Edel Ní Chorráin ceaptha ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge

Beidh Edel Ní Chorráin ag tosú ina ról nua le Foras na Gaeilge ina n-oifig i mBéal Feirste i lár mhí Lúnasa

Edel Ní Chorráin ceaptha ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge

Tá Edel Ní Chorráin, as Fear Manach, ceaptha ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge agus ina Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais leis an eagraíocht.

D’fhógair Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, an ceapachán nua i ndiaidh cruinniú boird de chuid na heagraíochta a bhí ar siúl inniu.

“Ba mhaith liom a ceapachán a thréaslú le Edel agus tá mé féin agus an fhoireann ag súil go mór le bheith ag obair léi ina ról nua. Is post ríthábhachtach é an post seo, agus cé go mbeidh Edel lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste, beidh cúraimí an oideachais uirthi don tír ar fad le linn am atá cinniúnach i réimse an

oideachais i dtaca leis an Ghaeilge de.

“Beidh Edel ag tabhairt réimse scileanna agus taithí léi isteach sa phost ó na tréimhsí atá caite aici mar mhúinteoir agus mar riarthóir i réimse an oideachais,” a dúirt Ó Coinn.

Tosóidh Ní Chorráin ina ról nua in oifigí Bhéal Feirste Fhoras na Gaeilge i lár mhí Lúnasa na bliana seo.

Is as an nGarastún i gContae Fhear Manach ó dhúchas í Ní Chorráin. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá teastas iarchéime san Oideachas aici ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste chomh maith le M.Sc sna hIlmheáin Oideachais ón ollscoil chéanna.

Chaith sí tamall ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste agus i gColáiste Chineál Eoghain i gContae Dhún na nGall. Bhí sí tráth ina heagarthóir cúnta le Foras na Gaeilge agus ina bainisteoir oideachais don Ghaeloideachas leis an CCEA.

Fágadh folúntas i ról an Leas-Phríomfheidhmeannaigh ag deireadh na bliana seo caite nuair a ceapadh Seán Ó Coinn ina Phríomh-Fheidhmeannach ar an bhForas.

Fág freagra ar 'Edel Ní Chorráin ceaptha ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge'