mhéar a dhíriú sa treo eile…

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Botún a bheadh ann a cheapadh gur de bharr gur eachtrannach é a gabhadh Pat Hickey beo ar an teilifís agus a taispeánadh a chuid cáipéisí do na meáin mar a bheadh trófaithe iontu

Gabháil Pat Hickey: Thapaigh meáin na Brasaíle an deis an mhéar a dhíriú sa treo eile…

Pat Hickey. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá Cluichí Oilimpeacha Rio de Janeiro thart. I bhfianaise a raibh á thuar sna meáin le bliain anuas – sa Bhrasaíl féin, thar lear agus fiú agam féin ar uairibh ar na leathanaigh seo – d’éirigh thar cionn leo.

Níor thit na hionaid spóirt as a chéile, níor tharla ionsaí sceimhlitheoireachta agus níor buaileadh éinne tinn le ráig zika.

Is cinnte go bhfuil bualadh bos tuillte ag muintir na Brasaíle.
Agus go deimhin, tá an bualadh bos sin á thabhairt acu dóibh féin le coicís anuas. Ní féidir an teilifís a chur ar siúl nó líonann íomhánna d’ailt mholtacha faoi na Cluichí sa New York Times, sa Guardian, in El País agus ar Le Monde an scáileán.

Tá cúis leis an róspéis a bhíonn ag muintir na Brasaíle i dtuairim an phobail thar lear faoina dtír. Bíonn íomhá dhiúltach go leor ag an mBrasaíl sna meáin idirnáisiúnta: bochtanas, calaois, drugaí, foréigean agus mar sin de.

Tá a fhios ag muintir na Brasaíle nach bhfuil ansin ach taobh amháin den scéal, agus caithfear sin a thabhairt san áireamh agus breith á tabhairt againn ar iompar na meán Brasaíleach i gcás Pat Hickey agus i gcás Ryan Lochte, an snámhaí Meiriceánach a tharraing raic nuair a chum sé scéal gur ionsaíodh é ag stáisiún peitril.

Is cinnte go raibh baint idir coimpléasc ísleachta mhuintir na Brasaíle (‘o complexo de vira-lata’, nó ’coimpléasc na fola measctha’, mar a thugtar air sa Bhrasaíl féin) agus an scéal mór a rinneadh faoin dá eachtra. Chonaic na meáin Bhrasaíleacha deis méar an mhilleáin a dhíriú sa treo eile, mar athrú, agus thapaigh siad í.
Ach botún a bheadh ann a cheapadh gur de bharr gur eachtrannach é a gabhadh Pat Hickey beo ar an teilifís agus a taispeánadh a chuid cáipéisí do na meáin mar a bheadh trófaithe iontu.

Cuid é sin de chultúr na Brasaíle.

Tá seánra teilifíse ar leith ann, cláir bheo a mbíonn teidil gháifeacha orthu ar nós ‘Cidade Alerta’ (‘Cathair Airdeallach’) agus ‘Na Mira’ (‘I dtreoir [an ghunna]’). Caitheann tuairisceoirí na gclár seo an lá ar fad ag leanacht ghluaisteáin na bpóilíní agus ní bhíonn leisce orthu pé duine atá á ghabháil a chur faoi agallamh ar an láthair, sula mbíonn deis ag an té sin labhairt le dlíodóir, nó a neamhchiontacht a chruthú os comhair cúirte.

Ní bhíonn leisce ar na póilíní úsáid a bhaint as uileláithreacht na meán chun gaisce a dhéanamh.
Chuirfeadh a leithéid alltacht ar lucht féachana teilifíse in Éirinn, agus go deimhin cuireann sé as do go leor daoine sa Bhrasaíl féin.

Ach – mar a déarfadh Brasaíleach i gcás mar seo – sin é an chaoi a bhfuil rudaí.

Fág freagra ar 'Gabháil Pat Hickey: Thapaigh meáin na Brasaíle an deis an mhéar a dhíriú sa treo eile…'