FOCAL IS FUAIM: Dánta le Máire Mhac an tSaoi á léamh ag an bhfile

Eisíodh an taifead seo den chéaduair mar chuid den tsraith An Béal Beo agus bhí siad le cloisteáil ar an téip Guth an Fhile.

M-Mhac-an-tSaoi_2

Tá na dánta seo le fáil sa chnuasach dátheangach Máire Mhac an tSaoi – An Paróiste Míorúilteach: Rogha Dánta / The Miraculous Parish: Selected Poems in eagar ag Louis de Paor (O’Brien Press/Cló Iar-Chonnacht 2011).

Téacs © Máire Mhac an tSaoi

Is féidir cóip den leabhar a cheannacht anseo

Cad is bean?

Gránna an rud í an bhean,
hOileadh casta,
Díreach seach claon ní fheadair,
Bréag a n-abair;

Níl inti ceart ná náire,
Níl inti glaine,
An ghin ón gcléibh tá meata,
Mar is baineann;

Beatha dhi inneach an duine,
Slán ní scarfair
Go gcoillfidh agat gach tearmann,
Go bhfágfaidh dealbh;

Cleachtadh an tsúmaire a sampla,
Go maireann amhlaidh,
‘Mise glacsam!’ a paidir,
Ampla a foghlaim:

Mar tá sí gan céim chumais
Ach i mbun millte,
Nimh léi gach fiúntas dearbh
Phréamhaigh sa tsaoirse;

Chás di cumann a chúiteamh,
Ní heol di féile,
Má d’imir ina reic a pearsain
Is le fíoch éilimh;

Tá gann, tá cúng, tá suarach,
Gan sásamh i ndán di
Ach an déirc is an tsíoraithis –
Dar marthain! is gránna.

Do Shíle

Cuimhním ar sheomra ó thaobh na farraige,
Aniar is aneas do bheireadh scríb air,
Is báisteach ar fhuinneoig ina clagarnaigh,
Gan sánas air ó thitim oíche,
Is is cuimhin liom go rabhais ann, a Shíle,
Suite go híseal cois na tine
Is an fáinne óir ar do mhéir linbh.

Do thugas dúinn amhrán croíbhuartha,
Is ba cheol na fliúite le clos do ghlór ann,
Comharthaí grá ón bhFrainc ar cuairt chughainn –
Bhí gile do chinn mar an t-airgead luachra
Fé sholas an lampa leagtha ar bord ann.

Nach cuma feasta, a naí bhig, eadrainn
Deighilt na mblianta nó fuatha an charadais?
Dob é mo dhán an tráth san t-aithne.

Bás mo mháthar

An dá shúil uaine ar nós na farraige
Cruaidh mar an chloch,
Ag tarrac caol di ar thíos na beatha
Gan farasbarr,
Ní rabhadar gairdeach, muirneach fá mo choinne:
Ná rabhas-sa gafa feasta ar shlua na namhad?
Ag díbirt m’athar uaithi! Ag comhairliú réasúin! . . .

Ní mar sin a samhlaití dom an bhris,
Ach maoithneach, lán de dhóchas, daite pinc
Le grian tráthnóna, blátha, crónán cliar.
M’aghaidh lena gnúis, mo lámh i ngreim a láimhe,
Shaothróinn di – caiseal tola – cúirt na bhflaitheas,
Is teann an éithigh chrochfadh na geataí
Sa múrtha: ní bheadh teora lem ghaibhneoireacht!
Ní dhruidfeadh léithi oíche an neamhní
Roimh éag don aithne – Ní mar síltear bítear:
Do chros an Dia nach ann Dó an fealladh deiridh!

Cré na mná tí

Coinnibh an teaghlach geal
Agus an chlann fé smacht,
Nigh agus sciúr agus glan,
Cóirigh proinn agus lacht,
Iompaigh tochta, leag brat,
Ach, ar nós Sheicheiriseáide,
Ní mór duit an fhilíocht chomh maith!

A fhir dar fhulaingeas . . .

A Fhir dar fhulaingeas grá fé rún,
Feasta fógraím an clabhsúr:
Dóthanach den damhsa táim,
Leor mo bhabhta mar bhantráill.

Tuig gur toil liom éirí as,
Comhraím eadrainn an costas:
‘Fhaid atáim gan codladh oíche
Daorphráinn orchra mh’osnaíle.

Goin mo chroí, gad mo gháire,
Cuimhnigh, a mhic mhínáire,
An phian, an phláigh, a chráigh mé,
Mo dhíol gan ádh gan áille.

Conas a d’agróinnse ort
Claochló gréin ach t’amharc,
Duí gach lae fé scailp dhaoirse –
Malairt bhaoth an bhréagshaoirse!

Cruaidh an cás mo bheith let ais,
Measa arís bheith it éagmais;
Margadh bocht ó thaobh ar bith
Mo chaidreamh ortsa, a óigfhir.

Love has pitched his mansion . . .

An cailín mánla deoranta nár dhual di an obair tháir seo,
Do tháinig sí croíleonta le héileamh chugham ón mháthair;
‘Comhairigh an uile ghiobal beag a bhaineann le mo pháiste,
Cuntais iad go scrupallach, ná fág aon loc gan áireamh,
Má fhanann oiread ‘s bríste amú, tá an lios i ngreim im bábán –
Is dá fhaid ó bhaile a scarfam iad, ‘sea is mó dá chionn a thnáthfaidh!’

‘Ním agus glanaim,’ ar seisean, ‘agus scagaim mo dhá láimh Ann!’ . . .
I mbríste beag an cheana, banúil, breacaithe le blátha;
Cuirim tríd an sobal é, rinseáilim agus fáiscim –
Níl naomh a thuigfeadh m’aigne ‘stighse ach ab é Píoláit é!
Solas na bhflaitheas dá anam bocht go ngnóthaí an níochán so!
Amen!

Aithis chun scrín na baindé gur tearmann di an t-ard beag!
Do stolladh fiail an teampaill mar do thairngir an fáidh é!
Scaoilim an t-iarann ar an éadach is is clos dom an t-éamh
     ag Reáime –
Agus tugaim uaim an t-altram is a balcaisí pacáilte . . .
De gháire na nathrach seanda, de gháire na leasmháthar!

Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin

I
Ach a mbead gafa as an líon so –
Is nár lige Dia gur fada san –
B’fhéidir go bhfónfaidh cuimhneadh
Ar a bhfuaireas de shuaimhneas id bhaclainn.

Nuair a bheidh ar mo chumas guíochtaint,
Comaoine is éisteacht Aifrinn,
Cé déarfaidh ansan nach cuí dhom
Ar ‘shonsa is ar mo shon féin achaine?

Ach comhairle idir dhá linn duit,
Na téir ródhílis in achrann,
Mar go bhfuilimse meáite ar scaoileadh
Pé cuibhrinn a snaidhmfear eadrainn.

II
Beagbheann ar amhras daoine,
Beagbheann ar chros na sagart,
Ar gach ní ach bheith sínte
Idir tú agus falla –

Neamhshuim liom fuacht na hoíche,
Neamhshuim liom scríb is fearthainn,
Sa domhan cúng rúin teolaí seo
Ná téann thar fhaobhar na leapan –

Ar a bhfuil romhainn ní smaoinfeam,
Ar a bhfuil déanta cheana,
Linne an uain, a chroí istigh,
Is mairfidh sí go maidin.

III
Achar bliana atáim
Ag luí farat id chlúid,
Deacair anois a rá
Cad leis a raibh mo shúil!

Ghabhais de chosaibh i gcion
A tugadh go fial ar dtúis,
Gan aithint féin féd throigh
Fulaing na feola a bhrúigh!

Is fós tá an creat umhal
Ar mhaithe le seanagheallúint,
Ach ó thost cantain an chroí
Tránn áthas an phléisiúir.

IV
Tá naí an éada ag deol mo chíchse,
Is mé ag tál air de ló is d’oíche;
An garlach gránna ag cur na bhfiacal,
Is de nimh a ghreama mo chuisle líonta.

A ghrá, ná maireadh an trú beag eadrainn,
Is a fholláine, shláine a bhí ár n-aithne;
Barántas cnis a chloígh lem chneas airsin,
Is séala láimhe a raibh gach cead aici.

Féach nach meáite mé ar chion a shéanadh,
Cé gur sháigh an t-amhras go doimhin a phréa’cha;
Ar láir dhea-tharraic ná déan éigean,
Is díolfaidh sí an comhar leat ina séasúr féinig.

V
Is éachtach an rud í an phian,
Mar chaitheann an cliabh,
Is ná tugann faoiseamh ná spás
Ná sánas de ló ná d’oích’ –

An té atá i bpéin mar táim
Ní raibh uaigneach ná ina aonar riamh,
Ach ag iompar cuileachtan de shíor
Mar bhean gin féna coim.

VI
‘Ní chodlaím istoíche’ –
Beag an rá, ach an bhfionnfar choíche
Ar shúile oscailte
Ualach na hoíche?

VII
Fada liom anocht!
Do bhí ann oíche
Nárbh fhada farasta –
Da leomhfainn cuimhneamh.

Go deimhin níor dheacair san,
An ród a d’fhillfinn –
Dá mba cheadaithe
Tréis aithrí ann.

Luí chun suilt
Is éirí chun aoibhnis
Siúd ba chleachtadh dhúinn –
Dá bhfaighinn dul siar air.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Dánta le Máire Mhac an tSaoi á léamh ag an bhfile'