€14 milliún don Ghaeilge i moltaí buiséid Shinn Féin a sheolfar an tseachtain seo chugainn

Labhair ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus tionól Gaeltachta an pháirtí á sheoladh i Ráth Chairn anocht aige

€14 milliún don Ghaeilge i moltaí buiséid Shinn Féin a sheolfar an tseachtain seo chugainn

Tá beartais arbh fhiú €14 milliún don Ghaeilge iad i measc na moltaí buiséid a bheidh á seoladh ag urlabhraí Airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, Dé Máirt seo chugainn.

Thug ceannaire an pháirtí, Gerry Adams, an méid sin le fios agus é ag labhairt anocht ag tionól Gaeltachta Shinn Féin i Ráth Chairn na Mí.

“Áirítear sa mhéid sin méadú €5 milliún ar chiste caipitil Údarás na Gaeltachta, méadú beagnach €8 milliún d’Fhoras na Gaeilge agus €1.5 milliún don phleanáil teanga,” a dúirt sé ag seoladh na hócáide, atá á heagrú ag Cumann Ráth Chairn de Shinn Féin.

Dúirt Adams freisin gur chreid sé go mba chóir go mbeadh an ceart ag cainteoirí Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge leis an stát ag gach leibhéal.

“Ba cheart go mbeadh an ceart ag daoine a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na Ranna Stáit agus Rialtais áitiúil. Ba cheart go mbeadh sé de rogha ag achan duine atá ag iarraidh oideachas trí mheán na Gaeilge ón naíscoil ar aghaidh chuig oideachas iarchéime, sin a fháil gan cheist.

“Cé go bhfuilimid ag leanúint ar aghaidh ag iarraidh cearta teanga a bhaint amach, is í an obair a rinne na Gaeilgeoirí dílse a bhain amach go leor dá bhfuil againn inniu,” a dúirt sé.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil an Conradh “an-sásta” go bhfuil Sinn Féin ag lorg an €14 milliún don Ghaeilge don bhliain 2017. Roimh olltoghchán na bliana seo d’éiligh Conradh na Gaeilge go gcuirfí €18 milliún breise ar fáil don Ghaeilge thar thréimhse trí bliana. De réir an phlean infheistíochta a leag an Conradh amach, bheadh €5 milliún ag teastáil don bhliain seo chugainn.

“Tá sé an-mhaith go bhfuil Sinn Féin ag éileamh an méid sin agus, ar ndóigh, tá rudaí eile seachas na héilimh a d’aontaigh muid le 80 grúpa teanga eile, ar intinn ag cuid de na páirtithe. Ba mhaith linn, mar shampla, an liúntas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a fháil ar ais freisin, rud nach raibh inár gcuid éileamh féin ach ar fiú a éileamh mar sin féin.

“Táimid ag lorg €18 milliún thar thrí bliana, fiú dá dtiocfadh an €18 milliún sin maidin amárach ní bheadh an struchtúr ann fós leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá plean trí bliana leagtha síos againn agus tá suimeanna difriúla á n-éileamh gach bliain,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá deireadh seachtaine Gaeltachta Shinn Féin á reáchtáil i Ráth Chairn le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916 agus ar Stailceanna Ocrais 1981. I measc na gcainteoirí eile a bheidh ann i gcaitheamh an deireadh seachtaine, beidh an Feisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada, as Múscraí, an Teachta Dála as Baile Átha Cliath Aengus Ó Snodaigh agus an Comhairleoir Cathrach Mícheál Mac Donncha.

Beidh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí sa Dáil, Peadar Tóibín, ina chathaoirleach ar an bplé a dhéanfar ar an Stailc Ocrais agus oidhreacht na heachtra sin.

Beidh dhá thuras ina gcuid den deireadh seachtaine freisin – turas amháin go Carcair Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, áit ar cuireadh formhór de cheannairí an Éirí Amach chun báis, agus turas eile go Cnoc Tlachta i gContae na Mí, ráth ársa Gaelach.