Freagra oifigiúil le tabhairt ag Westminster ar cheist mhaoiniú na Coirnise

Freagra oifigiúil le tabhairt ag Westminster ar cheist mhaoiniú na Coirnise RÉAMHRÁ: Tá an sprioc 10,000 ainm bainte amach ag achainí ar cuireadh tús léi níos túisce i mbliana ina n-éilítear ar Rialtas na Breataine maoiniú don Choirnis a chur ar fáil arís

Freagra oifigiúil le tabhairt ag Westminster ar cheist mhaoiniú na Coirnise

Tá a sprioc bainte amach ag an achainí ar líne ina n-éilítear ar Rialtas na Breataine an cinneadh a rinneadh níos túisce i mbliana, go gcuirfí deireadh “láithreach bonn” leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do chur chun cinn na Coirnise, a chur ar ceal.

Ba é an Dochtúir Jon Mills, léachtóir leis an teangeolaíocht fheidhmeach in Ollscoil Kent, a thosaigh an achainí ar líne ar shuíomh oifigiúil achainíocha Rialtas agus Pharlaimint na Ríochta Aontaithe.

Theastaigh ón Dochtúir Mills go gcuirfí 10,000 ainm leis an achainí ionas go mbeadh iallach ar rialtas na Ríochta Aontaithe freagra oifigiúil a thabhairt uirthi. Baineadh an líon sin amach le linn an deireadh seachtaine agus tá Mills anois ag fanacht ar fhreagra an Rialtais.

Beidh an achainí oscailte go dtí an 21 Deireadh Fómhair. Sa chás go gcuirfí 90,000 ainm eile leis an achainí, pléifear an cheist i Westminster.

Bhítí ag tabhairt suas le £150,000 sa bhliain do Chomhairle an Choirn ó aithníodh an Choirnis, teanga Cheilteach a labhraítí i gCorn na Breataine, mar mhionteanga oifigiúil sa bhliain 2002.

Fuair an Chomhairle litir ó Rialtas na Breataine san Aibreán inar cuireadh in iúl go gcuirfí deireadh leis an maoiniú sin “láithreach bonn” agus go bhféadfadh an Chomhairle an maoiniú a chuirtear ar fáil a chaitheamh mar is mian leis an bpobal.

Ní mó ná sásta a bhí baill na Comhairle féin le cinneadh Rialtas Westminster. Dúirt Julian German, an comhalta comhairle a bhfuil cúram an gheilleagair agus an chultúir air, nach dtagann cinneadh an Rialtais le “comhaontuithe idirnáisiúnta” a shínigh siad agus nach bhfuil “ciall ar bith” leis an gcinneadh.

“The Cornish language is a great source of pride for Cornwall and is part of what makes Cornwall and the Cornish unique. Over the last five years use of the language has increased and this is reflected in street names, signage and on mainstream and social media.

“Just as importantly, it supports our local and visitor economy as the increase in the use of the language in marketing and tourism has proved,” a dúirt German.

Fág freagra ar 'Freagra oifigiúil le tabhairt ag Westminster ar cheist mhaoiniú na Coirnise'