FOCAL AGUS FUAIM: Teanga gan ‘substaint’, gan tábhacht í an Ghaeilge

Cinneadh stuama, ciallmhar a dhein an Breitheamh Edwards ar Mháirt na seachtaine seo, a deir ár gcolúnaí, ach údar suntais ab ea an méid a dúirt sé faoi easpa ‘substainte’ na Gaeilge

 

Pictiúr: PHOTOCALL IRELAND
Pictiúr: PHOTOCALL IRELAND

Meastar go raibh moill ar éisteacht breis agus míle cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil de bharr an achomhairc a dhein an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ar chás Mihai Avadenei. I bhfianaise an méid sin, thuigfeá don Bhreitheamh John Edwards agus an bhreith a thug sé an tseachtain seo ar an gcás céanna. Ina dhiaidh sin féin, ábhar imní an méid a dúirt sé faoi easpa ‘substainte’ a bheith ag roinnt le heolas a thabharfaí i nGaeilge.

Bíodh is go raibh comhthéacs ar leith i gceist ag an mBreitheamh Edwards, sílimse go luíonn an méid a dúirt sé go deas le meon agus dearcadh an Stáit i leith na Gaeilge sa tír seo le fada.

Ag caint dó le Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas dhá bhliain ó shin, dúirt an Dochtúir Pádraig Ó Héalaí gurb í an laincis is mó a bhacann ar an Stát feidhmiú go dearfach i leith na Gaeilge ná éiginnteacht faoina tairbhe nó díchreideamh mar gheall air – nó, lena rá ar bhealach eile, go gceaptar go forleathan nach fiú mórán í. 

Mar a mhínigh Pádraig féin, tá elite shóisialta an chomhchórais dlí agus oideachais ag fógairt os ard leis na céadta bliain in Éirinn – agus á léiriú ar shlite ana-phraiticiúil – gurb é an Béarla an teanga a chuirfeadh dul chun cinn ar fáil do chlann nó do thír agus gurbh é leas na ndaoine iompú leis.

Ar eagla na míthuisceana, ba iad na slite praiticiúla a bhí i gceist ná an Ghaeilge a ruaigeadh as fearann poiblí na tíre seo agus iachall a chur ar dhaoine an teanga fhaiseanta nua úd a fhoghlaim. Ba mhinic a dhéantaí an méid sin leis an lámh láidir, rud nach ndéantar mórán caint’ air. D’fhág an méid seo ar fad gur tháinig casadh mínádúrtha i meon na muintire i leith a dteanga féin, meon arbh iad an bhinb agus an dímheas a chomharthaí sóirt. Ar ndóigh, do threisigh an Gorta agus an imirce a lean é go mór leis an meon san.

Is é m’áiteamhsa gur i ngleic leis an pathology sin atá Rialtais agus pobal an Stáit seo i gcónaí. Mar a deir an seanfhocal, is fada amach a shíneann iarsma an drochghnímh.

Liosta le háireamh iad na cinntí atá déanta ag an Rialtas le blianta beaga a d’fhág buailte an teanga arís is arís eile; an phraiseach náireach a deineadh d’Acht na Gaeltachta, an lagú atá déanta ar an Acht Teanga, siléig agus drogall na n-údarás maidir le foilsiú moltaí tairbheacha i dtuarascáil teangeolaíochta, agus moilleadóireacht an Rialtais i dtaobh chur i bhfeidhm na moltaí oideachais Gaeltachta – gan ach cuid acu a lua.

Má tá an méid sin féin sách dona, shílfeá nach bhfuil páirtithe polaitíochta na tíre sásta ceist na teanga

a phlé fiú, i bhfianaise a mhinicí atá iarrtha acu ráitis Ghaeilge na Dála a chur siar le tamall anuas.

In ainneoin gur iarradh go gceapfaí Aire Sinsearach a mbeadh an Ghaeilge ar a thoil aige le féachaint i ndiaidh cúrsaí Gaeltachta, ’sé a mhalairt atá déanta ag an Rialtas, don darna babhta in imeacht roinnt bheag blianta. Aire Sóisearach a bheas againn in athuair agus is léir nach aon chloch ar phaidrín an Rialtais í ceist na teanga, bíodh an chloch sin ar an gceann is mó nó an ceann is lú.

San aitheasc oscailte a thug sé ag Oireachtas Chois Fharraige dhá bhliain ó shin, dúirt Joe Steve Ó Neachtain gur cheart go mbeadh reifreann ar stádas na Gaeilge sa tír seo ‘a chuirfeadh deireadh leis an gcur i gcéill, bealach amháin nó bealach eile’.

Ba é an port céanna a bhí aige agus é ag caint liom féin i mí na Samhna seo caite.

“Mothaím go bhfuil go leor cur i gcéill ann, le fírinne. Mothaím go dteastódh uainn a rá amach go díreach go bhfuil muid lándáiríre. Mara ndéarfaidh muid é le linn chomóradh Éirí Amach na Cásca, beidh sé gan rá, agus éaló’ an Ghaeltacht léi mar a d’éalaigh sí as chuile choirnéal den tír,” a dúirt fear ildánach Chois Fharraige. Ba dheacair dó a shamhlú, a dúirt sé, go mairfimis mar phobal teanga gan an crú a chur ar an tairne.

Bheadh an saineolaí dlí Gwynedd Parry ar aon fhocal le Joe Steve Ó Neachtain, shílfeá. Ba é Parry a dúirt anuraidh go raibh sé in am ag Éirinn ‘to abandon its commitment to bilingualism or to honour it fully’.

In ainneoin an stádais atá ag an teanga ar pár, is léir gur á tréigean atá an Stát ar leis í le fada fada an lá, tar éis na reitrice ar fad. Mar a léirigh alt a scríobh an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar Tuairisc.ie le gairid, an t-aon rogha atá á cur ar fáil do phobal na Gaeltachta anois agus iad ag déileáil leis an Stát ná an Béarla éigeantach. Mar a dúirt fostaí úd na Roinne Oideachais, “who is going do deal with the tá sé’s today?”

San alt le Seán Ó Cuirreáin, mhínigh sé gur thug Aire Rialtais rialacháin nua isteach sa bhliain 1928 faoina dtabharfaí trí bliana do Státseirbhísigh an Ghaeilge a fhoghlaim sa chás gur sa Ghaeltacht a bheidís le lonnú.

Measadh go bhféadfaidís an teanga a shealbhú agus déileáil le muintir na háite tar éis an achair sin ama. Ní hamháin nár cuireadh aon chuid de na rialacháin teanga seo i bhfeidhm riamh, ach níos measa fós, gach uair go raibh an spriocdháta do thosú na rialachán ag teannadh leis an rialtas, síníodh ordú chun an dáta tosaithe a chur ar athló, ar feadh sé mhí nó ar feadh bliana. 

Tharla sé seo ar a laghad ceithre huaire agus leathchéad idir 1928 agus 1966, tráth ar cuireadh deireadh ar fad leis os íseal. Ráinig go raibh an tÉirí Amach á chomóradh againn an bhliain úd freisin, ar ndóigh.

Is léir, mar sin, gur a’ snámh in aghaidh easa atáthar, agus toisc go bhfuil Béarla ag beagnach gach duine sa Ghaeltacht anois, ’sé meon an Stáit gur leor an méid sin agus nach gá seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta ina rogha teanga.

Is é an rud a dhearmadtar anseo, ar ndóigh, nár tugadh aon rogha do phobal na Gaeltachta riamh a gcuid gnóthaí a dhéanamh leis an Stát ina rogha teanga.

Dhiúltaigh an Stát é sin a dhéanamh dóibh. D’fhág seo gurbh éigean do phobal na Gaeltachta an Béarla a fhoghlaim. Faoi mar a deir an seanfhocal, ‘ní bhíonn dlí ar an riachtanas’.

Ná tuigtear uaidh seo gur drochrud é an Béarla nó an dátheangachas – a mhalairt glan atá fíor. Mar sin féin, tá sé iomlán fimíneach ag tráchtairí frith-Ghaeilge a rá faoi phobal na Gaeltachta anois ‘go bhfuil Béarla acu ar aon nós’, nuair is é an meon is bun lena leithéid d’áiteamh is cúis leis an iachall a cuireadh orthu an Béarla a fhoghlaim ina dtír féin sa chéad áit.

Is gá dúinn dul i ngleic lenár stair agus a aithint gur bréag ó bhun go barr a bhí sa mhéid a dingeadh isteach inár n-aigne faoi easpa maitheasa agus fiúntais ár dteanga féin; bréag a creideadh le haimsir, bréag ar géilleadh di de bharr iachaill agus bochtanais, sa tslí is gur thosaigh daoine á n-iompar féin dá réir agus gur tháinig an bhréag chun fírinne agus an tuar faoin tairngreacht.

Is gá dúinn dul i ngleic leis an méid sin agus athshealbhú a dhéanamh ar an gcuid is suntasaí dár n-oidhreacht mar Éireannaigh.

Má dhéanaimid é sin, b’fhéidir go gcneasóimis ár gcréachta agus go ndíbreoimis an bhinb atá againn i leith ár dteanga féin. Tríd an bpobal a mhúineadh faoi chastacht agus faoi fhírinne cheist na teanga a bhainfear an méid sin amach.

Idir an dá linn, áfach, leomhfainnse a rá go bhfuil sé in am ag dream Gaeltachta an Stát a thabhairt chomh fada leis an Eoraip agus go fiú os comhair na Náisiún Aontaithe as ucht a gcuid faillí i dteanga a dtíre féin, ach smaoineamh ar bhealach le cás a dhéanamh ina n-aghaidh.