Easaontas san fheachtas ar son Achta Gaeilge faoi chostas na reachtaíochta

Dar leis an ngrúpa POBAL, tá an costas atá luaite ag Conradh na Gaeilge le hAcht Teanga a thabhairt isteach ‘ró-íseal’ agus ‘míréadúil’ dá bharr, ach deir Conradh na Gaeilge go bhfuil ‘an t-am don phlé thart’

Easaontas san fheachtas ar son Achta Gaeilge faoi chostas na reachtaíochta

Tá easaontas idir an dá eagraíocht is mó atá ag stocaireacht ar son na reachtaíochta teanga faoin gcostas a bhainfeadh le hAcht Gaeilge ó thuaidh.

Is é an costas atá luaite ag Conradh na Gaeilge le hAcht Gaeilge ná £2 mhilliún in aghaidh na bliana agus £9 milliúin eile thar thréimhse cúig bliana i gcostais bhunaithe aon uaire.

Ach tá ráite ag Stiúrthóir an bhrúghrúpa POBAL go bhfuil an meastachán sin “ró-íseal” agus go bhfuil sé “míréadúil” dá bharr.

Níl aon chostas luaite ag POBAL féin leis an Acht.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie, gur iarracht a bhí i bplécháipéis na heagraíochta faoi chostas an Achta  “an comhrá a bhogadh ar aghaidh” agus gur éirigh “go geal” leis an iarracht sin.

“Bhíodh an díospóireacht sáinnithe i gceist na gcostas agus bhí sé deacair orainn an plé a bhogadh ar aghaidh mar gheall air sin. Bhí Nelson McCausland ag caint faoi chostas £100 milliún agus luaigh Arlene Foster £30 milliún agus ba í an ghluaiseacht uilig agus feachtas agus éileamh an phobail a bhí thíos leis an gcineál sin díospóireachta.

“Tá tacaíocht don Acht léirithe ag cúig pháirtí agus ag formhór na mball tionóil agus an dúshlán is mó atá anois ann ná a chinntiú go nglacfar le hAcht don Ghaeilge amháin. Is mar gheall ar fheachtas an phobail a tharla sin ar fad. Tá muidne ag leanstan leis an stocaireacht. Tá an t-am don phlé thart agus am don ghníomh atá anois ann,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Ba í ceist an Achta Gaeilge an chnámh spairne ba mhó le linn an bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin maidir le hathbhunú Stormont agus ba í ceist na reachtaíochta Gaeilge ba mhó ba chúis le teip na gcainteanna.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.

Dealraíonn sé anois gurb é cineál an Achta a thabharfaí isteach seachas ceist an chostais an dris chosáin is mó roimh theacht ar réiteach faoin scéal.

Ní hamhlaidh a bhí i gcónaí.

Dúirt an DUP cheana go gcosnódh Acht Gaeilge suas le £100 milliún sa bhliain, figiúr a fuair siad “ón phláinéad Plútó,” dar leis an iar-aire airgeadais de chuid Shinn Féin, Máirtín Ó Muilleoir.

Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge ó shin, áfach, go ndúirt polaiteoir sinsearach de chuid an DUP leo go raibh an costas atá luaite ag an eagraíocht teanga le hAcht Gaeilge “réasúnta”.

Thug Conradh na Gaeilge le fios an mhí seo caite go ndúirt Edwin Poots an méid sin ag an gcruinniú a bhí ag an gConradh le ceannaire an DUP, Arlene Foster, ag deireadh mhí Aibreáin.

Dar le Stiúrthóir POBAL Janet Muller, áfach, tá cur chuige nua ag teastáil maidir leis an bhfeachtas ar son an Achta.

“The Irish language community needs to take a step back – lowering the bar didn’t work,” a dúirt Muller leis an Irish News.

Dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin go gcaithfear a bheith cúramach gan a bheith ag éileamh reachtaíocht a mbeadh costas ollmhór ag baint léi.

“Bhí muidne soiléir ón tús nach é an tAcht Gaeilge an t-aon rud atá de dhíth ar phobal na teanga. Sin an fáth gur ghlacamar cás cúirte i gcoinne Stormont mar gheall nár cuireadh an straitéis don Ghaeilge i bhfeidhm, agus d’éirigh leis an gcás sin.

“Tá an tAcht Gaeilge ríthábhachtach agus caithfear cosaint a thabhairt do chearta teanga an phobail, ach tá sé tábhachtach freisin nach mbeadh an iomarca airgid ag dul i dtreo an mhaorlathais agus go mbeadh airgead breise ag dul freisin i dtreo an phobail, chuig grúpaí óige agus mar sin,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Tá Conradh na Gaeilge “muiníneach go leor” go ngéillfear don éileamh ar Acht Gaeilge, ach deir POBAL nach bhfuil aon “údar mór dóchais” ann faoi láthair go dtarlóidh a leithéid.

Fág freagra ar 'Easaontas san fheachtas ar son Achta Gaeilge faoi chostas na reachtaíochta'

  • Mánus

    Tá an ceart ar fad ag POBAL. Teastaíonn go leor airgid le go mbeidh Gaeilgeoirí in ann plé leis an Státchóras tré mheán na Gaeilge. Gan airgid taobh thiar den Acht Teanga beidh cúrsaí comh h0lc leis an Deisceart.