Easpa imreoirí folláine an dúshlán is mó atá ag Pat Lam…

Cluichí ceathrú ceannais Chorn an Dúshláin: Agus fios aige nach féidir leis an dá thrá a fhreastal. tá cinneadh mór le déanamh ag Pat Lam agus Cúige Chonnacht ag tabhairt aghaidh ar Grenoble

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Tá scíth ag chuile chúige, seachas Cúige Chonnacht, an deireadh seachtaine seo.  Tá sos deireadh seachtaine amháin sa bPro 12 ar mhaithe leis na comórtais Eorpacha. Is iad na Connachtaigh an t-aon fhoireann amháin ón tír seo atá fós sna comórtais sin, cé gur sa gceann sóisearach, i gCorn an Dúshláin, atá siad.

Is ar Stade des Alpes i nGrenoble in oirdheisceart na Fraince atá a dtriall an Satharn seo le tabhairt faoi fhoireann atá san ochtú háit ar thábla an Top 14. Ní hamháin sin, ach beidh neart eolais ag na Francaigh ar fhir an Iarthair, sin le fáil acu ó Bhernard Jackman, Éireannach, atá ina chóitseálaí leo ó 2012 i leith.

Éireannach eile, Mick Prendergast as Luimneach atá ina chóitseálaí scileanna acu. Fiú mura mbeadh an bheirt sin in ann dóthain eolais a roinnt faoi stíl Chonnacht, is cinnte gur thug Paul O’Connell cúpla leid dóibh nuair a thug sé seisiún traenála dóibh le linn na Cásca.

Seans nach mbeidh Pat Lam gan faisnéis ach an oiread. Chaith Shane O’Leary, imreoir atá ar phainéal Chonnacht,  imreoir leathchúl clibirte agus lár páirce, séasúr ag imirt le Grenoble.  D’imir sé leo i gCorn an Dúshláin féin.

Easpa imreoirí folláine an dúshlán is mó atá ag Pat Lam. Bhí ceathrar déag ar liosta na n-imreoirí a bhí gortaithe an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag tabhairt faoi Chúige Uladh.  Seans go mbeidh fáil arís ar chúpla imreoir ón liosta fada sin ach ní dóigh go mbeidh dóthain acu ann, go háirithe agus leathshúil ag na Connachtaigh ar an gcluiche i gcoinne na Mumhan, cluiche a bheas á imirt faoi cheann seachtaine.

Bainistiú an phainéil an dúshlán is mó atá roimh Phat Lam an tseachtain seo, a fhios aige nach féidir leis an dá thrá a fhreastal. Tá cinneadh mór le déanamh aige. An seolfaidh sé an fhoireann is láidre is féidir leis go dtí an Fhrainc le himirt i gcomórtas ar deacair do Chúige Chonnacht é a bhuachan amach ar fad, fiú má bhíonn an lámh in uachtar acu ar Ghrenoble an Satharn seo? Nó, an dtabharfaidh sé scíth dá chuid imreoirí sinsearacha le go mbeidh siad réidh le tabhairt faoi na Muimhnigh? Má bhíonn an bua acu sa gcluiche sin, beidh seans iontach acu imirt sa mbaile i gcluichí leathcheannais an Pro12.

Tá a fhios agamsa go maith cén cinneadh a dhéanfainnse!  Ach ní mise Pat Lam agus is fiú a mheabhrú nach ndearna sé droch-chinneadh ar bith agus é i mbun bainistíocht Chúige Chonnacht.

Fág freagra ar 'Easpa imreoirí folláine an dúshlán is mó atá ag Pat Lam…'