‘Fadhb dlí’ ar bith le moladh go gcuirfí clófhoireann Ghaelach ar chomharthaíocht sráide i mBaile Átha Cliath

Tá Ciarán Cuffe, cathaoirleach Choiste Iompair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ag iarraidh go mbainfí úsáid as clófhoirne Gaelacha ar chomharthaíocht sráide na príomhchathrach

‘Fadhb dlí’ ar bith le moladh go gcuirfí clófhoireann Ghaelach ar chomharthaíocht sráide i mBaile Átha Cliath

Pictiúr. Leon Farrell/Photocall Ireland

Tá molta ag comhairleoir cathrach i mBaile Átha Cliath go mbainfí úsáid feasta as an gcló Gaelach ar ainmchláir shráideanna na príomhchathrach, mar a bhaintí nuair a bunaíodh an stát ar dtús.

Dúirt Ciarán Cuffe, comhairleoir cathrach ón gComhaontas Glas atá ina chathaoirleach ar an gcoiste iompair sa chomhairle, go bhfuil an chlófhoireann atá in úsáid le leathchéad bliain anuas “leamh” agus nach dtabharfaí aon suntas di.

Mhaígh bainistíocht na Comhairle Cathrach go bhféadfadh go mbeifí ag teacht salach ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dá gcuirfí an leagan Gaeilge de shráidainm ar an ainmchlár i gclófhoireann atá éagsúil leis an leagan Béarla.

Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios do Tuairisc.ie, áfach, nach bhfuil aon chosc ar chlófhoirne éagsúla a úsáid don leagan Gaeilge agus an leagan Béarla ar chomharthaí sráide a fhad is a bhíonn an comhartha ag teacht leis an rialachán ina gcuirtear síos ar chomharthaíocht.

Tá sé i gceist ag coiste iompair na comhairle cuireadh a thabhairt d’Institiúid Dearthóirí na hÉireann teacht ina láthair le comhairle a thabhairt faoi na bealaí a bhféadfaí na hainmchláir a uasdátú. Is í an chlófhoireann ‘Transport’ atá in úsáid ar chomharthaí bóthair na hÉireann agus ar chomharthaí sráide i mBaile Átha Cliath le blianta anuas. Dearadh an chlófhoireann sin sa Bhreatain sna 1960idí.

“Titeann an lug ar an lag orm nuair a fhéachaim ar an gclófhoireann sin i gcomhthéacs shráideanna agus bhóithre Bhaile Átha Cliath, agus samhlaím go bhféadfaimis breathnú ar chlófhoireann eile. Tá clófhoirne iontacha Gaelacha, idir shean agus nua, á n-úsáid ag dearthóirí an lae inniu.

“Breathnaím siar ar na seanchomharthaí iontacha áille a bhí againn ag tús an 20ú haois, na cinn ghlas agus buí, a raibh clófhoirne sainiúla, áille, Gaelacha orthu,” a dúirt Cuffe in agallamh le heagrán Éireannach Times Shasana.

Mhaígh sé gur beag difríocht atá ann idir Baile Átha Cliath agus cathracha Shasana ó thaobh comharthaíocht sráide de agus nach bhfuil rud ar bith faoi ainmchláir na príomhchathrach a thabharfadh le fios gur i gcroílár Bhaile Átha Cliath atá tú.

Níl aon pholasaí ag an gComhairle Cathrach ainmchláir a bhaint anuas de bhallaí na cathrach ach baintear anuas seanchomharthaí nuair a fhaightear gearán ón bpobal faoin drochbhail atá orthu. Tá 200 ainmchlár nua á réiteach i láthair na huaire ag an gComhairle Cathrach le crochadh ar an taobh ó dheas den chathair.

Ní mór don Ghaeilge a bheith ar dtús agus a bheith “chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla” ar chomharthaí, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt urlabhraí de chuid Oifig an Choimisinéara nach dtiocfadh clófhoireann dhifriúil salach ar na rialacháin a fhad is a bheadh an téacs i nGaeilge ar cóimhéid leis na litreacha i mBéarla agus go gcuirfí an fhaisnéis chéanna, ainm na sráide sa chás seo, in iúl.

Tá clófhoirne Gaelacha in úsáid do shráidainmneacha Gaelacha i gcathracha agus i mbailte eile timpeall na tíre, cathair na Gaillimhe, a bhfuil stádas dátheangach aici, ina measc.

Tá moltaí faoi na hainmchláir déanta freisin ag grúpaí feachtais do dhaoine a bhfuil deacrachtaí radhairc orthu. Tá an pobal sin ag iarraidh go n-athrófaí an nós ceannlitreacha amháin a úsáid ar na comharthaí sráid sa chaoi is go mbeadh na focail atá orthu níos soiléire dóibh féin.

Fág freagra ar '‘Fadhb dlí’ ar bith le moladh go gcuirfí clófhoireann Ghaelach ar chomharthaíocht sráide i mBaile Átha Cliath'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is breá le béarlóirí an cló gaelach mar níl sa Ghaeilge dar leo ach ornáid. Ar an ábhar céanna is breá leo an sean-litriú.
    Fleadh na Midhe.

  • Ursa Minor

    Céim ar gcúl agus dímhiadh a bheadh ina leithéid don Ghaeilge. Is breá le Béarlóirí an Cló Gaeleach mar nach bhfuil sa nGaeilge ach ornáid, dar leo – an ceart ag an Uasal Mac Cárthaigh. Is gearr gur báiníní arís é, a dhaoine. Fágtar an Cló Gaelach san áit is dual dó – san iarsmalann. Meas tú an bhféadfaí féilire a cheannach don chréatúr – siod í an bhliain 2017, nach í?

  • Harriet P.

    Brón orm, a Dháithí agus a Mhion-Ursa, ach tá Gaeilgeoirí ann gur mhaith an cló gaelach leo leis – mise ina measc. Ní hamháin go bhfuil cruth maith ar an gcló gaelach, tugann sé le fios go soiléir gur teanga í an Ghaeilge a bhfuil stair – agus clónna – dá cuid féin aici, seachas Béarla le síntí fada.

  • Gearóid de Grás

    Is maith liomsa an cló Gaelach leis agus measaim gur botún mór a bhí ann ag an am é a chaitheamh i dtraipisí mar (a) d’éirigh roinnt mhaith léitheoirí as a bheith ag léamh leabhar i nGaeilge nuair a beartaíodh cló Rómhánach an Bhéarla a úsáid de réir dealraimh (níl fianaise agam faoi seo caithfidh mé a admháil ach b’in a chuala mé) (b) dá mbeadh an seanchló ann i gcónaí bheadh sé níos éasca cur ina luí ar fhoghlaimeoirí go bhfuil fuaim eile ar fad ag baint le cuid de na litreacha i nGaeilge seachas an fhuaim a bhfuil cur amach acu air – fuaim litreacha an Bhéarla. Sampla is ea ‘th’ an Bhéarla a mhúintear go díograiseach leis an nath “this, that, these and those” – fuaim eile ar fad atá le ‘th’ na Gaeilge dar ndóigh ach bíonn sé deacair ar fhoghlaimeoirí teacht chuig an tuairim sin agus ‘th’ na Gaeilge a úsáid. Dá mbeifeá ag iarraidh Sínis nó Rúisis nó Araibis a fhoghlaim bheadh ort dul i dtaithí ar aibítear nua agus foghlaim conas is ceart na litreacha a fhuaimniú agus ní bheifeá ag filleadh ar an gcló Rómhánach le “cabhrú” leat.
    Ach …
    is gá dúinn an cló Gaelach a fhágáil san iarsmalann anois mar a deir Ursa Minor mar tá a ré thart faraoir – ach amháin i gcás go bhfuil gá le hornáideachas ar leith. Ní fiú an cló Gaelach a chur ar na comharthaí sráide agus gan é a bheith a mhúineadh ar scoil agus a bheith a léamh go rialta i leabhair, sna meáin srl – agus ní tharlóidh sé sin anois. An rud is tábhachtaí ar fad ná go dtosnódh daoine ag baint úsáide as an leagan Gaeilge de na sráideanna agus de na logainmneacha ar fad – ina gcuid cainte chomh maith lena gcuid scríbhneoireachta. Agus ní cabhair ar bith a bheadh ann don Bhéalóir faoi 60 bliain d’aois (ná don Ghaeilgeoir faoi 60 bliain d’aois go deimhin féin) an cló Gaelach a chur ar na comharthaí sráide anois – ornáideachas don Bhéarlóir cumhach a bheadh ann, mar a deir Daithí, sin an méid agus bac breise curtha in aghaidh úsáid laethúil na teanga.

  • Mise Áine

    @síntí fada

    Bhí mé i mBÁC, le déanaí, agus chonaic mé comharthaí bóthair, i nGaeilge, gan síneadh fada le feiceáil san áit ba chóir ceann a fheiceáil…ochón ó agus osna…an fhadhb sin le réiteach ar dtús, b’fhéidir?

    Ní luafaidh mé séimhiú…

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cad chuige a bhfuil an duine seo ag díriú ar an Ghaeilg g’direach? Ghlacfadh sé réiteach iomlán a fháil de na BLOCLITREACHA sa Bhéarla agus den chló Iodálach sa Ghaeilg ar dtús. Tá an stáit seo agus an stáitseirbhís sáite sna BLOCLITREACHA!! Rud go hiomlán mínádúrtha sa lá atá inniu ann.

    Cá mhéad litir/comhfhreagras a fhaightear ón stáit (cáin mótair ina measc) agus d’ainm agus do sheoladh scríofa i mBLOCLITREACHA?

    Tá muid ag iarraidh comhionannas don Ghaeilg chan an amaidí seo!!!