AN RÍORDÁNACH@100: Fós istigh, fós amuigh agus fós as baile…

Táthar fós ag fáil inspioráide ó dhánta Sheáin Uí Ríordáin a saolaíodh cothrom an lae seo céad bliain ó shin, an 3 Nollaig 1916

AN RÍORDÁNACH@100: Fós istigh, fós amuigh agus fós as baile…

Ní mheileann riamh leath-aigne/ Caithfeam dul ionat – ‘A Theanga Seo Leath-Liom’

Chuireas romham le linn an fhómhair saothar iomlán an Ríordánaigh a léamh in athuair; mé féin a thumadh ina chuid filíochta mar chomóradh céad bliain a shaolaithe. Comhartha beag ómóis don bhfile seo a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ó léas ‘An Dall sa Studio’ ar scoil.

B’fhiú an t-am a chaitheamh á léamh.  Is éagsúil i bhfad a shaothar ná mar a léirítear sna díolaimí mar a mbíonn rogha theoranta dá chuid dánta, a dhíríonn go minic ar an tinneas agus ar an mbás. Tá greann ina shaothar, fiú más greann dóite uaireanta é. Tá grá agus comhbhá d’ainmhithe le sonrú i ndánta eile. Mholfainn d’éinne filleadh ar na bundánta arís.

Má castar libh fear léinn sa tslí / Bhur rún ná ligidh leis, bhur sians, / Ní dá leithéid a cumadh sibh – ‘Seo Libh’

I gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach a fuaireas mo chéad ghig mar léachtóir ar ghrúpa ollmhór – 300 BA-anna agus BOid-eanna. Filíocht an Ríordánaigh a bhí á teagasc agam agus bhí imní orm nach dtaitneodh a shaothar leo.  Tá duairceas ann, tar éis an tsaoil, agus teibíocht, agus fealsúnacht, agus go leor eile nach mbeadh mealltach, cheapas, do mhic léinn an lae inniu. Bhí dul amú orm: bhí an-tuiscint go deo acu ar an éiginnteacht a léirítear in ‘A Theanga seo Leath-Liom’ agus ‘A Ghaeilge im Pheannsa’; bhraith go leor acu mar an gcéanna faoin nGaolainn, nach raibh smacht iomlán acu uirthi. Agus seans nach bhfuil glúin níos fearr ná glúin seo Instagram a thuigfeadh:

Ní mise an mise a chím anseo,

Tá scáthán beag ar an bhfalla,

Ní fhaca ann inné ná inniu

Ach an mhacasamhail nár thaitin liom.

Mise istigh is mise amuigh,

Is an mise ceart as baile.

Tuigeann go leor den aos óg go bhfuil bearna mhór idir an íomhá a chuireann siad chun cinn díobh féin ar na meáin shóisialta agus an ‘mise ceart’. Ní hionann an leagan puisíneach, photoshopáilte díobh féin a chuireann siad os comhair an tsaoil agus an duine sa scáthán.

image

Is fada mise amuigh, / Is fada mé im thost – ‘Tost’

Má tá meas tuillte ag an Ríordánach sa Saol Fódhlach, is beag cur amach atá air sa Domhan Angla-Lárnach. Ach tá deis anois ag an saol mór aithne a chur ar an Ríordánach, go háirithe ó foilsíodh Selected Poems atá curtha in eagar ag Frank Sewell. Ní dhéanfad dearmad go brách ar an lá a cheannaíos an leabhar sin. Bhíos i Nua-Eabhrac, i siopa leabhar in Soho darb ainm McNally Jackson. Áit uber hipster: croiméil íorónacha, spéaclaí a dhein ráiteas, meon fuarchúiseach. Síos liom an staighre chun breathnú ar na leabhair filíochta. Líon mo chroí le lúcháir agus le bród nuair a chonac Selected Poems le Seán Ó Ríordáin ar an tseilf. Stánas air ar feadh tamaill, ag déanamh iontais de, ag cuimhneamh ar an streachailt, an crá croí agus ar an bhfulaingt as ar eascair filíocht an Ríordanaigh agus go raibh áit bainte amach anois aige i lár an aonaigh, i lár Manhattan, a bhuí sin le Cló IarChonnacht agus Yale University Press.      

Is mian liom leabhar Barry McCrea, Languages of the Night (Yale University Press 2015) a lua mar chuid de ‘oscailt amach’ seo an Ríordánaigh. Cuireann sé a shaothar i gcomhthéacs Eorpach, agus is lionsa fiúntach é sin chun léargais nua a fáil ar an bhfile. Ach níl scoláireacht na Gaeilge ag tabhairt neamhairde air; foilsíodh aiste le Muireann Ní Bheaglaoich sa leabhar Solas ar na Dumhchannaí (LeabhairCOMHAR 2016) ina mbaineann sí leas as teoiricí Spivak chun léirmhíniú a dhéanamh ar an dán ‘Banfhile’. Agus tá scoláire óg in Ollscoil Luimnigh, Ríona Ní Churtáin, ag dul i ngleic lena shaothar mar ábhar dochtúireachta. Níl deireadh ráite go fóill ag lucht léinn faoi shaothar an Ríordánaigh, bíodh is nach don ‘fear léinn’ a bhí sé ag scríobh!

Tá adhmad fós á bhaint ag ceoltóirí as a shaothar: Iarla Ó Lionáird, cuir i gcás, atá le clos ar albam an tsárghrúpa, The Gloaming. Duine eile is ea Mark Lynch a bhfuil ceol aoibhinn comhaimseartha curtha aige le dánta an Ríordánaigh. Is é atá laistiar den ngrúpa ‘An Bóthar’, a bhfuil albam den teideal céanna eisithe acu, albam a mholfainn go hard na spéire. 

Tá filí fós ag diúgadh a chuid dánta. Tá scoláirí fós ag scagadh a chuid focal, agus tá ceoltóirí fós ag fáil inspioráide óna shaothar. Mairimid go fóill faoina anáil.

Fág freagra ar 'AN RÍORDÁNACH@100: Fós istigh, fós amuigh agus fós as baile…'