Eolas de dhíth…8 gcinn de cheisteanna faoi Siteserv

Tá fiosrúchán iarrtha faoin tslí inar díoladh Siteserv, comhlacht a bhí i mórfhiacha i 2012 ach a bhfuil rath air anois. Ar bhain an stát tairbhe mar ba chóir as an díolachán?

18/9/2012 Dail Scenes
An Teachta Dála Catherine Murphy

Tá an Teachta Dála Catherine Murphy amhrasach. Tá sí ag cur ceisteanna sa Dáil le breis agus bliain faoi IBRC*, an foras a bunaíodh chun déileáil le mórfhiacha Anglo-Irish Bank agus Irish Nationwide.

Bhí fiacha thart ar 150m ag Siteserv nuair a díoladh é i 2012 le comhlacht a raibh an fear gnó Denis O’Brien i gceannas air. An praghas: 45m. Cailliúint IBRC, agus an cháiníocóra: thart ar 100m.

Rinne Siteserv brabach 9m an bhliain dar gcionn, agus brabach 14m a bhliain in dhiaidh sin. Tá fo-chomhlacht dá chuid páirteach anois sa ghrúpchomhlacht GMC Sierra ar ar bronnadh an conradh luachmhar chun méadair uisce a chur ar phíopaí ar fud na tíre.

Na mórcheisteanna atá á bhfiosrú ag Catherine Murphy lena ceisteanna Dála:

1. Ar díoladh Siteserv ar phraghas ceart réasúnta?

2. Ar tugadh deis mar ba chóir do cheannaithóirí eile seachas an comhlacht a cheannaigh Siteserv?

3. An raibh na cleachtais chearta go léir i bhfeidhm agus an margadh a rinneadh á bhreithniú?

4. Cén fáth nár iarradh praghas níos airde a laghdódh na fiacha 100m a fágadh ar an stát?

5. Cén fáth ar íoc na ceannaitheoirí €5m le scairshealbhóirí agus le stiúrthóirí Siteserv, ainneoin an comhlacht a bheith i dtrioblóid lena mórfhiacha?

6. An ndearna an Roinn Airgeadais maoirseoireacht mar ba chóir ar IBRC ní hamháin maidir leis an díolachán seo ach maidir le díolacháin eile?

7. Nach ábhar imní é go raibh na stocbhrócaeirí Davy’s ag cur comhairle ar an gcomhlacht agus ar scairshealbhóirí áirithe?

8. Ar chóir a bheith imníoch ó tharla go raibh an comhlacht dlí céanna ag cur comhairle ar an dream a dhíol agus ar an dream a cheannaigh Siteserv?

Ní foláir a rá láithreach nach ionann ceist ná ráiteas ar bith thuas agus fianaise nár dearnadh margadh mar ba chóir i gcás Siteserv. Shéan iarchathaoirleach IBRC, Alan Dukes, Dé Máirt go raibh aon ghné den socrú a rinneadh míchuí. Ach tá mianach an cheistiúcháin soiléir.

Ní le ceisteanna Dála ach le hiarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise atá Catherine Murphy ag iarraidh teacht ar fhreagraí ar na ceisteanna seo. Is fiú breathnú ar an bhfíseán a chuir sí ar Youtube Dé Máirt (‘Catherine Murphy gets a lesson in Government transparency’) chun cur síos a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuir agus nár chuir an Roinn Airgeadais ar fáil di.

Ní ach línte dubha ar mhórán leathanach a fuair sí an Roinn, chun ábhar na gcáipéisí a choinneáil faoi rún. Go deimhin, ní féidir ach corrabairt anseo is ansiúd a léamh.

Mar sin féin, tá fianaise sna habairtí sin faoin imní a chuir díol Siteserv ar an Roinn Airgeadais.

Tá tagairt iontu do “serious concerns” maidir leis an margadh a rinneadh. Molann cáipéis amháin ón Roinn go ndéanfaí breithniú tráchtála neamhspleách air ní fios go fóill ar dearnadh nó nár dearnadh. Agus léiríonn cáipéis inmheánach eile nach raibh an Roinn sásta go raibh foireann bhainistíochta IBRC éifeachtach.

Tá lear mór ábhar amhrais sa méid atá faighte amach ag Catherine Murphy ó chuir sí a céad cheist faoi seo, agus tá leas fiúntach bainte aici as a cearta ceistiúcháin i nDáil Éireann.

Thug Micheál Martin tacaíocht sa Dáil Dé Máirt dá hiarratas go gcuirfí fiosrúchán ar bun chun teacht ar an fhírinne ghlan. Tá míshuaimhneas na Rolnne Airgeadais á leiriú de réir a chéile. Ainneoin deireadh a bheith le IBRC le dhá bhliain*, is léir go bhfuil faisnéis de dhíth orainn.

* Irish Bank Resolution Corporation, a bunaíodh i 2011 agus ar dearnadh leachtú gan choinne air i 2013.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille.

Fág freagra ar 'Eolas de dhíth…8 gcinn de cheisteanna faoi Siteserv'