Freagra Shane Ross faoi chás an N59 –mair a chapaill agus gheobhair féar

Bhí an tAIre Iompair i gConamara inné, mar a raibh cruinniú aige faoi chás bhóthar an N59

Freagra Shane Ross faoi chás an N59 –mair a chapaill agus gheobhair féar

Mair a chapaill agus gheobhair féar.  Sin é, den chuid is mó, an scéala a bhí ag an Aire Iompair agus Turasóireachta, Shane Ross agus é ag trácht ar an mbail atá ar bhóthar an N59 le linn cruinnithe i gConamara tráthnóna inné.

In ionad neamhghnách do chruinniú mar seo – teach tábhairne na Seoigeach ar an Sraith Salach – dúirt an tAire Ross go raibh tuiscint aige ar an bpráinn a bhain le ceist an N59 agus dúirt sé freisin go raibh glacadh aige leis an tábhacht a bhain le hobair mhór athchóirithe ar an mbóthar seo agus gur mhaith leis an obair sin a fheiceáil déanta.

Ach, ná bíodh daoine ag súil le hairgead breise i mbliana, a dúirt sé.

Thug sé le fios go bhfuil airgead na mbóithre do 2017 tomhaiste amach cheana agus á chaitheamh anois ar fud na tíre.

Cruinniú suáilceach a bhí ann agus dúirt an tAire Ross leis an gcomhluadar gurbh é seo an chéad uair riamh ar chas sé faoi dhó le grúpa ar bith. Bhí cruinniú aige cheana le Grúpa Gnímh an N59 i nDáil Éireann i mí Feabhra seo caite.

Mhol sé an Coiste as a gcuid gníomhaíochta agus a gcuid oibre ar son an phobail.

Dúirt  Josie Conneely agus Seosamh Ó Cuaig, ceannasaithe Ghrúpa Gnímh an N59 go bhfuil iarratas as an nua ar chead forbartha idir an Teach Dóite agus an Clochán (stráice 34 ciliméadar) ar an ngad is gaire don scornach.

D’fhiafraíodar den Aire an gcuirfí airgead ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe le hiarratas a dhéanamh in athuair ar chead forbartha le haghaidh an stráice sin.

Dúirt Ó Cuaig agus Conneely nár cheart go mbeadh suim mhór airgid i gceist.  Rinneadh an t-ullmhúchán cheana agus cuireadh iarratas isteach, ach dhiúltaigh an Bord Pleanála don iarratas sin i mí na Bealtaine, 2016, a dúirt siad.

Ní raibh aon phingin fanta i mbliana, a dúirt an tAire Ross, agus níor leis féin airgead a chur ar fáil go díreach.

Dúirt sé agus é faoi agallamh théis an chruinnithe go bhféadfadh sé go mbeadh suim airgid le haghaidh iarratas pleanála  eile “i mbuiséad na bliana seo chugainn”.

Toscaireacht Choiste Gnímh an N59 leis an Aire Iompair, Shane Ross

Tá ceist an N59 corrach agus casta.

Rinne an Grúpa Gnímh moladh go ngairfí cruinniú idir airí Rialtais éagsúla le dhul go bun an údair faoin moill fhada atá ar fhorbairt an N59.

Tugadh cead pleanála ceithre bliana ó shin le haghaidh mórfhorbairt ar an stráice den bhóthar atá idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite.  Ach ní féidir a dhul ar aghaidh leis sin – fós ar chuma ar bith – mar go bhfuil Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag cur cosa i dtaca ar chúiseanna timpeallachta.  Diúltaíodh cead forbartha don stráice 34 ciliméadar idir an Teach Dóite agus an Clochán anuraidh.

Dúirt an tAire Ross nárbh léir dó go mbeadh aon tairbhe i gcruinniú mar sin agus, ar aon chaoi, go bhféadfadh grúpaí ar fud na tíre a bheith ag lorg cruinnithe dá leithéid dá ngéillfeadh sé d’iarratas Ghrúpa Gnímh an N59.

Nuair a ceistíodh é faoi seo théis an chruinnithe, dúirt an tAire Ross nach n-eagródh sé cruinniú mar a bhí á éileamh mura mbeadh cúrsaí i bponc.

Ach ó tharla go bhfuil cead forbartha ann d’uasghrádú píosa bóthair le ceithre bliana agus nach féidir a dhul ar aghaidh leis nach bhfuil cúrsaí i bponc?

“Sin cúrsaí pleanála atá i bponc agus ní bhaineann sé leis an Roinn s’agamsa,” a dúirt an tAire Iompair.

Ag cruinniú an lae inné, thacaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, le héileamh Ghrúpa Gnímh an N59 agus thug sé léargas ar an lear leoraithe atá ag tarraingt fheamainne agus ag plé le tionscal an éisc i gConamara.  Dúirt sé leis an Aire Ross gur bunriachtanas é an t-infreastruchtúr maith ó thaobh cur chun cinn na Gaeltachta de.  Bóthar fóinteach agus riachtanach é an N59 do chuid mhaith pobail Ghaeltachta i gConamara, a dúirt Ó Cúláin.

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Steve Ó Cúláin agus a phointe á dhéanamh aige

Thacaigh John Madden, an Príomhfheidhmeannach ar ghnóthaí Mhainistir na Coille Móire leis na héilimh freisin.  Mhínigh sé go dtagann leathmhilliún cuairteoir chuig an gCoill Mhór chuile bhliain agus go dtagann leathchéad bus sa lá ansin le turasóirí.  Dúirt sé go gcuirfeadh bóithre maithe bonn níos fearr faoin turasóireacht.

Labhair na Teachtaí Dála Noel Grealish agus Hildegard Naughton chomh maith leis na Comhairleoirí Contae, Eileen Mannion agus Niamh Byrne i bhfabhar an éilimh ar fhorbairt an N59.  Dúirt an Teachta Grealish leis an Aire go bhfuil chuile aicme pholaitíochta ar aon aigne sa gcás seo.  Cé go raibh sé ar an Sraith Salach inné, bhí ar an Aire Stáit Pobail, Seán Kyne imeacht sular thosaigh an cruinniú ach rinne sé athdhearbhú ar a thacaíocht féin don fhorbairt.