Fág uaim na cosa lofa agus na dreancaidí leapa, ach léifinn an leabhar Gaeilge seo arís le fonn

Tá lorg dhá cheard eile Liam Uí Mhuirthile go láidir ar a leabhar snasta faoin Camino – an file agus an tuairisceoir

Fág uaim na cosa lofa agus na dreancaidí leapa, ach léifinn an leabhar Gaeilge seo arís le fonn

Teideal: Oilithreach Pinn
Údar: Liam Ó Muirthile
Foilsitheoir: Cois Life
Praghas: €12
Closleabhar in aisce ar www.coislife.ie

Ón 12 Meán Fómhair 2015 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2015 shiúil an Corcaíoch seo an Camino Francés ar Bhealach San Séamus óna thús go dtí gur leaindeáil sé de shiúl na gcos leonta i Santiago de Compostela. Ba é seo an tríú geábh aige smut den aistear seo a shiúl ach an chéad uair aige á dhéanamh as féin, ach seachain a gceapfá gur ina aonar a bhí sé.

Tá lorg dhá cheard eile an údair go láidir ar an leabhar snasta seo– an file agus an tuairisceoir. Prós gonta fileata, abairtí gearra, mionchur síos grinn an bhleachtaire-tuairisceora ar a chomhoilithrigh.

Céard é an Camino seo? Tá míniú an-simplí ag an údar air: ‘bí ag siúl, bí ag imeacht romhat, sín siar, ith greim, nigh – do chosa, do chabhail, do chuid éadaigh’ agus amhail an Ríordánach file ‘siúil i d’aigne féin’. É sin ar fad agus síorscríobh a chín lae ina leabhar nótaí i ngach baile agus plaza beag faoi bhealach.

Greim a fháil ar áilleacht na simplíochta sprioc gach oilithrigh ar deireadh thiar. ‘Comhshiúl aigne agus cos’. ‘Boladh cac bó, crónán na meaisíní crúite, glaise na ngort, úlla buí agus castáin’ – cumas faoi leith ag an bhfile íomhánna gléineacha aoibhne a chruthú don léitheoir.

An t-údar den tuairim gur cuid de dhualgas an oilithrigh ‘ár gcuid ama a roinnt le daoine eile, cluas a thabhairt dóibh’. Agus arís eile ‘a bheith freagrach d’oilithrigh eile agus gan an Camino a lot orthu… a bheith i bpáirt le daoine eile’.

Aon duine agaibh a thaibhsíonn oilithreacht mar scrúdú anama agus coinsiasa, agus éalú ó ghnáthchúraimí an bhaile, beidh thiar oraibh mar bíonn an tsiobáil shíoraí romhat ar an gCamino chomh maith céanna. Drár is stocaí le níochán agus le triomú, leaba agus bia le soláthar ar bheagán costais, dreancaidí le seachaint agus thar aon rud eile na cosa le coinneáil slán ó speireacha agus tindeáil le déanamh orthu má thógann an bóthar iad. 

Suarach mar atáim, mo chuid tubaiste a ghuigh mé ar na spreangaidí céanna geábh nó dhó agus mo spága féin go hard san aer agam agus mé sínte siar sa gcathaoir mhór ar mo chamino léitheoireachta. Ar ndóigh fireann atá an t-údar agus bíonn chuile anó ina aicíd ag riar acu siúd, más fíor a ndeirtear.

Ach m’anam má bhí speireacha nó cloig le pléascadh go raibh mná ar an aistear a raibh fonn tindeála orthu agus an leigheas ina bpaca acu.  Sasanach mná agus snáthaid agus snáth aici leis an ngoimh a scaoileadh as an lot agus faoiseamh a thabhairt don chrupach bocht. Nuair a d’fhág compánach bóthair eile ina diaidh é thuig an t-údar go n-aireodh sé uaidh a ‘bhanaltra’  nó mar a deir sé féin ‘mátrúin agus altramacht agus banaltracht a bhí riamh uaim’. Mo ghraidhin an créatúr san aonú haois is fiche!

Má bhí mo dhóthain agam den fhuasaoid ar fad faoi na cosa agus den tsiléig in ól an uisce, ba ghéar bitsiúil an t-oilithreach agus é ag trácht ar fhear as an bhFrainc (a mheabhraigh a chara, an file Michael Davitt dó),  agus a mbíodh air fanacht lena bhean – é ‘ar adhastar nó ar iall aici… chonaic dath an choiléir ar a mhuineál’. Ach ó tharla í féin a bheith ina codladh bhíodar, na fir, in ann tamall suáilceach cainte a bheith acu ‘idir fheara ar chúrsaí, rugbaí agus an Chemin Français’. Sos riachtanach ó mhátrúin agus ó pháirtíocht na hoilithreachta.

Agus an Ghailís bainte amach ag an oilithreach, ba léir gur mheabhraigh an tírdhreach, na daoine agus an tuin chainte laethanta a óige agus muintir a mháthar in iarthar Chorcaí dó. Nuair a tháinig sé ar sheanbhean tuaithe ag piocadh seanphrátaí do na muca, ba gheall lena mháthair féin ina hathbheo í agus ní nach ionadh, bhuail tocht é.

Ach is cabaí agus is béalscaoilte go mór fada údar an leabhair seo faoina chomhoilithrigh ná faoi fhéin.  Na cora éagsúla a chuir fonn bóthair orthu – bás duine muinteartha, pinsean, dúshlán, éalú ón saol nó óna gcéile, agus mar a dúirt bean as an mBrasaíl a raibh a creideamh i nDia á treorú: ‘teastaíonn uaim rud mór amháin a dhéanamh i mo shaol, go ndéarfaí i mo thaobh, sin bean a dhein an Camino, a dhein rud le dealramh lena saol’. Bhí cineál náire orm féin ag léamh béadán agus scéalta na n-oilithreach eile, mé ag súil gur ainmneacha bréige a tugadh orthu.

Chuir mé an-spéis go deo sna giotaí aistriúcháin a bhí á dtriail ag an údar ar shaothar an fhile Rosalía de Castro, as an nGailís, iarrachtaí a spreag mé le haistriúchán Béarla dá saothar a lorg ó shin agus is mór an spórt iad.

Snáth ceangail atá sa dáimh atá ag an údar le muintir na tuaithe sa Spáinn agus an gean a thugann sé dóibh, dá suáilceas agus dá ndearcadh ar an saol, a mheall an léitheoir seo le lorg a choise a leanúint leathanach ar leathanach go Santiago agus deirimse leat nárbh aon pheiríocha a bhí ann.

Tá grianghraif bhreátha sa leabhar a thóg an craoltóir agus an grianghrafadóir Moira Sweeney ar an gCamino, ach is mór an trua iad a bheith brúite isteach i gcúinní den téacs, rud a chuireann téacsleabhar scoile i gcuimhne do dhuine agus bhí ómós níos mó dlite dóibh. Ní haon ornáid ar an leabhar an cuibhriú atá déanta orthu.  Is trua gan mapa dá chosán sa leabhar, rinne mé féin leabharmharc de cheann.

Ceist eile na cinntí a dhéantar faoin litriú sa leabhar – míchéatfach, patfhuar, coir (seachas cora), beirt deartháir, tudóg, amáireach, daingeana, talann, líotar, an Áis, srl.  Admhaím nach bhfuil aon saineolas agamsa ar chanúint na Mumhan ach nach bhfuil a laghad againn ann a léifeadh leabhar Gaeilge go bhféadfaí cloí le leagan caighdeánach i gcásanna dá leithéid gan aon chanúint a choilleadh? Sin nó gluais a chur ann do dhaoine óga nach bhfuil aon taithí acu ar sheanlitriú.

Tá go leor de mo lucht aitheantais an-tugtha don Chamino, tá ualach léite agam faoin turas agus bhí rún daingean agam tabhairt faoi sa bhfómhar ach cos féin ní leagfaidh mé i mbliana ar chosán Shéamuis tar éis dom an leabhar seo a léamh. Fág uaim alberguenna plódaithe, cosa lofa, dreancaidí leapa, tuairteanna as buncanna, lamhnáin laga, comhthuiscint do chomhoilithrigh agus tindeáil ar chosa basctha. Níl dóthain nádúir ionam lena roinnt.

Leabhar Gaeilge a léifinn arís le fonn seachas mar dhualgas, d’fhonn pléisiúr agus sásamh a bhaint as an bhfriotal sciomartha.

Oilithreach pinn teideal an leabhair – oilithreach pluide á léamh!