Dúshlán polaiteora de bhunadh Chonamara do Donald Trump – ‘tar anseo agus breathnaigh ar ár gCathair Dhídine’

Tá Jack Connolly, arb as Conamara a mhuintir, ar Chomhairle Cathrach Somerville, comhairle nach bhfuil Donald Trump an-gheal uirthi

Dúshlán polaiteora de bhunadh Chonamara do Donald Trump – ‘tar anseo agus breathnaigh ar ár gCathair Dhídine’

Jack Connolly. Pictiúr: aldermanjackconnolly.com

Tá fothrach ar cheann thiar na trá ar an Meall Rua i Maínis i gCarna, lorg na haimsire ar na beanna agus an ghaoth ag baint macalla as na seanbhallaí cloiche.

Is fada ó bhí tine ar an teallach ann.  D’imigh chuile dhuine, a bhformhór ar deoraíocht.  Ba ansin a rugadh agus a tógadh mo mháthair mhór, Máire Mhicil Phádraig Mhóir – Máire Ní Chonghaile.

Ansin freisin a rugadh agus a tógadh athair mór Jack Connolly – b’in é Antoine Mhicil Phádraic Mhóir.  Col seisearacha Jack agus mé féin; ba dheirfiúr agus deartháir as an teachín sin ar an Meall Rua seanmháthair agus seanathair na beirte againn.

Tá Jack Connolly ina Chomhairleoir Cathrach i Somerville ar imeall thuaidh  Bhoston le scaitheamh maith blianta.  Níl Donald Trump an-gheal ar an gComhairle sin.

Bhíodar ar cheann de na chéad chathracha i Meiriceá a  bhí istigh sa gcóras ‘Cathracha Dídine’ no ‘Sanctuary Cities’.   Córas é seo faoina dtugtar faoiseamh éigin d’imirceoirí mí-dhleathacha.  Socraíonn an Chomhairle sna cathracha sin nár cheart go gcuirfeadh na póilíní ná na húdaráis eile, ceist ar dhaoine faoin stádas atá acu i Meiriceá – bídís ansin go dleathach nó go mídhleathach.  Sin ceann de na socruithe is tábhachtaí a bhaineann le cathair dhídine.   Thug Méara Somerville, Joseph Curatone dúshlán do Donald Trump an lá cheana, ‘tar anseo agus breathnaigh ar na buntáistí a bhaineann le stádas Cathair Dhidine’.

Tá Trump buartha faoin gcosaint seo atá ag imirceoirí mídhleathacha; tá samplaí tugtha aige a léiríonn an drochthoradh a bhíonn ar an gcóras seo, dar leis.

Dá mbeadh sé sa Teach Bán chuirfeadh Trump deireadh, a deir sé, le cúnamh airgid as Washington do chathracha dídine.

Bhí Jack Connolly ar dhuine acu siúd a d’ullmhaigh an cháipéis a bhain le tús a chur le stádas Chathair Dhídine i Somerville beagnach tríocha bliain ó shin.

Chuir mé glaoch air an lá cheana.

Labhraíonn Jack i gcónaí ar a mhuintir as Conamara agus ar an gcosán a bhí rompu nuair a shroicheadar na Stáit.  I Somerville a shocraigh a sheanathair, Antoine Mhicil Phádraig Mhóir as Maínis agus a sheanmháthair, Áine Nic an Iomaire as an gCaiseal síos.  Bhí an stair agus an scéal sin uilig greanta ina intinn nuair a chuaigh sé i bpáirtíocht lena chomhghleacaithe ag réiteach an mholadh do chathair dhídine i Somerville i 1987. B’in ocht mbliana tar éis don chéad chathair dhídine a bheith fógartha sna Stáit Aontaithe, Los Angeles.   Tá cúpla céad acu sa tír anois.

“B’fhacthas dom an uair sin – agus feictear dom fós – go bhfuil ciall leis an stádas seo,” a deir Jack Connolly.  “Is fearr go mór  go mbeadh daoine páirteach i sruth an tsaoil sa bpobal ná a bheith ar an gcúlsráid.  Ar ndóigh, is dual dúinne (Gael-Mheiriceánaigh)  go mbeadh muid tuisceanach do chás na ndaoine a thagann anseo ar thóir saol níos fearr i Meiriceá.  Sin é a rinne Antoine Ó Conghaile agus mo mhamó, Áine Nic an Iomaire.”

 

Ní bhíonn stádas reachtúil scaití ag aitheantas ‘Cathair Dhídine’.  Ina dhiaidh sin féin, nuair a bhíonn a leithéid de shocrú déanta ag comhairle cathrach a bhíonn tofa go daonlathach,  tugann na póilíní agus údaráis eile suntas dó.  Bítear ag súil nach gcuirfidh na húdaráis ceisteanna faoi stádas dleathach nó mídhleathach ar dhuine ar bith i gcathair dhídine, fiú má bhíonn siad á gceistiú faoi choir éigin eile.

Sin athrú mór.

“Sílim go bhfuil an saol níos suaimhní i Somerville de bharr an stádais seo,” a deir Jack Connolly liom.

“De réir na staitisticí, tá 41% de laghdú ar an gcoiriúlacht anseo ó shocraigh muid ar an stádas mar chathair dhídine i 1987.”

Daoine de shliocht na hÉireann agus na hIodáile is tréine a bhíodh i Somerville, ach tá an saol ag athrú agus tá lucht imirce go leor eile teannta isteach ann anois.  “Ba cheart go mbeadh fáilte rompu agus go mbeadh muid báúil leo,” a deir Jack Connolly.

Ar an taobh eile den scéal agus sa taobh eile de Mheiriceá, tharla eachtra thragóideach ar an 1 Iúil 2015 a tharraing droch-chlú ar phlean na gcathracha dídine.

Bhí bean 32 bliain d’aois, Kathryn Steinle, ag siúl ar ché i San Francisco nuair a maraíodh í le hurchar gunna.  Go gairid ina dhiaidh sin, gabhadh fear as Meicsiceo, Juan Francisco Lopez-Sanchez, agus cúisíodh é sa gcoir.  Fuarthas amach gur díbríodh as na Stáit Aontaithe cúig bhabhta roimhe sin é, ach go raibh a bhealach déanta ar ais arís aige.  De bharr gur cathair dhídine í San Francisco, ní raibh na póilíní ag cur aon cheist, gan údar maith, ar dhaoine faoina stádas cónaithe.

Thagair Donald Trump don eachtra nuair a  ghlac sé le hainmniúchán na bPoblachtánach agus é ag caitheamh anuas ar pholasaí na gcathracha dídine.

Tá Hillary Clinton tar éis a rá, cé nach raibh a cuid focal chomh láidir i dtosach an fheachtais, gur cheart go mbeadh lucht dlí ar a n-airdeall i gcásanna áirithe, beag beann ar an stádas dídine d’imirceoirí i gcathair ar bith.

“Ní féidir a bheith dall ar chruacheisteanna an tsaoil mhóir,” a deir Jack Connolly i Somerville.

“San am céanna, tá muid sásta tar éis deich mbliana fichead gur polasaí fiúntach é an dídean.  Ina dhiaidh sin féin, is as tíortha bochta atá formhór na n-imirceoirí ag teacht anseo ag lorg oibre – mar a tháinig Antoine Ó Conghaile as an Meall Rua”.