‘Eanach an Fhíoruisce’ ag Seamus Heaney á thruailliú ag mótarbhealach?

Tá ionad cuimhneacháin Seamus Heaney le hoscailt go luath ina cheantar dúchais ach sa cheantar céanna tá bóthar a raibh an file féin ina choinne le tógáil

‘Eanach an Fhíoruisce’ ag Seamus Heaney á thruailliú ag mótarbhealach?

My ‘place of clear water,’
the first hill in the world…

(Anahorish le Seamus Heaney)

Ag deireadh na míosa seo osclófar ionad Seamus Heaney i mBaile Achaidh i ndeisceart Dhoire. Beidh ceiliúradh mór ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine agus baileoidh filí agus fealsaimh, maithe agus móruaisle na n-ealaíon agus muintir an fhile le chéile ina áit dhúchais chun an duaisbhuaiteoir filíochta Nobel a chanadh. Beidh imeachtaí speisialta ar siúl go rialta as sin amach agus é á thuar go mbeidh cuairteoirí ag triall ina sluaite ar an láthair chuimhneacháin.

HomePlace is teideal don áras nuathógtha ina leagfaidh na taispeántais béim ar thábhacht an cheantair máguaird i saol agus saothar Heaney. Tá eolas ag léitheoirí na ndánta, daoine nár leag cos riamh sa cheantar ar Anahorish (Eanach an Fhíoruisce), ar Bhruach, ar Mossbawn, ar theach agus ar fheilm mhuintir Heaney agus ar an mbogach is an riasc thart ar Loch Beag.

Ceantar sainspéise eolaíochta is ea Loch Beag i ngeall ar an eala ghlórach agus éin eile. Tá an dinnseanchas de dhlúth agus d’inneach san fhilíocht a chum Seamus. Bhí sé mórtasach as an gceantar agus díreoidh an t-ionad nua air mórán mar a dhéantar le dúiche Yeats i gContae Shligigh.

Comhtharlúint é, seans, gur ar éigean a bheidh oscailt an ionaid thart nuair a chuirfear tús le hobair a mhaítear a scriosfaidh dúiche Heaney.

Tógfar giota de mhótarbhealach a bheidh i bhfoisceacht céad slat do Mossbawn agus a réabfaidh an bogach (caomhnaithe) in aice an locha.

Tá an ceantar gar don phríomhbhóthar ó Bhéal Feirste go Doire, taobh ó thuaidh den stráice idir Droichead Thuama agus An Seanmhullach. Áiféis is ea ‘príomhbhóthar’ a ghlaoch air, mar ón uair a fhágtar an mótarbhealach go dtí an Baile Meánach, níl ann ach mionbhealach ar sceith bhéil é as an bplúchadh tráchta ann. Bhí a fhios ag gach éinne le fada an lá go raibh gá le mórbhealach go Doire. Níl argóint ar bith faoi sin.

Tá scéim feabhsúcháin ceadaithe ag an bhFeidhmeannas i Stormont don chuid den bhóthar idir Baile Raghnaill agus An Seanmhullach. ’Sé an bealach atá roghnaithe an t-údar conspóide. Tá achainí ar líne sínithe ag na céadta ag éileamh go gcaomhnófaí dúiche Heaney agus go gcuirfí an bóthar nua ar mhalairt slí.

Meabhraítear don Aire, Chris Hazzard ó Shinn Féin, go raibh Seamus Heaney féin buartha faoin tslí seo nuair a moladh é seacht mbliana ó shin. Chreid sé go ndéanfadh an bóthar nua dochar as cuimse don timpeallacht agus mhol sé malairt slí  trí láthair ar a raibh sean-aeradróm agus eastát tionsclaíoch tréigthe.

Ní léir cén fáth nár ghlac na húdaráis leis an rogha sin. Tá cuid d’fheirmeoirí an cheantair buartha freisin faoi éifeacht na tráchta ar an talamh agus ar an timpeallacht. Tá airgead poiblí caite ag an gComhairle ar Ionad Heaney agus gan dabht beidh siad ag súil le luach saothair – brabach ó chuairteoirí. Tuige a mbeadh siadsan sásta le plean a chuirfeadh bóthar tríd an tseoid s’acu? Ní hiontas ar bith go mbeadh tarlóirí is comhlachtaí iompair ag éileamh go dtabharfaí faoin obair ar an toirt. Teastaíonn uathusan a thuilleadh moille a sheachaint. Dúirt an tAire Hazzard gurb é an bealach sa phlean an rogha is cothroime ó thaobh na timpeallachta, riachtanais na n-áitritheoirí agus seirbhís a chur ar fáil don iarthuaisceart.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil mótarbhealach idir Béal Feirste agus Doire riachtanach, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an tseirbhís iarnróid easnamhach. Baineann 18,000 feithicil úsáid as an mbóthar gach lá, dar leis an Roinn. Níl sa scéim chonspóideach seo ach giota beag den bhóthar go Doire agus beidh an chuid eile den bhealach easnamhach agus plúchta in áiteanna. Bogfaidh an scéim úr an brú níos faide siar.

An fiú an tairbhe an dochar a dhéanfar do dhúiche Heaney? Cén locht atá ar an rogha a mhol Heaney féin? Níor mhór don Roinn Infreastruchtúir cúis mhaith a bheith acu chun neamhaird a thabhairt ar an moladh sin. Ní leor bodhaire, ceanndánacht ná míchúram. Agus mura bhfuil i gceist ach sin – ní mhaithfear é.