FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Jackie Mac Donncha – Aileach

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é ‘Aileach’, úrscéal le Jackie Mac Donncha atá againn

Jackie Mac Donncha

Ba bheag nár thit an t-anam as Bairbre nuair a chonaic sí an sagart ag siúl anuas an bóithrín i dtreo an tí. Cé go raibh barúil mhaith aici go dtiocfadh sé am eicínt, lá eicínt, bhraith sí go raibh a cuid fola ag tréigint a colainne de réir mar a bhí sé ag tarraingt níos gaire.

“Bailígí libh as an mbealach nó go mbeidh an sagart imithe,” a d’fhógair sí ar an mbeirt chlainne, Bríd agus Micheál.

Rug Bríd ar láimh ar Mhicheál agus tharraing, in aghaidh a thola, suas sa seomra beag é. Dhún sí an doras ina diaidh.

Bhí uafás in éadan Bhairbre agus í ag breathnú thart go deifreach ar an gcisteanach. Thóg sí ceirt den bhord agus chaith isteach sa drisiúr é. Thóg balcaisí éadaigh de dhroim na cathaoireach agus chaith uaithi iad suas sa seomra ina raibh an bheirt óga. Bhí Ciarán, an páiste, ina chodladh sa seomra céanna. Chuir an mháthair fainic ar an mbeirt gan an páiste a dhúiseacht. Bhreathnaigh sí amach an doras oscailte mar a bhreathnódh sionnach a bheadh sáinnithe i bpluais.

Go maithe Dia dom é, ar sí léi féin, ach b’fhearr liom an diabhal féin lena phéire adharc a fheiceáil ag teacht ná é seo. Sheasfainn mo thalamh in aghaidh fhear na n-adharc ach níl seans dá laghad agam leis seo.

Bhí a fhios aici go raibh dhá theach a mbeadh radharc maith acu ar a teach ise. Agus bhí a fhios aici go maith go raibh an sagart feicthe acusan, b’fhéidir, níos túisce ná ise. Mo léan, bhí a fhios acu cá raibh a thriall. Agus an chúis a bhí lena chuairt.

Is dóigh go raibh a fhios ag an bpobal anois é de bharr na seanmóra ag an aifreann Dé Domhnaigh seo caite. Fios ag cách cé a bhí i gceist. Maireann an biadán agus níor chlis a chuid síl ariamh. Agus maireann an náire chomh fada is a mhaireann an saol féin.

Bhí súil ag Bairbre nach dtiocfadh a fear céile ná an chuid eile de na gasúir isteach a fhad is a bheadh an sagart ansin.

Nach uafásach an mí-ádh a bhíonn ar dhaoine thar a chéile, a smaoinigh sí agus cos an tsagairt ar an tairseach. Níor bheannaigh an sagart isteach agus níor oscail Bairbre a béal. Thuig sí nach raibh sé de cheart aici cur as do theachtaire Dé.

“Is dóigh go bhfuil a fhios agat cén t-údar atá le mo chuairt?” ar seisean, ina sheasamh ag an mbord. Tharraing sé cathaoir chuige agus shuigh sé ag ceann an bhoird. Scaoil Bairbre síos í féin ar an gcathaoir ag an gceann eile. Ní raibh sí cinnte ar cheart di labhairt nó nár cheart. Bhraith sí go mbeadh sí dá cur féin i sáinn dá bhfreagródh sí. Ar ndóigh, bhí an oiread ómóis aici don choiléar agus don chlóca dubh is gur chreid sí nach raibh sé de cheart aici labhairt.

“Bheinn ag déanamh faillí ar an bpobal dá bhfanfainn i mo thost,” ar seisean. Bhí sé ag labhairt go híseal, mar a bheadh le gasúr nó le duine nach mbeadh mórán meabhrach ann. “Tá a fhios agat go bhfuil croí na Maighdine Muire briste. Go bhfuil sí ag sileadh deor aríst. Tuigeann tú anois go bhfuil an choróin spíne dá casadh agus dá brú ar chloigeann Mhac Dé.” Bhí a ghlór ag ardú de réir a chéile. “Tá a fhios agat go bhfuil na tairní dá dtiomáint isteach sna lámha agus sna cosa aríst. Agus an bhfuil a fhios agat cé atá i ngreim sa gcasúr? D’iníon, a bhean. D’iníon ionúin agus an bastard atá istigh ina bolg!”

D’oscail Bairbre a béal, mar a bheadh sí ar tí rud eicínt a rá.

“Ná labhair, a bhean! Ná labhair nó go mbeidh mo chuid ráite agamsa.”

Chrap colainn Bhairbre sa gcathaoir mar a bheadh seilimide a mbuailfí ruainne salainn air. D’airigh sí an náire ag tógáil ceannais ar a corp. Dá n-osclódh poll san urlár agus í a shlogadh, d’fháilteodh sí roimhe. Thosaigh sí ag gol go ciúin, cé go ndearna sí a seacht míle dícheall cosc a chur leis na deora. Bhí faitíos uirthi go gcuirfeadh sé le taghd an tsagairt. Ach má thug sé faoi deara í, níor lig sé air féin é.

“Tá an eaglais agus an pobal náirithe agaibh. Mo phobalsa. Pobal Dé! Tá Dia trócaireach ach ní bheidh sé éasca an peaca seo a mhaitheamh. Ní mór daoibh troscadh agus aithrí a dhéanamh le súil go dtabharfaidh Dia cluas daoibh.”

D’airigh Bairbre chomh suarach le cac cait ar chosán. D’airigh sí mar nach raibh inti ach feithide ghránna a bhféadfadh an sagart leicíneach a dhéanamh de faoina chois. Cheap sí go raibh colainn an tsagairt ag méadú le chuile abairt dá raibh sé ag cur de nó go raibh sé ag líonadh na cisteanaí.

Bhí an náire mar ualach ar a corp. Bhí faitíos uirthi go bhfeicfeadh sé an marc a bhí fágtha ar an mbord ag an gceirt. Bhí míoltóg ag dordán thart os a gcionn agus bhí faitíos a croí uirthi go luífeadh sí ar an sagart. Bhí náire uirthi faoin mbail a bhí ar an teach.

“Is dóigh go bhfuil a fhios agat nach féidir le d’iníon fanacht sa gceantar seo. Go gcaithfidh sí imeacht! Agus imeacht go luath. B’fhearr dúinn uilig dá mbéarfaí an páiste sin in áit eicínt eile i bhfad ó bhaile. Tá sé sách dona a bheith ag iompar páiste ach bheadh sé i bhfad níos measa dá dtiocfadh an páiste sin ar an saol anseo sa bparóiste. Caithfidh mise a thaispeáint go bhfuil mé i gceannas ar mo thréad. Taispeáin thusa go bhfuil tú i gceannas ar d’iníon, rud nár thaispeáin tú go dtí seo. Sé an áit is fearr do d’iníon, anois, ná an Magdalene Asylum. Déanfaidh mise na socruithe sin mé féin. Beidh deis aici a purgadóir a dhéanamh ann. Beidh sí in ann aithrí mhaith a dhéanamh san áit sin. Glanfar agus sciúrfar an peaca marfach sin atá ar a hanam. Glanfar a croí agus a corp agus, b’fhéidir, le cúnamh ó Dhia, go mbeadh áit di sna flaithis lá eicínt.”

Nuair a luaigh an sagart an Magdalene Asylum, tháinig anbhá ar Bhairbre. Ní raibh móran eolais aici, ná ag aon duine, faoin eagraíocht, ach bhí ráflaí ann a dúirt nach dtagadh aon duine ar ais ón Magdalene Asylum. Agus bhí sé ráite nach bhfeiceadh máthair a páiste aríst go brách, mar go scartaí ó chéile iad agus go dtugtaí an páiste do dhaoine eile le tógáil.

Bhí a ceann cromtha ag Bairbre, í ag cuimilt bos a láimhe lena hordóg. Níorbh é seo a bhí leagtha amach aici dá hiníon.

“Tá mo chuid ráite agam. Tá súil agam nach mbeidh orm a theacht aríst!” Bhí an sagart imithe amach mar a tháinig sé isteach, mar shiolla gaoithe. D’fhan a bholadh sa gcisteanach.

Sa seomra, chuala Bríd chuile fhocal dár tháinig ó bhéal an tsagairt. Chuala Micheál cuid mhaith de freisin, agus cé nach raibh sé ach ocht mbliana d’aois, thuig sé go maith go raibh olc ar an sagart agus go raibh an t-olc sin díríthe ar a mháthair.

Bhí radharc ag Bríd amach tríd an bhfuinneog agus chonaic sí an sagart ag dul suas an bóthar. Ba é Micheál an chéad duine a labhair.

“Cén fáth a raibh an sagart ag troid leMama?” ar sé go híseal lena dheirfiúr.

“Ní troid a bhí ann, a Mhichíl. Is mar sin a labhrann an sagart.”

“Ach bíonn glór difriúil aige le linn an aifrinn,” arsa Micheál. “Ní mar sin a bhí a ghlór an lá a raibh sé ag cur na gceisteanna ormsa.”

“Ceisteanna?” arsa Bríd. “Cén sórt ceisteanna a bhí sé a chur ortsa?”

“Cúpla seachtain ó shin. Théis dom a bheith ag freastal ar an aifreann. Dúirt sé liomsa fanacht. Lig sé ar ais go dtí an scoil an buachaill eile. Thart ar chúl theach an phobail a thug sé mé. Bhí muid ag siúl siar is aniar. Chéap mé gur mar gheall ar an bhfíon – ólann mé féin agus an leaid eile braon fíona scaití sula dtagann an sagart isteach sa sacraistí ar maidin, braon beag bídeach – bhí faitíos orm go bhfuair sé an boladh.”

“Ach cén sórt ceisteanna a chuir sé?” Bhí Bríd ar bís.

“D’fiafraigh sé díom an mbíodh tusa ag dul amach san oíche. D’fhiafraigh sé díom cé mhéid seomra sa teach seo, agus cén áit a gcodlaíonn muid uilig. D’fhiafraigh sé cé a bhí ag codladh le chéile.”

“Agus céard a dúirt tú leis?” arsa a dheirfiúr.

“Dúirt mise nach raibh a fhios agam. Chuir sé na ceisteanna céanna aríst orm agus dúirt mé leis nach raibh a fhios agam. D’éirigh sé an-mhífhoighdeach liom théis tamaill agus dúirt sé liom a dhul ar ais chuig mo rang sa scoil!”

“Cén fáth nár inis tú é seo dúinn cheana?” arsa a dheirfiúr leis.

“Bhí faitíos orm go bhfaighinn leadóg faoin gcluais,” arsa Micheál. “Sé an chaoi a maródh Mama nó Deaide mé.”

“Is dóigh go raibh an ceart agat. Ní chreidfí thú ar aon bhealach.” “Ná hinis do Mhama ná do Dheaide é, a Bhríd,” a d’impigh an buachaill beag. “Níl baol orm,” arsa Bríd, “tá a ndóthain trioblóide acu gan a bheith ag cur leis.”

Leag sí a lámh go cineálta ar a bolg agus thosaigh dá chuimilt go ciorclach. Bhí an leanbh taobh istigh ag priocadh agus ag ciceáil níos mó ná ariamh.

“Fan anseo ar fhaitíos go ndúiseoidh Ciarán,” ar sí lena deartháir.

Ní raibh mórán foinn ar an mbuachaill fanacht mar a bhí sé ach ní dhearna sé aon chasaoid.

Bhí Bairbre fós ina suí ag an mbord nuair a tháinig Bríd anuas as an seomra. Bhreathnaigh an bheirt bhan ar a chéile. An mháthair agus an iníon. Bhí a fhios ag chaon duine acu nár ghá don duine eile labhairt.

Bhí éadan na máthar mar a bheadh sí théis a hanam a bheith díolta aici leis an diabhal.

Bhraith Bríd go raibh boladh coimhthíoch sa gcisteanach anois.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Jackie Mac Donncha – Aileach'