‘Filters’ Gaeilge do Snapchat ar fáil ‘go luath’ – Conradh na Gaeilge

Reáchtáil an Conradh comórtas ‘Gaelsnap’ níos túisce i mbliana le geo-scagairí Gaeilge a aimsiú do gach contae in Éirinn

‘Filters’ Gaeilge do Snapchat ar fáil ‘go luath’ – Conradh na Gaeilge

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go mbeidh geo-scagairí Gaeilge do chontaetha uile na hÉireann ar fáil ar an aip Snapchat “go luath”. Seoladh comórtas náisiúnta i mí Lúnasa na bliana seo le teacht ar gheo-scagairí do gach contae sa tír.

Cuireann úsáideoirí Snapchat geo-scagairí lena gcuid Snapanna chun a thaispeáint cá bhfuil siad. Fuair an Conradh breis agus 110 iarratas, a chuimsigh gach aon chontae, faoin am ar dúnadh an comórtas i lár mhí Lúnasa.

“Chuireamar gach rud ar aghaidh ag Snapchat agus ghlac siad le formhór na ngeo-scagairí a cuireadh isteach. Bhí cúpla ceann ann nach raibh siad iomlán sásta leo agus thógamar an cinneadh nár mhaith linn dul ar aghaidh leis an togra mura mbeadh scagaire ann do gach contae.

“Táimid ag caint le cúpla duine a rinne scagairí a thaitin go mór le lucht Snapchat faoi láthair go bhfeicfidh muid an féidir leo cúpla ceann eile a dhéanamh do chontaetha éagsúla. Tá súil againn go mbeidh gach scagaire réidh le seoladh i gceann cúpla seachtain,” a dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge.

Is é Contae an Chláir an contae is mó ar tháinig scagairí isteach lena aghaidh, dar le Ó Deá, agus tá Dún na nGall sa dara háit. Tháinig iarratais as Meiriceá agus tíortha eile do na contaetha sin, chomh maith le hiarratais ó mhuintir na hÉireann.

D’iarr Conradh na Gaeilge ar an bpobal úsáid a bhaint as dathanna agus séadchomharthaí na gcontaetha agus na scagairí Gaeilge á ndearadh acu.

Chomh maith le dathanna agus séadchomharthaí cáiliúla na gcontaetha, bhain roinnt úsáideoirí leas as leasainmneacha na gcontaetha ina ndearadh  – leithéidí ‘Na Cait’ do chontae Chill Chainnigh.

Dúirt Ó Deá go raibh formhór na n-iarratas a cuireadh isteach ar chaighdeán “an-ard” agus go raibh lucht Snapchat féin an-dearfach faoin togra.

Dúirt sé freisin nach bhfuil a fhios ag an gConradh féin go fóill cé na scagairí ar éirigh leo agus nach mbeifí in ann aiseolas a thabhairt dóibh siúd a chuir isteach ar an gcomórtas.

Tá an Ghaeilge le feiceáil ar chúpla scagaire cheana féin, na scagairí mion-áite do choláistí tríú leibhéal na tíre mar shampla, ach is iarracht atá i ‘Gaelsnap’ rogha a thabhairt do gach duine in Éirinn scagaire Gaeilge a úsáid i ngach contae.