Fochoiste nua ar chúrsaí ealaíon, Gaeilge agus Gaeltachta bunaithe ag an Rialtas

Tá cúramaí na teanga agus na Gaeltachta le cur ar fhochoiste nua Rialtais ach idir an dá linn tá an bille leasaithe ar an Acht Teanga curtha ar an liosta reachtaíochta 'fadtéarmach'

An Taoiseach, Enda Kenny. RollingNews.ie
An Taoiseach, Enda Kenny. RollingNews.ie

fochoiste nua Rialtais bunaithe le díriú ar chúrsaí ealaíon, Gaeilge agus Gaeltachta. Ghlac cruinniú rialtais na seachtaine seo cinneadh go mbeadh fochoiste ar leith ann le déileáil leis na cúraimí sin agus go mbeadh sé neamhspleách ar an bhfochoiste a bheidh freagrach as cúrsaí réigiúnacha agus tuaithe.

Ag labhairt dó sa Dáil dúirt an Taoiseach Enda Kenny, a bheidh ina chathaoirleach ar an bhfochoiste ealaíon, Gaeilge agus Gaeltachta, go mbeadh an fochoiste sin tiomanta do chúraimí ealaíon agus cultúir amháin.

Chuir Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ina leith go raibh an fochoiste nua á bhunú aige toisc é bheith faoi bhrú uathusan a mhaígh go raibh ísliú céime á thabhairt go leanúnach do chúrsaí ealaíon le blianta anuas.

gur chuir an Teachta Martin fáilte roimh bhunú an fhochoiste dúirt sé gur sop in áit na scuaibe a bhí ann agus gur cheart go mbeadh freagracht na n-ealaíon ar dhuine ag leibhéal aireachta sa Rialtas.

Dheimhnigh an Taoiseach gurbh é an teideal iomlán a bheidh ar an Roinn nua a bheidh freagrach as cúrsaí ealaíon ná An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta.

Léirigh Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams imní faoina laghad cruinnithe a bhí ag an bhfochoiste deireanach ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite gur 15 mí ó shin a bhí a gcruinniú deireanach ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais dheireanaigh.

Dúirt Gerry Adams nár thuig sé an chúis nach raibh an Taoiseach níos gníomhaí maidir le cúrsaí na teanga go háirithe fad is a bhain sé le forbairt na gceantar Gaeltachta a bhí mar thobar na teanga, ó tharla gur “fíor-Ghaeilgeoir” a bhí ann féin.

Meastar gur ón ngrúpa neamhspleách Independents 4 Change a cheapfar cathaoirleach ar choiste eile faoi chúrsaí teanga atá le bunú i dTithe an Oireachtais.

Beidh ionadaíocht ag páirtithe éagsúla sa Dáil agus sa Seanad ar an gcoiste nua ach is cosúil cinneadh a bheith déanta go bhfágfar roghnú an chathaoirligh ag an ngrúpa Independents 4 Change. Seachtar atá sa ghrúpa, Clare Daly, Joan Collins, Tommy Broughan, Catherine Connolly, Thomas Pringle, Maureen O’Sullivan agus Mick Wallace.

Gaeilge líofa ag beirt den ghrúpa – an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly agus an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Láir Maureen O’Sullivan. Duine de sheachtar ball an ghrúpa sin a roghnófar don chathaoirleacht ar an gComhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta agus meastar gur mó seans atá ann gur Maureen O’Sullivan a cheapfar i mbun an chúraim.

Idir an dá linn, tá tagtha chun solais go bhfuil an bille atá le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla curtha anois ar an liosta reachtaíochta sa rannóg dár teideal ‘All Other Legislation’ ar a bhfuil liosta de na billí a bhfuil sé ar intinn ag gach Roinn Rialtais a thabhairt chun cinn “go fadtéarmach” i dTithe an Oireachtais. 

An tseachtain seo caite d’fhógair na Teachtaí Dála ó Shinn Féin agus Fianna Fáil, Peadar Tóibín agus Éamon Ó Cuív, go raibh siad beirt ag obair as lámha a chéile le bille nua a thabhairt os comhair na Dála a thabharfadh níos mó stádais don Ghaeilge agus breis cearta do chainteoirí Gaeilge.

Sheol Tóibín bille i mí Mhárta na bliana 2015 a d’éiligh comhionannas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair ach níor glacadh leis an mbille sin. Tá leasú déanta ar an méid a bhí sa chéad bhille sin anois agus tá sé ag súil lena thabhairt os comhair na Dála a luaithe agus is féidir.

Féachfar sa bhille, i measc rudaí eile, le stádas na Gaeilge ar chomharthaíocht bóthair a chur ar comhchéim leis an mBéarla, agus cearta an tsaoránaigh a ainm Gaeilge a úsáid a chinntiú sa dlí.